An Tuairisc Iomlán – Moltaí Do Fhreastal sa Todhchaí

Moltaí Do Fhreastal sa Todhchaí ar Pharóistí Árd Dheoise Thuama

Aibreán  2009

Ag Fógairt Ríocht Dé

Mar phobal creidimhigh is mian linne, Árd Dheoise Thuama, idir ár dtuataí, ár lucht rialta, ár sagairt agus ár nÁrd Easpag, Ríocht Dé a fhógairt agus Deá-Scéala Íosa Críost a  chraobhscaoileadh. Déanaimid é seo tré cheiliúradh na sacraimintí, an soiscéal a sheanmóir, pobal Críostai a thógáil agus tré fhianaise a thabhairt maidir le láithreacht bheo Íosa in ár saol.

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar réaltacht tréadach atá ag athrú agus muid feasach faoi ‘chomharthai ár linne’ leanaimis ar aghaidh le chéile, faoi cheannas agus faoi threoir ár nÁrd Easpaig, ag déanamh ár ndíchill bealaí nua níos éifeachtaí a fhorbairt chun soiscéal Chríost a fhógairt.

Grúpa Oibre Deoise

Tar éis chruinniú Bhealtaine ’08 na gComhairleoirí Deoise thug an tÁrd Easpag le fios do Chomhairle na Sagart go mbeadh 15 sagart atá i ministreacht ghníomhach fé láthair tagtha go h-aois scoir. Moladh dúinn géar-smaoineadh a dhéanamh ar an tionchar a bheidh orainn mar dheoise, ag laghdú chomh tapaidh sin in uimhir na sagart. D’ainmnigh an tÁrd Easpag grúpa oibre chun moltaí a thabhairt dó ar ché mar d’fhéadfaí freastal  ar pharóistí na deoise sa todhchaí.

Siad baill an ghrúpa oibre: Na Sagairt  Dermot Moloney(Cath.), Kieran Waldron,    Tod Nolan, Pat Farragher agus Charlie Mc Donnell.

Thug an grúpa oibre Tuairisc Shealadach don Árd Easpag i nDeireadh Fómhair 2008, tar éis dóibh dul i gcomhairle le sagairt na deoise. Thug an tÁrd Easpag cuireadh ansin do shagairt na deoise, Comhairle na dTuataí agus an Grúpa Feidhmiúcháin Deoise an Tuairisc Shealadach a imscrúdú agus a dtuairmí a nochtadh. Cuireadh an dara dréacht de na moltaí seo ar fáil do shagairt agus do Thréad Chomhairlí na deoise chun é a mheas. Is é seo, an triú dréacht, an dréacht deiridh de na moltaí seo.

Athrú i gComhthéacs – ‘Comharthaí ár Linne’

Tá  tuataí ag glacadh ról níos gníomhaí i saol an pharóiste. Chuir ‘Comharthai ár Linne’ brú orainn ar fad, idir thuataí agus ordnaithe, ról agus ministreacht an dream baistithe uile a aithint, a mheas agus a luacháil. Má táimid chun leanúint ag fógairt Ríocht Dé go dáiríre agus an deá scéal faoí Íosa Críost a chur in iúl ní mór dúinn na buanna a thugann an lucht baistithe ar fad chun na h-eaglaise a aithint.

Ní mór dúinn moltaí maidir le freastal ar riachtanais na deoise a thuiscint i gcomhtéacs aghaidh a thabhairt go h-iomlán,  ar na dúshláin tréadacha atá amach romhainn. Ní mór do fhreagra na ceiste seo dul lámh ar láimh le cur chuige nua maidir le h-oideachas, le múnlú agus le h-údarasú gach duine baistithe, chun a ndualgas baistithe a choimhlíonadh  mar  ‘shagart, fáidh agus rí’ .

