Machnamh – Meitheamh 2006

Domhnach Cincíse4ú Meitheamh, 2006

Ag an Suipéar Deireannach, gheall Íosa do na h-aspail go gcuirfeadh sé chuchu an Comhairleoir, an té a chuirfeadh i gcuimhne dóibh chuile rud a bhí sé féin ag iarraidh a mhúineadh dóibh.

Tar éis bás Íosa, theastaigh sólás agus misneach go géar ó na h-aspail.
Ní shúilfidís thart go h-oscailte i Iarúsailéim ar fhaitíos go gcuirfí chun báis iad. Bhí díomá agus brón orthu mar nár bhain Íosa an bua amach mar a bhí súil acu leis.
Ba mhór an t-athrú a tháinig orthu, Domhnach Cincíse, tar éis teacht an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad amach ar na sráideanna ag labhairt go poiblí faoi Íosa Críost a cuireadh chun báis agus a d’aiséirigh ó mhairbh. Ba bheag beann a bhí acu dul ar fud na hIosraéile, go tíortha eile san
Meán Oirthear agus fiú go cathair na Róimhe féin ag fógairt dea-scéal Íosa.  Fuair a bhformhór bás mar gheall ar a gcreidimh in Íosa Críost.

Sa lá atá inniu ann, teastaíonn misneach uainne, Críostaithe, le dul ar aghaidh go muiníneach ag fógairt an dea-scéil. B’fhéidir go dtagann
lag-mhisneach orainn, amanntaí, nuair a fheictear dúinn go bhfuil an t-olc ag fáil an lámh in uachtar sa saol. Ní chuidíonn na scanaill san Eaglais,
a foillsíodh le roinnt blianta anuas, lenár muinín a chothú. Cuireann na scanaill sin brón agus náire orainn go léir. Sin é an fáth go dteastaíonn cúnamh an Spioraid Naoimh uainn anois níos mó ná riamh. Creideann muid go bhfuil an Spiorad céanna inár measc inniu agus é chomh bríomhar céanna is a bhí sé an chéad Domhnach Cincíse.

Tagann sé chuig chuile dhuine againn sa mBaisteadh agus sa gComhneartú. Fanann sé linn i gcónaí agus bronnann sé orainn a bhronntanaisí, más mian linn glacadh leo. Treoróidh sé ar bhealach na Saoirse agus na Fírinne muid.

Siad na buanna a thugann an Spiorad Naomh dúinn ná grá, lúcháir, síocháin, foighid, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measaracht. Má ghlacann muid leo, fógrófar dea-scéal Íosa Críost inár ngnáth-shaol agus creidfidh an domhan go bhfuil Íosa beo.

“Tar chugainn, a Naoimh Spioraid
Fadaigh ionainn lasar do ghrá.”

*******************************

Féile na Tríonóide11ú Meitheamh, 2006

Ag an Suipéar Deireannach, dúirt Pilip le h-Íosa, “Taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn é sin.”  D’fhreagair Íosa, “An té a a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.” Ní fheiceann muide Íosa mar a chonaic na
h-aspail é, ach, cuireann muid aithne air tré machtnamh a dhéanamh ar a bhriathra agus a ghníomhartha sa soiscéal. Nuair a chuireann muid aithne ar Íosa, cuireann muid aithne ar an Athair.
Sé an Spiorad Naomh an grá atá ag an Athair agus an Mac dá chéile.
Sé an rud is tábhachtaí a dúradh riamh faoi Dhia ná an ráiteas a dúirt Naomh Eoin, “Sé Dia an Grá.”

Ní féidir a rá go fírinneach go bhfuil creideamh againn muna bhfuil grá againn dá chéile.  Nuair atá grá againn dá chéile, tá eolas againn ar Dhia. Más feidir linn a rá go fírinneach go ngráíonn muid ár gcomharsan mar muid féin, tá eolas againn ar Dhia agus tá creideamh againn.

Sa mBaisteadh cuireadh fáilte romhainn isteach i gclann Dé. Dá bharr sin, bíonn trí phearsa na Tríonóide sa mbaile i gcónaí le h-éisteacht linn,
nuair a theastaíonn aire nó cúnamh uainn.  Le muid féin a chur faoin a gcoimirce, níl le déanamh againn ach muid féin a choisreacan,
“In ainm an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh.” Ní mór dúinn smaoineamh go minic ar an bpribhléid atá bronnta orainn de bharr  ár ngaol leis an Tríonóid Rónaofa. Is ábhar dóchais agus sóláis dúinn é faoi shó agus faoi anshó.

Bhí an-ómós don Tríonóid Rónaofa an-láidir i gcónaí in Éirinn ó aimsir Naomh Pádraig i leith. Ag cur tús le aistear deirtear:
In ainm an Athar le bua,
In ainm an Mhic a d’fhulaing an phian,
In ainm an Spioraid Naoimh le neart,
Muire is a Mac bíodh linn inár dtriall.

Chreid ár sinsir go daingean go mbíonn an Tríonóid Rónaofa gar dúinn
i gcónaí. Seo paidir a deiridís go minic:

Athair, Mac is Spiorad Naomh,
bíodh an Triúr-in-Aon linn lá is oíche.
Ar chúl na dtonn nó ar thaobh na mbeann
bíodh ár Máthair linn ‘s a lámh um ár gceann.

*******************

Féile Chorp Chríost18 Meitheamh, 2006

“Fan in éindí linn, a Thiarna”. B’iadsan na focail a labhair an bheirt dheisceabal, ar an mbóthar go Emmaus, leis an ‘stráinséar’ a bhí tar éis siúl in éindí leo ar an mbealach. Bhí sé tar éis a gcroíthe a bhogadh tríd an méid a bhí raite sa Scrioptúr faoin Slánaitheoir a mhíniú dóibh.
Nuair a bhí siad suite chun boird, ar bhriseadh an aráin dó, thuig siad gurb é Íosa a bhí ann.

