Machnamh – Samhain 2006

31ú Domhnach Saor – 5ú Samhain, 2006

Gráigh an Tiarna, do Dhia, ó do Chroí

“Céard é an chéad aithne de na h-aitheanta go léir?” B’shin í an cheist a chuir duine de na scríobhaithe, fear a bhí foghlamtha sa dlí, ar Íosa lá amháin
“Seo í an chéad cheann,” a d’fhreagair Íosa, “Gráóidh tú an Tiarna Dia ó do chroí go h-iomlán agus ó d’aigne go h-iomlán agus ó do neart go h-iomlán. Seo í an dara ceann. Gráóidh tú do chomharsa mar tú féin. Níl aithne níos mó ná iadsan.”

Ba léir d’Íosa gur thuig an fear a chuir an cheist go raibh an ceart ag Íosa, gur tábhachtaí i bhfad grá do Dhia agus don chomharsa ná na h-íobairtí dóite agus na h-ofrálacha ar a gcuireadh na Giúdaigh an bhéim.
“Ní fada thú ó Ríocht Dé”, arsa Íosa leis. Mar an gcéanna, is féidir a rá le pobal ar bith atá ag déanamh a ndíchill an dá aithne sin a choinneáil,
 “Ní fada sibh ó Ríocht Dé.” Céard faoi’n bpobal seo againne? Is cuma cé méid rialacha a chomhlíonann muid nó cé méid paidreacha a abraíonn muid, ní bhíonn toil Dé á dhéanamh againn muna mbíonn grá againn do Dhia agus don chomharsa.

“Má roinnim amach mo mhaoin saolta go léir,” a deir Naomh Pól, “Agus má thugaim mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam,
ní h-aon tairbhe dhom é.”

Sa litir a scríobh Naomh Pól do mhuintir Chorinth, deir sé,
“Bíonn an grá foighdeach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air;
ní dhéanann sé maoimh ná mórtas; ní bhíonn sé mí-mhúinte ná leithleasach; ní h-áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d’fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán de fhoighid.”

Tá trí neithe atá buan, creideamh, dóchas agus grá, ach is é an grá
an ceann is mó orthusan. Tríd an mBaisteadh bronntar
na trí suáilcí sin orainn.  Cuirtear ar ár gcumas siúl i mbeatha úr nua
Íosa Críost.
Faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí chumhacht an Athar, má mhaireann muid de réir aithne an ghrá, tógfar muide freisin isteach in ‘Iothlainn Dé’ san áit a mhairfeas an grá go brách na breithe.

**************************

An 32ú Domhnach Saor – 12ú Samhain, 2006

An Bheirt Bhaintreach

Sa gcéad léacht agus i soiscéal Aifreann an lae inniu, tá cur síos ar bheirt bhaintreach. Níl a fhios againn ainmneacha na mbaintreach sin ach cuirtear i iúl dúinn go raibh an bheirt acu fial flaithiúil.

Mhair an bhean sa gcéad léacht in aimsir an fháidh Éilias.  Bhí sí fíor-bhocht. Bhí gorta sa tír agus ní raibh fágtha sa teach aici ach glaic mine agus braoinín beag ola. Shocraigh sí go ndéanfadh sí béile dí fhéin agus dá mac sula bhfáighidís beirt bás leis an ocras.
Chuaigh sí amach ag bailiú brosna le cáca a dhéanamh. Ar an mbealach casadh Éilias uirthi agus d’iarr sé beagán le n-ithe uirthi. Gheall sé dí nach mbeadh an mhin idíthe ná an crúiscín ola folamh go mbeadh an gorta thart. Chuir an bhaintreach a muinín i nDia. Rinne sí toirtín aráin d’Éilias agus bhí dóthain le n-ithe aici féin agus ag a mac go dtí go dtáinig an bháisteach  agus gur thosaigh an fás arís.