Cuireadh béim ar an gcur-chuige seo ag Tréad Tionól na Deoise i Samhain 2006.      I gcaitheamh phróiséis ocht mí dhéag d’aimsigh muintir na deoise seo- tuataí, lucht rialta agus ordnaithe, ceithre réimse bunúsach a mbeidh orainn mar dheoise tabhairt fúthu agus muid ag fógairt an tsoiscéil amach sa todhchaí.
Is iad seo na  réimsí bunúsacha:

  • An riachtanas chun oiliúna leanúnai agus forbairt sa liotúirge,
  • An riachtanas teagmháil le daoine óga go h-ábharach agus go  dúshlánach,
  • An riachtanas acmhainniú agus tacú le h-obair na dTréad Comhairlí,
  • An  riachtanas cuireadh a thabhairt do bhreis tuataí neamh-eaglasta do cheannasaíocht agus do mhinistreacht,  idir thréadach agus riaracháin ag leibhéal áitiúil an pharóiste.

A fhad is a chomhlíonann an Grúpa Feidhmiúcháin a ndualgas féin ag freastal ar na riachtanais seo, leanann paróistí agus go deimhin an lucht baistithe ar fad, ar thóir an tslí is fearr chun freastal go h-áitiúil ar na riachtanais atá aitheanta ag an dTréad Tionól.

Saol Sacraimintiúil na h-Eaglaise

Tá ceiliúradh na sacraimintí agus go h-áithrithe Eocairist an Dómhnaigh suite i gceart-lár shaol an pháróiste. Is í an Eocairist  ‘bun agus barr’ ghníomhaíocht na
h-eaglaise ar fad. Dá réir sin  agus muid ag leagan plean amach don todhchaí, tá sé riachtanach a dheimhniú go ndéantar ceiliúradh mar is cóir ar an Eocairist i ngach paróiste. Nuair atá uimhir na sagart laghdaithe agus cuid mhór díobh sin atá ag ministreacht amach sna blianta, cruthaítear dúshláin nua dúinne mar dheoise.

  • Sa gcéad áit, ní mór dúinn an glaoch chun gairm na sagartachta a chothú agus a chur chun cinn.

Tá a lan oibre idir lámha cheana féin sa réimse seo.  Thairis sin léiríonn an chumarsáid a rinneadh  le Tréad Chomhairlí maidir le hábhar an doiciméid seo,  méadú  tuisceanna maidir le freagracht gach pobal creidmhigh i dtaobh an glaoch chun  gairm na  sagartachta agus an tsaoil rialta a chur chun cinn.

  • Sa dára h-áit, chun go leanfar le ceiliúradh oiriúnach ar Eocairist an Dómhnaigh, ní mór do shagairt agus do thuataí araon bheith ag réiteach do roinnt athraithe ar chleachtadh na linne seo.
  • Sa triú h-áit, mar ata ráite cheana féin ní mór go dtárlódh aon athrú mar chuid lárnach de fhorbairt iomlán thréadach na deoise.

Réaltacht

Tá 55 paróiste in Árd Dheoise Thuama.

Tá 102 sagart ag ministreacht fé láthair, 10 díobh sin thar aois scoir (75) agus 6 i ministreacht neamh-pharóisteach.

Má leanann an claonadh seo, beidh tuairim 70 sagart ar fáil chun freastal san Árd Deoise faoin mbliain 2013. Beidh sagairt eile a bheidh ar scoir ar fáil chun gníomhú í bparóistí, ach ní dóigh linn gur féidir agus nár cheart é, brath ar sin agus muid ag leagan plean amach don todhchaí.

Tá aon cheathrú den phobal ina gcónaí sna ceithre pharóiste Baile Átha an Rí, Caisleán an Bharraigh, Tuaim agus Cathair na Mart agus ní mór soláthar a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais thréadacha mhór-pharóistí na mbailte seo.
Cén chaoí a ndeimhnítear go leanfaidh Fógairt Ríocht Dé sa saol réalaíoch nua seo?