Smaoinigh siad ar an mbéile a bhí ann roinnt laetheanta roimhe sin, nuair a thóg Íosa arán agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh agus dúirt, ‘Tógaigí;  is é seo mo chorp.’ Agus thóg sé an cupán agus ag glacadh buíochais dó, thug dóibh é agus d’óladar go léir as. Thuig siad ansin go raibh Íosa éirithe ó mhairbh, nach in aisce a bhásaigh sé, ach gur dóirteadh a chuid fola lena slanú.

Tá deis againne Íosa a aithneachtáil i chuile Aifreann, nuair a bhíonn muid aontaithe leis san íobairt a rinne sé ar son chuile dhuine againn ar an gCrois. Sé ceiliúradh an Aifrinn croí lár an Domhnaigh, lá an Tiarna.
Ach ní leor freastal ar an Aifreann muna mbíonn muid ag iarraidh grásta na h-Eocairiste a chur i bhfeidhm i rith na seachtaine. Má chleachtann muid grá  agus carthannacht don chomharsan, tugann muid cead do ghrásta na Eocairiste feidhmniú inár saol.

Tá sampla an-mhaith againn i Muire Mháthair Dé a d’fhreagair ,
“Go ndéantar liom de réir d’fhocail,” nuair a thug an t-aingeal an teachtaireacht dí. D’fhan sí dílis do thoil Dé in ainneoin na ndeachrachtaí a casadh ina bealach i rith a saoil. Caithfidh gur thuig sí brí an Aifrinn níos fearr ná éinne eile.  Cabhróidh sí linn a chreidiúint go bhfuil a mac, Íosa,
i láthair faoi ghné aráin agus fíona san Eocairist, ach cúnamh a iarraidh uirthi.

A Íosa Críost, sa Sacraimint Rónaofa, tagann tú chugainn,
mar arán na beatha dár gcothú,
mar chara le bheith in éineacht linn,
mar sholas dár dtreorú,
mar neart in aghaidh an chathaithe
mar fhuinneamh dár spreagadh
le do ghrá a roinnt ar chuile dhuine a castar orainn.
Moladh agus móradh agus glóir go deo duit, a Íosa,
sa Sacraimint Rónaofa. Ámén.

*************************

25ú Meitheamh – An Dara Domhnach Déag Saor

Nach bhfuil Creideamh agaibh?

I soiscéal Aifreann an lae inniu, déanann Naomh Marcas cur síos ar ghála mór gaoithe a d’éirigh ar Loch Gailile, lá dá raibh Íosa agus na h-aspail amuigh sa mbád. Bhí na h-aspail chomh scanraithe sin gur dhúisigh siad Íosa ag rá,
“A Mháistir, an ea gur cuma leatsa go bhfuil muid i mbaol bháis?”
Arna dhúiseacht dhó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt sé leis an bhfarraige, “Éist anois, bí socair!” Lag an ghaoth agus chúinigh an fharraige. Ansin, dúirt Íosa leis na h-aspail, “Cén fáth go bhfuil sibh chomh scanraithe sin? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?
Tháinig faitíos orthu agus bhí siad ag rá eatarthu féin, “Cé hé an duine seo go ndéanann an ghaoth agus an fharraige rud air?”
Tar éis an Deasgabhála, nuair a bhí Íosa imithe as amharc, ní raibh an saol chomh h-éasca sin ag na céad Críostaithe. Bhí cuid de na Giúdaigh ag tabhairt  droch-íde dóibh mar go raibh siad ag cur fáilte roimh stráinséirí, daoine nach raibh nósanna na nGiúdach acu.  Cé nach raibh Íosa le feiceáil go soiléir acu níos mó, bhí orthu streacailt go foighdeach le deacrachtaí an tsaoil go dtí go dtiocfadh sé arís. Timpeall an ama sin a bhí N. Marcas ag scríobh an tsoiscéil seo. Theastaigh misneach agus cúnamh ó na Críostaithe leanacht ar aghaidh ag creidiúint go raibh an Tiarna gar dóibh cé nach raibh sé le feiceáil.
Sé an scéal céanna againne é, bíonn sé éasca a chreidiúint go bhfuil Dia linn, nuair a bhíonn ag éiri go maith linn sa saol. A mhalairt ar fad de scéal é nuair a bhuaileann tinneas nó timpist nó mí-ádh muid.  Ansin samhlaítear dúinn go bhfuil Dia i bhfad uainn. Sin é an t-am is mó a theastaíonn creideamh  agus dóchas uainn.
Ní hé an gála taobh amuigh is measa, ach an gála inár n-intinn féin. Amantaí bíonn muid i mbaol ár mbáite ag gála na feirge, an díoltais, an éada nó na mífhoighde. Amanntaí eile sí gaoth an imní, an fhaitíosa nó an mhíshuaimhnis a bhíonn ag séideadh.
Díreach mar a bhí cumhacht ag Íosa ar an ngaoth, an oíche úd ar an loch, tá a chumhacht ann i gcónaí. Má ghlaonn muid air in am an ghála, tiocfaidh sé i gcabhair orainn ar bhealach éicint, ach ár muinín a chur ann. De réir a chéile osclóidh sé ár suile le go bhfeicfidh muid a chumhacht ag oibriú go ciúin réidh inár saol, go minic trí dhaoine eile.
Guímis go mbeidh muid in ann a rá le creideamh agus le dóchas:
“Rachaidh mé i mo luí faoi shuaimhneas;
déanfaidh mé codhladh go sámh,
Óir is tú amháin, a Thiarna,
a choimeádann ó bhaol mé.”

******************************************

Comments are closed.