I Iarúsaileim, taobh amuigh den Teampall, in aimsir Íosa a castar an dara baintreach orainn.  Bhí sé de nós ag daoine airgead a chur isteach sa mbosca ar an mbealach isteach sa Teampall. Chuireadh daoine saibhre go leor airgid isteach ann agus dhéanaidís cinnte go bhfaca chuile dhuine iad.. An lá seo, tháinig baintreach bhocht agus chuir sí dhá leathphingin sa mbosca. Ní raibh aici ach an méid sin.

Thug Íosa faoi deara í agus dúirt sé leis na deisceabail, “Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach sa mbosca ná mar a thug aon duine eile uaidh. Chaith sise isteach a raibh aici.”
I súile Dé , is tábhachtaí go mór an spiorad i gcroí an duine ná an méid atá aige le tabhairt uaidh.  Tá grá ag Dia don té a chuireann a mhuinín ann agus a thugann uaidh go croíúil dá bhfuil aige.

Sa tír seo, tá moladh tuillte againn de bharr an méid a chuireann muid chuile bhliain chuig eagrachtaí cathrannacha a chabhraíonn leis na bochtáin sa ‘tríú domhan’ agus fiú níos giorra don bhaile. Ach tá amhras anois ann nach bhfuil spiorad na cathrannrachta chomh láidir inár measc is a bhíodh. An bhfuil muid ag éirí beagáinín ró-shanntach, ag iarraidh chuile chompórd dúinn féin agus muid beag beann ar dhaoine nach bhfuil chomh maith sin as?
A Dhia ár nAthair, atá go fial flaithiúil linne, cuidigh linn a choinneáil i gcuimhne nach bhfuil tada againn nach bhfuair muid uaitse agus gur fearrde an mhaitheas í a roinnt.

***********************

33ú Domhnach Saor – 19ú Samhain

Bíodh Misneach Againn

Ar feadh blianta fada tar éis bunú na hEaglaise, bhí na Críostaithe go mór faoi bhrú. Caitheadh go leor acu isteach i bpríosún nó cuireadh chun báis iad. Bhí roinnt de na Críostaithe ag éirí éadóchasach de bharr an anró agus an cruatain a bhí á fhulaingt acu. Nuair a bhí Naomh Marcus ag scríobh an tsoiscéil, bhí sé mar aidhm aige misneach a spreagadh san dream sin.
I soiscéal Aifreann an lae inniu, cuireann Naomh Marcus i gcuimhne dá lucht éisteachta go dtiocfaidh Íosa Críost faoi ghlóir lá deireadh an tsaoil agus go nglaofaidh sé ar a lucht leanúna ó na ceithre h-arda.  Ansin, beidh deireadh le caoineadh agus le deora.  Beidh an bua fáighte ag Íosa Críost ar an olc agus ar an mbás agus ní fhéadfar an bua sin a bhaint dhe.  Eisean solas an tsaoil a scaipfidh dorchadas an oilc agus an bháis go brách na breithe.
Teastaíonn an teachtaireacht sin uainne freisin sa lá atá inniu ann. Bíonn misneach ag teastáil go géar uainn nuair a fheictear dúinn go bhfuil an
t-olc chomh foirleathan sin agus cosúlacht ann go bhfuil sé ag fáil an ceann is fearr ar an mhaith.  Ní thagann tuiscint ar bhealaí Dé go h-éasca.  Is trí fhulaingt na páise a tháinig Íosa go dtí an aiséirí. Tógann sé am orainne a aithint nach féidir linne a bheith páirteach ina aiséirí muna dtéann muid freisin trí fhulaingt agus anró an tsaoil seo.

An tráth seo den bhliain, bíonn an bás le feiceáil ar gach taobh dínn sa dúlra.  Tá na duilleoga tithe óna crainnte ach, má bhreathnaíonn muid go grinn ar na géaga, feicfidh muid na bachlóga nua ag teacht cheanna féin. San Earrach, sceithfidh na bachlóga nua agus beidh duilleoga úr nua le feiceáil. Is údar dóchais dúinn cuimhniú go dtiocfaidh borradh an Earraigh tar éis cruatan an Gheimhridh.