Misneach agus Flaithiúlacht

Le deich mbliana anuas nó mar sin bhí ar a lán paróistí aghaidh a thabhairt ar na
h-athraithe a leanann  tar éis  dóibh sagart a chailliúint. D’fhreagair paróistí do na
h-athraithe seo le ‘misneach agus le flaithiúlacht’, cé nach raibh sin gan dua i gcónaí. Tá a sagart cónaitheach caillte ag roinnt paróistí oileáin cheana féin. Tá líon na n-aifreann laghdaithe in a lán paróistí agus tá deireadh le h-Aifreann an Dómhnaigh i roinnt séipéil. Glacann  sagairt ó pharóisti comharsanacha an fhreagracht maidir le cúram tréadach agus sacramaintiúil na bparóistí sin gan sagart cónaitheach.

Beidh gá le misneach agus le flaithiúlacht dá shórt sin agus muid ag leanúint ar aghaidh, ag tabhairt faoí dhúshláin fhógairt na Ríochta sa saol tréadach reatha.

Cnuasadh Paróistí(Clusters)

Tá an grúpa oibre seo ainmnithe ag an Árd Easpag chun moltaí a thabhairt dó ar ché mar d’fhéadfaí freastal ar pharóistí na deoise sa todhchaí.

Mar bhunús leis na moltaí a leanas thíos, tá an gá leanúnach go mbeadh sagairt agus pobal ag obair i bpáirt le chéile ag maireachtáil saol an tsoiscéil ina bpobal paróisteach. Creidimid go mbeidh grúpáil pharóistí mar chnuasaigh ina eilimint ar leith chun tacú leis an gcomhoibriú seo.

Le cnuasadh paróistí beidh dhá pharóiste nó níos mó ag teacht le chéile, cé go bhfuilid fós deighilte, le h-aghaidh;

  • comhroinnt foirne, acmhainní, oiliúna  agus foirmíochta agus,
  • comhroinnt ar obair riaracháin.

Táthar ag súil go gcuirfidh grúpáil pharóistí mar chnuasaigh ar chumas gach paróiste ní h-é amháin a gcuid taithí, tréithe agus buanna a roint taobh istigh den chnuas, ach freisin go bhfaighidh siad féin buntáiste ó thaithí, thréithe agus bhuanna na bparóistí eile sa gcnuasach.

Cé go bhféachtar ar ghrúpáil paróistí isteach i gcnuasaigh ar leith, mar structúr tábhachtach chun freastal ar pharóistí na Deoise sa todhchaí,  beidh áit freisin i gcónaí do chomhoibriú idir  mór-ghrúpaí paróistí,  de réir mar aithnítear  riachtanais thréadacha.

Ag Dul i mBun Oibre

Rinne an Grúpa Oibre gach iarracht a bheith críochnúil agus iad ag cur na moltaí seo a leanas le chéile. Chuamar i gcomhairle go forleathan, rinneamar iniúchadh ar staitisticí deoise, ar chlaonta reatha agus freisin ar an réiteach a fuair deoisí  eile,  a raibh ceisteanna mar iad le sáru acu.

Moltaí

Molann an Grúpa Oibre:

