Machnamh – Feabhra 2007

An Cúigiú Domhnach Saor

Lean Siad é

Bhí Peadar tuirseach tar éis a bheith amuigh ag iascach i gcaitheamh na
h-oíche agus gan tada aige dá bharr.  Ní raibh fonn cainnte air le h-éinne. Bricfeasta maith agus néal codhlata a bhí uaidh anois.  Ach bhí na h-eangacha le níochán i dtosach. Ba ghearr gur chuala sé gleo agus chonaic sé an slua  ag déanamh air.
B’é Íosa, an máistir as Nasair a bhí ann, an fear a leigheas máthair a bhean chéile tamaillín roimhe sin.  D’imigh an t-olc agus an t-ocras de Pheadar láithreach. Shuigh Íosa isteach i mbád Pheadair  agus d’iarr sé air an bád a tharraingt amach beagán ón talamh.  Ansin thosaigh Íosa ag caint leis an slua agus h-éisteadh go h-aireach leis.
Nuair a bhí Íósa críochnaithe ag caint, dúirt sé le Peadar,”Tarraing amach san uisce domhain agus cuir amach na h-eangacha.”  Cé go raibh a fhios ag Peadar nach raibh aon mharú ar an iasc, chuir sé amach na h-eangacha.
Sar i fhad bhí siad lán le h-iasc.  Ghlaoigh Peadar ar Shéamas agu Eoin agus líon siad an dá bhád le h-iasc.

Níor bhuail an t-íontas Peadar i gceart go dtí go dtáinig sé i dtír.  Is ansin a tháinig na ceisteanna chuige, “An ag brionglóidí a bhí mé?  Cé h-é an fear seo?  Cé h-é mise?
B’fhacthas do Pheadar gur peacach lag suarach a bhí ann féin agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag cosa Íosa.  Ansin d’airigh sé lámh Íosa ar a ghualainn.  “Ná bíodh faitíos ort,” a deir Íosa leis, “As seo amach is daoine a bheas á ngabháil agat agus ní iasc.”

Bhí Peadar, Séamas agus Eoin athraithe go brách.  Díreach ina dhiaidh sin, tharraing siad na báid aníos ar an trá.  D’fhág siad chuile rud agus lean siad Íosa.
Ó shin i leith, tá daoine ag glacadh leis an ngairm sin ó Íosa ar bhealaigh éagsúla.  Sa bparóiste, glactar leis an ngairm trí bheith críostúil i chuile ghné dár saol sa mbaile, ag an obair agus trí bheith gníomhach i gcúrsaí na h-Eaglaise agus i bhforbairt an phobail. Tá Críostaithe a bhíonn dáiríre faoi ghairm Íosa ag teastáil inniu níos géire ná riamh roimhe seo

Éistimís go h-aireach le Íosa agus
ná bíodh faitíos orainn é a leanacht
fiú má iarrann sé orainn
tarraingt amach san uisce domhain.

************************

An Séú Domhnach Saor

Tá Críost Aiséirithe ó Mhairbh

Sa dara léacht in Aifreann an lae inniu, deir N. Pól:
“Más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe ó mhairbh, ní fiú tada bhur gcreideamh.”
Cén fáth go go gcuireann Pól an oiread sin béime ar an aiséirí?. Mar is é bunchloch ár gcreidimh é.
Ciallaíonn an t-aiséirí go bhfuair an fear neamh-ghnách seo ar a dtugtaí Íosa as Nasair, a chéasadh agus a adhlacadh, an ceann is fearr ar an mbás. Tháinig sé tríd slán sábháilte le beatha nua. Bhuaigh sé glan ar an mbás.
Ní eachtra stairiúil amháin, a tharla beagnach dhá mhíle bliain ó shoin, atá san aiséirí..  Tá sé fós ag tarló.
De ghnáth, nuair a bhíonn muid ag caint faoin aiséirí, labhraíonn muid san aimsir láithreach.  Deireann muid “Tá Críost aiséirithe ó mhairbh.”,
“ Tá Mac na hÓighe slán.”  Creideann muid go bhfuil Críost, aiséirithe ó mhairbh, i láthair áit ar bith a mbíonn beirt nó triúr bailithe le chéile ina ainm. Creideann muid go bhfuil sé i láthair ina Bhriathar sa Scrioptúr, san Aifreann, sa gComaoineach.  Tá sé inár measc mar Shlánaitheoir agus mar Thiarna.
Baineann an t-aiséirí linn go léir . Má chreideann muid in Íosa, is baill dá chomhlucht muid . Thug Íosa gheallúint dúinn gombeadh muid páirteach leis nuair a dúirt sé le Marta:
Mise an t-aiséirí agus an bheatha.
An té a chreideann ionamsa, fiú má fháigheann sé bás, mairfidh sé
agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa
ní bhfaighidh sé bás choíche.”

