TRÉADLITIR. COVID-19: IDIR DHÚSHLÁN AGUS DHEIS D’ÁR GCREIDEAMH

+MÍCHEÁL

ARD-EASPAG THUAMA

 

TRÉADLITIR

 

COVID-19: IDIR DHÚSHLÁN AGUS DHEIS D’ÁR GCREIDEAMH

Cruinnithe Creidimh Dhá Mhí Dhéag ó Shin

Cothrom an ama seo anuraidh, bhí muid díreach i ndiaidh an tAifreann bliantúil a cheiliúradh do lánúin phósta agus iad ag ceiliúradh cothrom lá a saol pósta. Ócáid álainn is ea í ina dtugann muid aitheantas do na mná agus fir chéile atá ina n-eiseamláirí iontacha de ghrá an phósta. Bhain muid inspioráid agus taitneamh as na ceiliúrthaí teaghlaigh sin go léir.

Mórócáid eile i ndialann na Deoise ná an cruinniú bliantúil le príomhoidí na meánscoileanna. Táimid faoi mhórchomaoin acu go léir as an ról a imríonn siad i múnlú an aosa óig. Tá obair thar na bearta á dhéanamh ag an gCoiste Comhairleach Iar-bhunscoile i ndáil le cúrsaí caiticeasmaice, agus is mór againn a n-iarrachtaí ar fad.

Bhí muide, mar shagairt, ag súil go mór leis an gcúrsa inseirbhíse a bhíonn againn gach Deireadh Fómhair, tráth a dhéanann muid machnamh ar an mbealach is fearr chun soiscéal Chríost a chur i láthair i gcultúr dúshlánach, luaineach na linne seo.

I mí na Samhna seo caite thugamar aitheantas don obair éachtach atá á dhéanamh ag ár n-aos óg ar son na heaglaise, agus iad gníomhach in eagraíochtaí a bhaineann leis an eaglais ina bparóistí áitiúla féin. Bronnadh Gradam Eoin Pól II orthu agus an onóir sin tuillte go maith acu. Léirigh an ceiliúradh sin flaithiúlacht, díograis, spleodar agus lúcháir ár ndaoine óga, agus níor fágadh aon amhras ach go bhfuil a gcreideamh beo beathach iontu, agus go bhfuil siadsan beo beathach ina gcreideamh. B’fhollasach ón an searmanas bronnta sin chomh tábhachtach is atá a gcreideamh dóibh siúd a ghlac páirt ann, agus chomh sásta is atá siad é a léiriú go poiblí. Bhain tuismitheoirí lán-taitneamh as an ócáid agus bhí siad fíorbhródúil as a gcuid páistí, mar ba cheart dóibh.

Ag féachaint siar ar na hócáidí seo, nach raibh ach dhá mhí dhéag ó shin, is suntasach na rudaí ar ghlac muid leo gan iontas: go raibh muid in ann taisteal cibé  áit ar mhaith linn, tionóil shóisialta gan srianadh, oilithreachtaí, freastal ar an Aifreann agus glacadh na sacraimintí go poiblí, agus cuairteanna rialta ar ár muintir agus ár gcairde. Is mór t-athrú atá tagtha ar ár saol  agus muid ag treabhadh linn faoi  scáth seasta an vireas a théann i bhfeidhm ar ár sláinte mheabhrach, fhisiciúil agus spioradálta. Conas is féidir linn a chinntiú nach dtéann cúrsaí sa mhuileann orainn agus muid ag iarraidh dul i dtaithí orthu.

 

Ag déileáil le Covid-19

Is iomaí dúshlán atá le sárú againn anois de bharr na paindéime, agus ina measc siúd, tá dúshláin a bhaineann le cleachtadh agus cur i ngnímh ár gcreidimh.