  1. Ní chuirfear ualach iomarcach ar líon na sagart, atá ag laghdú, agus muid ag tabhairt faoin  réaltacht atá ag brú orainn.
  1. Níor chóir do shagart breis agus trí aifreann deireadh seachtaine a rá de ghnáth. Beidh impleachtaí aige seo do cheiliúradh shochraidí agus phóstaí ar an Domhnach.
  1. Coinneofar sagart cónaitheach i ngach paróiste chomh fada agus is féidir é.
  1. Nuair a dhéanann an tÁrd Easpag ceapacháin, cuirfidh sé san áireamh go ndealraíonn se nach mbeidh thar 70 sagart ar fáil chun freastal san Árd Deoise faoí 2013.
  1. Ar an mbonn seo, faoi 2013 beidh sagart cónaitheach amháin ag furmhór na bparóistí. Beidh breis agus sagart amháin ag na paróistí seo: Caisleán an Bharraigh(4), Tuaim(3), Cathair na Mart(2), Baile Átha an Rí(2), Cathair na gCon(2), An Clochán(2), Cumar(2), An Cheathru Rua(2), Achaill(2) agus Cnoc Mhuire(2).
  1. Chun a chinntiú go ndéantar  freastal ar riachtanais tréadacha pharóistí  déanfar grúpáil ar pharóistí mar ‘chnuasaigh’(clusters).
  1. Go n-ainmneodh an tÁrd Easpag ‘tionólaí’ do gach cnuasach. Tionólfar cruinniú de na cnuasaigh molta (féach Aguisín 1) trí h-uaire ar a laghad sa gcéad bhliain chun ceist comhoibriú i gcnuasaigh a fhiosrú agus a chur chun cinn. Ba chóir do na sagairt áitiúla agus do ionadaithe ó gach Tréad Chomhairle freastal ar na cruinnithe seo.
  1. Go ndéanfaí athbhreithniú agus meastóireacht tar éis dhá bhliain ar na cnuasaigh molta.
  1. Go dtabharfaí dualgais tréadacha/sacraimintiúla i bparóistí comharsana do shagairt nua-cheaptha, nuair is gá.
  1. Go dtairgfí pé tacaíocht is gá do Thréad Chomhairlí/paróistí agus iad ag ullmhú don réaltacht nua.
  1. Go ndéanfaí machnamh agus ullmhú chun freastal ar na paróistí Gaeltachta.

San áireamh beidh:

  • Agallamh le Deoise na Gaillimhe chun cnuasadh idir-deoise paróistí  Gaeltachta a chur  chun cinn.
  • Cúrsaí speisialta a fhorbairt agus a chur ar fáil ionnas go mbeidh sé ar chumas gach sagart freastal i bparóiste Gaeltachta.
  1. Féachfaidh an tÁrd Deoise arís ar cé mar is fearr is féidir  freastal  ar pharóistí oileáin.
  1. Go ndéanfaidh an tÁrd Deoise dian-mheastóireacht ar an déagánacht buan a bhunú agus chuige seo go n-ainmneoidh an tÁrd Easpag Grúpa Oibre chun a fhiosrú cé mar is fearr a bhainfí leas as an mbuan déagánacht mar acmhainn thréadach don Árd Deoise.
  1. Tá an Árd Deoise tiomanta do na ministreachtaí speisialta. Freastalann sagairt faoí láthair ar roint mhinistreachtaí speisialta. D’fhéadfaí go mbeadh níos mó de na ministreachtaí seo dá dtógáil ar láimh ag tuataí le cáilíochta cuí de réir a chéile. Beidh ar an Árd Deoise plean a leagan amach agus ullmhú dó seo.
  1. Go dtugtar dualgais sacraimintiúla ar leith do shagairt ar mhinistreachta speisialta, nuair is gá.
  1. Go seolfaí an tÁrd Easpag  Tréad Litir san Earrach 2009, tar éis dó machnamh a dhéanamh ar na moltaí seo.

Neamhláithreachtaí gan choinne

I gcás chuid de na cnuasaigh molta, thárlodh sé nach bhféadfaí Aifrinn deire seachtaine a chur ar fáil nuair a bheadh sagart as láthair de bharr tinnis nó cúinse éigin gan choinne.

Ce go mbfhéidir go mbeadh sé ar chumas pharóistí le breis agus sagart cónaitheach amháin roint ‘clúdú’ a chur ar fáil do pharóistí comharsanacha, is féidir i gcás práinne go gcuirfeadh paróistí Aifrinn ar ceal go sealadach muna mbeadh fáil acu ar shagart.

Ach chun cealú Aifrinn a sheachaint molann an Grúpa Oibre go gcuirfeadh an tÁrd Deoise córas i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeadh clúdú ar fáil do shagairt i gcás práinne.