Rud rúndiamharach é an bás nach dtuigeann muid. An t-aon rud amháin atá ar eolas againn go cinne faoi ná go gcaithfidh chuile dhuine againn bás a fháil, luath nó mall. Bhí aithne againn go léir ar dhaoine a bhásaigh óg. Ní dhéanann an bás idirdhealú idir óg agus sean. Tugann ár gcreideamh le fios dúinn go mbeidh muid i gcomhluadar Dé tar éis ár mbás, nuair a “ghlanfaidh Dia gach deor ónár súile agus ní bheidh an bás ann feasta.”.
Idir  an da linn, tugann Íosa dúshlán dúinn. Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh le go mbeidh ceart agus cóir ar fáil do chuile dhuine ar an saol seo. Níl sé ceart go mbeadh muid inár dtost ná díomhaoin, fhad is atá bochtanas, éagóir, na ocras i réim in áit ar bith sa domhan. Ba cheart go mbeadh muid ag féachaint chuig an t-ocras, an fhulaingt agus an t-anró a laghdú le go mbeidh sé soiléir go bhfuil ré nua tagtha.

************************

An Seachtú Domhnach Saor – An Riail Órga

I bhfad roimh theacht Íosa ar talamh, bhí an riail sin ag na Giúdaigh.
B’í ceann de na rialacha ba thábhachtaí a bhí acu.  An “Riail Órga” a thugaidís air. Tá Íosa ag súil le caighdeán i bhfad níos airde ná sin óna lucht leanúna. Deir sé linn:
“Bíodh grá agaibh do bhur náimhde.
An té a bhuaileann ar an leiceann thú,
tabhair an leiceann eile dó chomh maith.
Déanaigí maith agus tugaigí gan súil le tada arais.”

Nuair a smaoinítear air, nach bhfuil sé i bhfad níos ciallmhaire glacadh le comhairle Íosa ná am agus fuinneamh a chur amú le sean namhaideachas agus pleanáil díoltais.  Is minic a leantar den sean díoltas céanna ó ghlúin go glúin gan tada dá bharr sa deireadh ach tuilleadh bróin, clampair agus ‘droch-fhuil’.Ní bhíonn sonas ná suaimhneas le fáil as.
Molann Íosa dúinn maiteanas a thabhairt agus tús na breithe a fhágáil ag Dia.
Níl sé sin éasca a dhéanamh. Cuireann sé caighdean an-ard romhainn.

Tá Íosa ag súil go mbeidh muid grámhar mar atá an tAthair ar neamh. Sin é an aidhm atá curtha aige romhainn.  Ag an am céanna tuigeann sé cé chomh deacair is atá sé orainn a chomhairle a ghlacadh agus tá sé i gcónaí réidh le tacaíocht a thabhairt dúinn. Thug sé dea-shompla dúinn ina bheatha fhéin. Bhí grá faoi leith aige dóibh siúd a bhí lag, na h-easláin, na peacaí, na stáinséirí agus daoine eile nach raibh mórán measa orthu lena linn.
Fiú ar Chrann na Croise, mhaith sé a gcoir do lucht a dhaortha.   Dúirt sé,
“A Athair maith dóibh é, mar ní thuigeann siad céard atá á dhéanamh acu”

Inniu, tá Íosa ag iarraidh orainn
é a leanacht ar aistir an mhaiteanais.
Beidh sé in éineacht linn lena ghrásta
chuile choiscéim den bhealach.
Tabharfaidh sé cúnamh dúinn
an grá a chur in áit an fhuatha,
an maiteanas in áit an díoltais agus
an fhlaithiúlacht in áit na sainnte.