Is mór an cúnamh a bheidh ár gcreideamh dúinne, lucht leanúna Íosa Chríost, le bheith in ann do na dúshláin seo agus chun leanúint ar aghaidh ar an aistear. Seans go músclófar ár gcreideamh arís agus muid ag teacht isteach ar shaol nach bhfuil an tseasmhacht chéanna ag baint leis agus nuair is gá dúinn idirdhealú a dhéanamh ar na rudaí atá riachtanach sa saol agus na rudaí nach bhfuil chomh tábhachtach sin. Beidh misneach agus creideamh ag teastáil. Cé nach ionann iad, tá dlúthbhaint acu lena chéile nuair nach eol dúinn céard atá romhainn ar an turas seo. Is údar inspioráide í an chaoi a ndeachaigh daoine i ngleic leis na dúshláin. Léirigh siad an creideamh Críostaí a bhí acu lena gcuid paidreacha, leis an aire a thug siad dá chéile, agus leis na bealaí cruthaitheacha a d’fhreagair siad do na srianta a bhí ar bhailiú le chéile don Aifreann. Is mór againn ár gcreideamh, mar is ón gcreideamh a fhaigheann muid an mhisneach agus an neart a bheith againn le tabhairt ar chursaí an tsaoil atá amach romhainn.

Tá taithí againn sa lá atá inniu ann ar rudaí a fháil ar an toirt, agus is dúshlán é seo dár gcreideamh. Éiríonn muid mífhoighneach le moill ar bith. Ach is ionann creideamh agus a bheith ábalta maireachtáil le moill gan muinín a chailliúint i ngealltanas Dé. Cuireann creideamh ar ár gcumas muid déileáil le díomá, gan dóchas a chailliúint. Mar is eol dúinn ónár dtaithí féin, is mór idir an fhírinne agus an idéal agus is fada agus casta an bóthar eatarthu, ach cothaíonn ár gcreideamh muid ar an aistear sin. Sa Bhíobla féin, tá raidhse scéalta faoi phobal Dé ag dul i ngleic le cruachás, mearbhall agus plá. Cheap siad go bhféadfaidís “Tír Tairngire” dá gcuid féin a bhunú mar ba mhian leo agus máistreacht a ghlacadh ar an saol. Ach thug siad neamhaird arís is arís eile ar chomharthaí Dé. Tháinig deacrachtaí rompu a chuir isteach ar a gcuid pleananna agus á gcur ó dhóchas. Arís is arís eile d’fhill siad ar bhóthar a leasa trí éisteacht agus glacadh lena raibh an Tiarna ag rá leo.

An Creideamh dár gCumasú chun Comharthaí a Léamh

Is féidir linne, mar phobal creidmheach, foghlaim ó na scéalta a insítear faoi phobal Dé sa mBíobla. Is féidir linn treoir a thógáil ón gcaidreamh idir iad féin agus Dia, ón gcaoi a gcuireann sé dúshláin rompu, a cheartaíonn sé iad, a a sheasann Dia ina n-aghaidh, agus amanna eile, a thugann sé sólás dóibh. Cén chaoi a bhfuil muide ag déileáil le srianta na linne seo: ag obair ón mbaile, Aifreann poiblí sa séipéal ceilte orainn, dornán daoine ceadaithe ag sochraidí agus bainiseacha, agus gan a bheith in ann bualadh le daoine i dteach ósta, ná freastal ar ócáidí

spóirt? Tá an saol dúnta síos ar go leor bealaí, go mór mór leis an mbealach nach bhfuil spás tugtha d’ár gcreidimh labhairt faoina ceisteanna móra na linne. Gan an creidimh is dearcadh cung gearr thearmach atá ann. Ní thugtar cluas do dhaoine le creideamh mar go gceaptar nach bhfuil tada le rá acu le saol an lae inniú. Ach níl creideamh soineanta, dall, ná gan cheistiú riamh. Ní sheachnaíonn an creidimh ceisteanna móra ár linne, mar ní féidir leis iad a sheachaint. Cothaíonn creideamh diaganta pobal, agus spreagann sé an t-altrúchas. Léargas ar ár gcaidreamh le Dia is ea ár gcaidreamh le daoine eile, ina bhfuil dílseacht, grá, flaithiúlacht agus muinín le brath.

