Machnamh – Aibrean, 2006

Mí Aibreáin – 2006

An Cúigiú Domhnach den Charghas

2ú Aibréain, 2006

An Síol Arbhair

Is beag le rá gráinne síol arbhair ach
is é a roghnaigh Íosa le brí a bheatha
féin a léiriú dúinn. Dúirt sé:
“An gráinne arbhair a thit ar an dtalamh
mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis
féin amháin. Ach, má fhaigheann sé bás,
tugann sé toradh uaidh.”

Faoin am a raibh an ráiteas sin á rá ag Íosa,
bhí sé ar an mbealach suas go Iarúsailéim
le h-aghaidh Féile na Cásca.
Bhí a fhios aige go raibh na h-údaráisí
sa gcathair sin ar a thóir ag iarraidh é a dhaoradh chun báis.
Bhí faitios air roimh an mbás ach thuig sé ag an am céanna go gcaithfeadh sé coinneáil air ag déanamh toil a Athar.  Chreid sé go gcaithfeadh an gráinne arbhair titim sa talamh le go dtiocfadh toradh mór uaidh agus bhí sé ag súil go leathnódh tionchur a bháis go críocha na cruinne agus ó aois go h-aois. Chuir sé a mhuinín ina Athair len é a thabhairt slán
“Má ardaítear mise ón talamh,” a dúirt sé,
“tarraingeoidh mé chuile dhuine chugam féin.”

I nGáirdín Gethsemane, nuair a bhí Íosa go mór faoi bhrú ag an olc, choinnigh sé air leis an obair a thug a Athair dhó le déanamh. Ná cailleadh muide misneach mar sin nuair a cheapann muid go bhfuil an t-olc ag fáil an lámh in uachtair. Geallann Íosa go mbeidh toradh lenár n-iarrachtaí agus nach ngabhfadh siad amú. Má leanann muid bealach Íosa, cuirfear ár mbeatha le beatha Íosa agus beidh toradh mór uaidh. Mairfidh an grá, an cineáltas, an dílseacht agus na neithe fiúntacha eile inár saol ar feadh na síoraíochta.

Ní h-iad na daoine is mó le rá a dhéanann an obair is fiúntaí sa saol seo i gcónaí. Is cuimhin linn go léir daoine ónár gcomharsanacht féin a chaith a saol ar son daoine eile. Rinne a ndea-ghníomhartha difríocht mhór i saol na ndaoine thart orthu. B’fhearrde an domhan gur mhair siad ann.

A Thiarna, cuidigh linn ár saol a chaitheamh ag taispeáint do ghrá ar talamh, sa lá atá inniu ann. Deonaigh ar uair ár mbáis, le cabhair do ghrásta, go mbeidh toradh mór ar ár ngráinne arbhair. Amen.

****************************************

Domhnach an Iúir – 9ú Aibreáin, 2006

Inniu Domhnach an Iúir.  Tá muid ag cur tús leis an tSeachtain Mhór,
an tseachtain is tábhachtaí sa mbliain don Chríostaí.

Ag beannacht an Iúir, cuimhníonn muid ar an lá
ar tháinig Íosa Críost isteach go cathair Iarúsailéim
ag marcaíocht ar asal. Bhí na Giúdaigh ag súil le fada
go dtiocfadh  ceannaire a shábhálfadh iad ó smacht na Rómhánach.
D’fháiltigh siad roimh Íosa mar Mhac Dháiví, Rí.

Nuair a bhíodh náisiún curtha faoi smacht acu, ní ar asal a thagadh ríthe an domhain seo ach ar chapall maorga. Ba chomhartha an t-asal gur rí as an ngnáth é Íosa. Ní le daoine a chur faoi chois a tháinig sé, ach le iad a shaoradh.

Is ar Chrann na Croise, Aoine an Chéasta, a thuill Íosa an teideal rí.
Trína bhás, thaispeáin sé go bhfuil grá gan teorainn aige do chuile dhuine againn. Níl cruthúnas níos fearr ar an ngrá ná bás a fháil ar son duine eile. Trí chréachta Íosa Críost a cuireadh cneasú ar fáil do chuile dhuine againn.

Siad an Ceart, an Grá agus an tSíocháin bun-chlocha Ríocht Íosa Críost.
I gcroí an duine a cothaítear na buanna sin agus i gcroí an duine a bhíonn ríocht Íosa i réim. Ní bhíonn muid dáiríre faoi bheith dílis d’Íosa, Mac Dhaiví, Rí.go dtí go ndéanann muid ár ndícheall an Ceart, an Grá agus
an tSíocháin a chleachtadh inár mbaile agus inár gceantar.