**************************

An Chéad Domhnach den Charghas – 25ú Feabhra 2007

An Carghas

Ag tús an Charghais, cuirtear i gcuimhne dhúinn breathnú ar ár saol, féachaint an bhfuil muid dáiríre faoi Íosa Críost a leanacht.
Sa mBaisteadh, rinne ár gcaras Críost geallúintí ar ár son go ndiúltódh muid do chathú an diabhail, go gcreidfeadh muid in Íosa Críost agus go leanfadh muid é.  I rith an Charghais, ní mór dúinn an cheist a chur orainn féin, “An bhfuil geallúintí ár mBaiste á gcomhlíonadh agam?”

Sular chuir Íosa tús lena shaol poiblí, chaith sé dhá fhichead lá san bhfiántas. Sa gciúnas , bhí deis aige éisteacht le briathar Dé agus toil a Athar maidir lena shaol fhéin a aimsiú.  Ní raibh an diabhal díomhaoin i rith an ama sin ach an oiread. D’fhéach sé le cathú a chur ar Íosa le nach gcomhlíonfadh sé toil a Athar.  Níor éirigh leis san seift sin.  Chuir Íosa a mhuinín i nDia amháin agus roghnaigh sé bealach na h-úirísleachta agus na fulaingthe chun an dea-scéal a fhógairt.

Má bhí sé de dhánaíocht ag an diabhal cathú a chur ar Mhac Dé, bí cinnte nach mbíonn sé díomhaoin nuair a bhíonn muide ag iarraidh diúltiú don olc agus aithrí a dhéanamh.  Fuair Íosa an ceann is fearr ar an diabhal san bhfásach agus is féidir linn a bheith cinnte nach gclisfidh Íosa orainne in am an chathuithe, ach ár muinín a chur as.
Chuile lá, bíonn ar an gCríostaí rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an
t-olc. I rith an Charghais, déanann muid an rogha sin a dhaingniú trí dhea-oibreacha a chleachtadh agus trínár n-ainmhianta a smachtú. Moltar dúinn a bheith níos dílse don phaidreoracht, troscadh a dhéanamh agus déirce a thabhairt.
Léiríonn an troscadh go bhfuil muid dáiríre faoi dhiúltú don diabhal agus gur mian linn Críost a leanacht. Sa tsean-am, bhíodh sé de dhualgas ar Caitlicigh staonadh ón fheoil chuile Dé hAoine. Nuair nach bhfuil an riail sin ann níos mó, tá contúirt ann go n-éireoidh muid faillíoch faoin ngá atá leis an féin-smacht a chleachtadh. Baineann féin-smacht leis an méid ama a chaitheann muid os chomhair na teilifíse, nó sa bpub, leis an méid airgid a chaitheann muid ar an lotto, ar an ól nó ar thoitíní, leis an gcaoi a gcoinníonn muid rialacha an bhóthair.
Cabhróidh an phaidreoracht linn ár meoin a dhíriú ar aitheanta Dé agus ar an ngá atá againn lena ghrásta. Trí bheith flaithiúil leis na bochta, déanann muid iarracht ár nósann sanntacha a bhriseadh agus cúiteamh a dhéanamh as an dochar atá déanta againn lenár bpeacaí.
Bainimís úsáid as an mbosca Trócaire leis an fhlaithiúlacht sin a chleachtadh.

********************

Comments are closed.