Níl a fhios ag éinne cén uair a thiocfaidh Dia le chuile rud a thabhairt chun críche agus a gheallúintí a chomhlíonadh go h-iomlán. Idir an dá linn, creideann muid go bhfuil Dia i gceannas ar neamh agus ar talamh, ar an gcruthaíocht go léir. Ach tá sé ag súil go mbeadh muide páirteach leis ag cur beatha níos fearr ar fáil do chuile dhuine, fiú ar an saol seo. Iarrann sé orainn comhoibriú leis chun an ceart agus an chóir a chothú ar talamh. Obair mhór a bhéas ann ach bíodh misneach againn. Má tá Dia linn ní bheidh rud ar bith ata fónta dodhéanta.

*******************************

Íosa Críost – Rí na nUile – 26ú Samhain

Íosa Críost, Rí na n-Uile

I bPálás an Ghobharnóra in Iarúsailéim, bhí beirt fhear os comhair a chéile. Bhí duine acu ina shuí i gcathaoir mhór mhaorga, é gléasta  in éadaigh galánta, saighdiúirí á ghardáil – fear cumhacht. Rómhánach a
b’ea é. Píolait a b’ainm dó. Bhí an fear eile ina sheasamh, é gléasta in éadaigh simplí agus a lámha ceangailte le rópaí. Íosa a b’ainm dósan.

“An tusa Rí na n-Iúdach?” a d’fhiafraigh Píoláit de.
“Ní den saol seo mo ríocht,” a d’fhreagair Íosa.” dá mba den saol seo mo ríocht , ní i mo sheasamh anseo mar phríosúnach a bheadh mé.”  Bhí Íosa ag iarraidh a thabhairt le fios do Phíoláit nár ghá dó a bheith imníoch, nach raibh arm saighdiáirí á dtraenáil sna cnoic aige.

Nuair a smaoiníonn muid ar Íosa mar rí, níl muid á shamhailt mar rí saolta, ina thíoránach gan suim aige i nghnáth-shaol na ndaoine.
“Is é an fáth ar rugadh mé agus ar tháinig mé ar an saol seo,” a deir Íosa, “ná le fianaise a thabhairt ar an bhfírinne” Sí an fhírinne a bhí Íosa ag léiriú ná go bhfuil grá gan teorainn ag Dia dúinn.

In aimsir Dháithí, b’í an chiall a bhí le rí i measc na n-Iúdach ná tréadaí. Bhí Dáithí ag fosaíocht caorach nuair a toghadh ina rí é. Bhítheas ag súil nuair a bheadh sé ina rí go dtabharfadh sé aire dá mhuintir agus go mbeadh sé i gcónaí  ag obair ar a son. Léirigh  Íosa an míniú a bhí aige le rí, nuair a chuaigh sé ar a ghlúine ag níochan cosa na n-aspal ag an Suipéar Deireanach.

Níl cathaoir ríoga ag Íosa ná corónn órga. Rialaíonn sé óna chrois chéasta, áit ar chruthaigh sé méid an ghrá atá ag Dia dúinn. Éisteann sé le athainíocha agus cúramaí a phobail. Éisteann sé leo siúd atá faoi ualach bróin nó tinnis, leis an aos óg, leis na sean-daoine, le peacaigh. Má chreideann muid ann, cuireann sé ar ár gcumas a bheith saor ó shlabhraí na mbréag, ón gcur i gcéill agus ón sainnt. Ní bheidh gá againn, níos mó, a bheith faiteach, nó bréagach, nó mí-chneasta, nó éagóireach.

Meabhraíonn Naomh Eoin dúinn gur
“Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin
gur thug sé a Aonghin Mhic uaidh
sa gcaoi, gach duine a chreideann ann
nach gcaillfí é
ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.”

*************************

Comments are closed.