Taréis 2013

Measaimid gur freagra gearr-théarmach iad na moltaí seo ar an gcás ina bhfuilimid faoi láthair. Nuair a thiteann líon na sagart fé bhun na bhfigiúirí a bhí i gceist againn, beidh orainn féachaint ar roghanna eile. Ina measc sin beidh ;

  • Fostú foirne tuata i measc na gCnuasach.
  • Sagart amháin ag freastal ar dhá pharóiste.
  • Freastal dá dhéanamh ar pharóistí beaga ag paróistí na mbailte mór ar nós Caisleán an Bharraigh, Tuaim agus Cathair na Mart.
  • Sa gcás go bhfuil paróistí taobh le deoisí comharsanacha, caithfear meastachán a dhéanamh ar ché mar is féidir comhoibriú tras-teorann a chur chun cinn. Ni mór don chumarsáid seo tárlú ag leibhéal deoise.
  • Ní mór do shagairt agus don phobal araon a bheith ar an eolas nach fada uainn an lá nach mbeidh  Aifreann  deireadh seachtaine i ngach séipéal.   Tárlóidh sé seo go h-áraithe i gcás paróistí le trí shéipéal nó ós a chíonn.

Críoch

Ba é dualgas an Ghrúpa Oibre moltaí a chur ós comhair an Árd Easpaig ar an mbealach ar féidir freastal ar Árd Dheoise Thuama sa todhchaí.

Is é an doiciméad seo an triú dréacht agus an dréacht deiridh de na moltaí seo. Tá an dréacht deiridh seo iniúchta ag tuairimí mheáite shagairt na deoise, Chomhairle na dTuata agus an Ghrúpa Feidhmiúcháin. Tugadh cuireadh freisin do gach Tréad Chomhairle sa Deoise a dtuairmí a nochtú.

Taréis dúinn aitheantas agus buíochas mar is cuí a ghlacadh i dtaobh gach cabhair agus cónadh aithnímid freisin go bhfuil an doiciméad seo teoranta ag na paraméadair ata leagtha síos ag teagasc reatha na h-Eaglaise agus ag dlíthe ginearálta na h-Eaglaise.

Is é ár nguí go gcuirfídh na moltaí seo creatlach agus treoirlínte ar fáil maidir leis an tslí is fearr le Ríocht Dé a Fhógairt in ár ndeoise sa todhchaí.

Aguisín 1
Cnuasadh  Molta Paróistí

Árainn                                                                          Balla
Cnoc-Spidéal                                                               Mainistir Muigheo
Cárna                                                                           Cathair na gCon
An Cheathrú Rua

Baile an Róba
An Clochán                                                                  Lios na Maol/Róibín
Leitir Fraic                                                                    Cill Mheáin
Cloch na Rón                                                               Partraí
Inis Bó Finne

An Fháirche
Cathair na Mart                                                            Conga
Cluain Cearbháin                                                          An Líonán
Oileán Cliara
Achadh  Ghobhair

Tuaim
Comar
Oileán Éadaí                                                                 Cill Chonla
Cill Mhíona
Acaill
Baile Ui Fhiacháin
Dún Mór
Gleann a’ Mhadaigh
Baile Liam
Baile an Locha                                                  Cill Chiaráin
Cnoc Mhuire
Achadh  Mór
Béacán
Béal Átha h-Amhnais                                                    Áth Cinn
Cathair Loistreáin
Eanach Dhúin

Crois Bhaoithín
Clár Chloinne Mhuiris                                       Baile Átha an Rí
Baile an Daighin                                                            Leacach
Baile an Mhuilinn                                                          Múr

Mainistir Chnoc Muaidhe
Caisleán an Bharraigh                                                   Mionlach
Na Caológaí                                                                 An Creagán
An Phairc                                                                     Cill Chiaráin

Previous articleThe Full Report – Proposals For the Future Serving of Parishes of the Archdiocese of Tuam
Next articleChallenge for the Future – Pastoral Letter of Archbishop Neary