 

Urnaí Phearsanta agus Urnaí Theaghlaigh

Cuireann ár gcreideamh ar ár gcumas, agus spreagann sé muid, gan glacadh le rudaí mar a dhealraíonn siad ar an gcéad amharc. Tugann ár gcreidimh dearcadh níos fairsinge dúinn a ligeann dúinn rudaí a mheas agus rudaí a cheangail le chéile. Tríd ár gcreidimh faigheann muid tuiscint níos fearr ar na rudaí a d’fhéadfadh a bheith ligthe i léig againn nó neamhaird tugtha againn orthu. Sampla amháin is ea saol an teaghlaigh, atá faoi bhrú millteanach na laethanta seo. Oibríonn tuismitheoirí ar a seacht ndícheall chun freastal ar chúramaí gairmiúla agus tógáil clainne, ag saothrú chun oiliúint a chur a ngasúr agus luachanna a thabhairt dóibh a bhíonn ina n-ábhar magaidh ag an socaí uaireanta. Thug Covid-19 an deis dúinn am fiúntach a chaitheamh lenár dteaghlaigh sa mbaile, agus lig sé dúinn breis tuiscint a fháil ar a chéile, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dá chéile, agus thug sé deis forbartha dúinn.

Airíonn muid uainn an muintearas a bhaineann le teacht le chéile don Aifreann, ach ina áit sin, is iomaí duine a chruthaigh “spás beannaithe” ina dteach féin. Seo áit ar féidir leis an teaghlach teacht le chéile, coinneal a lasadh in  san dorchadais, píosa ceoil chiúin a chasadh agus sliocht as an scrioptúr a léamh. Tá daoine aonair agus teaghlaigh araon ag baint maitheas, tacaíocht agus brí as paidreacha traidisiúnta ar nós an Phaidrín. Rinne Ard-Deoise Thuama cárta álainn urnaí anuraidh. Tá sé gearr, gonta, simplí, le usáid ag gach duine, baineann sé le saol na linne seo agus cuidíonn sé linn guí. Is í an teaghlach an eaglais bheag, agus cuireann sé i gcuimhne dúinn an chaoi ar bhuail na chéad Chríostaithe le chéile ina gcuid tithe.

Flaithiúlacht na nOibrithe Deonacha san Eaglais Áitiúil

Faigheann go leor daoine sólás as tamall a chaitheamh os comhair na Naomhshacraiminte sa séipéal áitiúil. Sa tréimhse sin ina raibh muid ag ullmhú d’athoscailt na séipéal le haghaidh cheiliúradh an Aifrinn agus na sacraimintí, ghlac go leor oibrithe deonacha agus Comhairlí Tréadacha páirt i bpleanáil, ullmhú, glanadh agus díghalrú na séipéal sa chaoi is go mbeidís slán sábháilte don phobal teacht le chéile len Aifreann. Ábhar misneach ba ea seo, agus léiriú follasach ar a thábhachtaí is atá an tAifreann do dhaoine. Tugann sé le fios freisin go bhfuil níos mó i gceist le reiligiún ná creideamh amháin, go mbaineann sé freisin le rannpháirtíocht i bpobal áitiúil, an líonra suntasach sin de dhaoine a thaispeánann go mbíonn daoine ag faire amach dá chéile.

Ag teacht le chéile le Dia a mholadh agus an t-Aifreann a cheiliúradh atá againn mar leanúnaí Íosa Críost. Mar gheall ar an bhfreagracht atá orainn i gcomhar leis na húdaráis um shláinte phoiblí agus a gcuid iarrachtaí chun an víreas a chur faoi chois, ní féidir linn teacht le chéile i láthair na huaire. Ní féidir a shéanadh gur ábhar mór díomá é seo do go leor dár bpobal creidimh. Sa chomhthéacs seo, chuaigh sagairt i muinín na cruthaitheachta agus na teicneolaíochta chun a ministreacht a dhéanamh ar líne. Cé nach bhfuil aon chomparáid idir an tAifreann ar líne agus a bheith i láthair go pearsanta ag ceiliúradh na hEocairiste, tá ról nach beag aige i leanúnachas a choinneáil inár gcuid urnaí agus i mothú na naofachta, agus cuidíonn sé le muintearas a chothú i measc siúd atá páirteach ann. Croílár mhinistreacht an tsagairt is ea an cúram tréadach agus sacraimintiúil, agus teastaíonn ó gach sagart an bóthar seo a shiúil i dteannta a phobail. Tá siad ar theann a ndíchill ag lorg na bealaí is fearr leis seo a dhéanamh, ach feasach i gcónaí ar an gcás ina bhfuilimid.