A Dhia, ár nAthair, glacann muid buíochas leat as an ngrá a thaispeáin tú dúinn tré do Mhac Íosa Críost a chur chugainn mar Shlánaitheoir.
Is mian linn a bheith dílis dá threoir, ach tá a fhios againn nach féidir linn an Ceart, an Grá agus an tSíocháin a chleachtadh inár saol gan chúnamh do ghrásta. Iarrann muid an cúnamh sin ort.

Deonaigh go mb’fhiú muid páis agus bás Íosa a cheiliúradh i rith na Seachtaine Móire seo agus go mbeidh muid rannpháirteach leis
ina Aiséirí.

*****************************************************

Domhnach Cásga – 16ú Aibreáin, 2006

Tá Íosa Beo!

I measc na gcéad Críostaithe, bhí daoine ann a bhí amhrasach faoi aiséirí Chríost. Cheap siad go mb’féidir go ndearna na h-aspail dearmad; go mb’fhéidir gur taibhse a chonaic siad.
B’shin an fáth go raibh na haspail chomh cinnte dearfa ina gcuid seanmóireachta nach taispeánadh de shaghas éicint a bhí feicthe acu ach Íosa é fhéin. Sa gcéad léacht in Aifreann an lae inniu, cloiseann muid Naomh Peadar ag cur béime air gur b’iad na haspail na fianéithe tofa den aiséiri.
Deir sé nach amháin go bhfaca siad Íosa ach gur ith siad agus gur ól siad in éineacht leis tar éis a aiséirithe.  Ní itheann taibhsí agus ní ólann siad. Bhí na h-aspail cinnte de gur b’é an Íosa Críost céanna  a d’ith agus a d’ól in éineacht leo ag an Suipéar Deireannach.
Tá a fhios againn nach ar an bpointe a chreid na h-aspail go raibh Íosa aiséirithe. Bhí amhras orthu nuair a d’inis na mná dóibh go raibh an tuama folamh . Ní go dtí go bhfaca Peadar agus Eoin na línéadaí, a bhí fillte thart ar an gcorp agus iad leagtha ar leataobh, a smaoinigh siad ar na focail a dúirt Íosa leo faoin a bhás agus a aiséirí. Bhí orthu na comharthaí a fheiceáil sula chreid siad.
Mar an gcéanna tá an t-aistear ó dhorchadas an dí-chreidimh go dtí solas an chreidimh le déanamh againne chomh maith. Ní tuama folamh nó éadaí leagtha ar leataobh a fheiceann muide ach an charthannacht, an dílseacht, an chrógacht agus an grádia sna daoine thart orainn. Airíonn muid freisin, an suaimhneas intinne agus an tacaíocht a thugann an creideamh críostaí duinn. Siad sin na comharthaí atá againn go bhfuil an maith ag buachan ar an olc, go bhfuil Íosa Críost aiséirithe ó mhairbh agus go bhfuil sé in éindí linn i gcónaí.

San amhrán a deirtear roimh an soiscéal inniu, admhaíodh muid ár gcreideamh in aiséirí Chríost in éineacht le Máire Maigdiléine:

‘Chonaic mé glóire Chríost is é ag éirí.
Bhí na h-aingle ann á fheiceáil
is na h-éadai fillte annsiúd.
D’aiséirigh Críost mo dhóchas,
tá sé ag dul go Gaililí romhaibh.
Tá Críost go deimhin éirithe.
Bí trócaireach, a Rí a fuair bua
Amen. Alleluia! ‘

*********************************************************

An Dara Domhnach den Cháisg – 23ú Aibreáin, 2006

“Mo Thiarna agus mo Dhia”

Tar éis do Íosa bás a fháil, bhí imní agus faitíos chomh mór sin ar na
h-aspail gur fhan siad istigh agus na doirse faoi ghlas acu.

Gan choine leis, sheas Íosa ina measc.
“Síocháin daoibh,” ar sé agus thaispeáin sé dóibh rian na créachtaí
ina lámha agus ina chliathán. D’athraigh an t-atmaisféar ar an bpoinnte. Líonadh chuile dhuine a bhí i láthair le h-áthas agus le ríméad.