Bímse ag súil chuile bhliain leis na searmanais Chóineartaithe agus bualadh leis na hiarrthóirí agus a muintir. Faraor, ní raibh mé in ann é seo dhéanamh ó thus an dianghlasála ar 12 Márta. Bhí orainn méadú líon na searmanas chun cloí leis na riachtanais um shláinte phoiblí, an scaradh sóisialta agus srianta ar líon na ndaoine a bhí ceadaithe bheith insan séipéal. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na sagairt as an gcaoi a cheiliúraigh siad an Cóineartú agus an Chéad Chomaoineach sna dála dúshlánacha seo. Táim fíorbhuíoch freisin do na tuismitheoirí, na múinteoirí, do Choiste Caiticeasmaice na mBunscoileanna agus gach duine a d’ullmhaigh na páistí do na sacraimintí sin. Tá sé cloiste agam ó na sagairt go raibh deis acu sna searmanais bheaga seo díriú ar bhunbhrí agus ar shimplíocht na sacraimintí, agus gur chuir sé seo le cráifeacht na hócáide.

 

Tréimhse Dhúshlánach

Ba thréimhse uaigneach í seo, go mór mór do dhaoine a d’adhlaic duine dá muintir le nósanna coimhthíocha in áit na ndeasghnátha dúchasacha is dual dúinn. Guímid orthu siúd go speisialta na laethanta seo. Tráth fada dúshlánach ba ea seo do dhaoine i dtithe altranais agus san ospidéal, agus dá muintir, nuair nach raibh cuairteanna inmholta ná ceadaithe. Chuir an phaindéim isteach go mór freisin ar lánúin a raibh sé beartaithe acu a ngrá a cheiliúradh le sacraimint an phósta.

 

Dóchas ón bhFoighne

Beidh orainn creideamh láidir i nDia chun déileáil leis na dúshláin seo, agus an saol mar a bhí aithne againn air ag titim as a chéile os comhair ár súile. Tuigeann muid cé chomh lag is atá muid ach feiceann muid an chiall atá leis an seanfhocal “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”. Léireoidh ár bhfreagra do dhúshlán na paindéime seo an mianach atá ionainn, an creideamh atá againn, agus an cineál todhchaí atá uainn. Impíonn an Pápa Proinsias orainn ár bhfreagra don choróinvíreas a fhréamhú insan mbealach a mhaireann muid, trínár nguibhe, le trocarire agus trua, an ghrá agus na haontachta.

Cé gur mór an dúshlán dár gcreideamh í an phaindéim seo spreagann sé maitheas i ngach duine, agus músclaíonn sé tuiscint ar an ngéarghá le muintearas agus pobal. Tá an maitheas, an fhlaithiúlacht agus an cineáltas le feiceáil sa gcaoi a bhfreastalaímid ar a chéile, mar chomharsan agus san obair dheonach.

Léiriú eile air seo is ea an fhreagracht atá á thaispeáint ag daoine agus iad ag cloí leis na srianta ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne, agus sna híobairtí atá á ndéanamh ag teaghlaigh. Mar phobal le dóchas, cuirimid romhainn glacadh leis agus cuidiú leis an athrú cinniúnach atá déanta ag Dia a chuireann ord ar an anord, a thógann solas ón dorchadas, agus beatha úr ó áiteanna nár ceapadh indéanta é.

Agus an Aidbhint ag druidim linn, tá tuiscint níos fearr againn anois ar cad is brí le bheith foighneach, agus muid ag fanacht is ag feitheamh le Dia theacht abhaile um Nollaig.

 

Samhain 2020