D’análaigh Íosa ar na h-aspail agus dúirt:
“Glacaigí an Spiorad Naomh.”
Leis na focail sin, thug sé le fios dóibh gurbh í an obair a bhí le déanamh acu ná dul amach faoin domhan mhór le scéal an tslánaithe a insint agus maithiúnas agus suaimhneas intinne a thabhairt dóibh siúd a bhí á
n-iarraidh.
Ní raibh Tomás i láthair nuair a tháinig Íosa don chéad uair agus dúirt sé nach gcreidfeadh sé an scéal nó go bhfeicfeadh sé na créachta i lámha Íosa agus go gcuirfeadh sé a mhéar ina chliathán.  An lá ina dhiaidh sin, áfach, tháinig Íosa chuchu arís agus d’iarr sé ar Thomás a mhéar a chur isteach ina chliathán.  Ní raibh Tomás amhrasach níos mó, bhí sé i n-ann an gníomh creidimh íontach sin a rá,
“Mo Thiarna agus mo Dhia.”
Dúirt Íosa leis,
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomas, chreid tú,
Is aoibhinn dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
Tugann Tomás misneach dúinn am ar bith a mbíonn amhras orainn faoin gcreideamh. Is ábhar sóláis dúinn go raibh de mhisneach aige a admháil go raibh deachracht aige leis an scéal a bhí á chloisteáil aige. Tugann sé sólás dúinn freisin gur thuig Íosa deachracht  Thomáis. Mar an gcéanna, tuigann Íosa ár ndeachrachtaí agus molann sé ár n-iarrachtaí.

A Íosa, creideann muid, cé nach bhfeiceann muid. Cuidigh linn tú a aithneachtáil mar Thiarna agus mar Dhia.  Admhaíonn muid go bhfuil tú aiséirithe ó mhairbh agus go bhfuil tú beo i gcónaí inár measc.

**************************

An Triú Domhnach den Cháisg – 30ú Aibreáin, 2006

In Ainm Íosa Críost

Tar éis do Íosa aiséirí ó mhairbh, thaispeáin sé é féin go minic dá dheisceabail. Ar cheann de na h-ócáidí sin, dúirt se leo go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á fhógairt ina ainm.

Sa tsean am, cuirtí an-bhéim ar an mbrí a bhí le ainm duine.  Thuig daoine go raibh baint idir an t-ainm agus pearsanacht nó cumhacht an duine.  Nuair a abraíonn muid ainm Íosa Críost, glaonn muid ar chumhacht Íosa, fíor-Dhia agus fíor-dhuine.  Tugann muid chun cuimhne go bhfuil Íosa
i láthair in éineacht linn.

I nGníomhartha na n-Aspal, léann muid faoi cé chomh daingean is a chreid  Peadar agus Eoin go bhfuil cumhacht in ainm Íosa. Lá na Sabóide, agus iad ar a mbealach go dtí an Teampall, d’iarr fear bacach déirc orthu.  Dúirt Peadar leis, “Níl ór ná airgead agam le tabhairt duit, ach an rud atá agam bronnaim ort é.  In ainm Íosa, an Nasarach, siúil.”

Leis na céadta bliain, tá ainm Íosa Críost á úsáid mar phaidir.  Is gníomh creidimh gearr é nuair a abraíonn muid an dá fhocal, “Íosa Críost.”
Sa bpaidir sin, admhaíonn muid go gcreideann muid go bhfuil Íosa in éineacht linn lena ghrásta agus go bhfuil sé dár gcosaint ón olc agus ón pheaca.  Dá gcoinneodh muid é sin i gcuimhne, ní chloisfheá ainm Íosa Críost á úsáid go faillíoch chomh minic is a cloistear anois é.

Tá an smaoineamh céanna faoi ainm Íosa sa bpaidir Lúireach Phádraig, ‘Críost liom, Críost romham’ a théann i bhfad siar i dtraidisiún na nGael.
Chreid ár sinnsir go bhfuil cumhacht Íosa ionainn de bharr ár mBaiste.
Trína ainm is a chumhacht is féidir le chuile dhuine againn síocháin is  beannachtaí Íosa a roinnt ar a chéile.

Nuair a úsáideann muid ainm Íosa le h-ómós, tá muid inár bhfiannaithe go bhfuil Íosa aiséirithe ó mhairbh agus go bhfuil sé beo i gcónaí inár measc.

Críost liom, Críost romham,
Críost ‘mo dhiaidh.
Críost ionam, Críost fúm,
Críost os mo chionn,
Críost ar mo dheis,
Críost ar mo chlé….

Comments are closed.