Machnamh – Danta na Nollag

Naíonán na Féile

A Naíonáin na Féile, a saolaíodh tráth
I stáble i mBeithil na mbard,
Ó do dhún geal in airde tabhair aird ar ár nglór-
Ná lig sinn i ngéibheann, ná tréig sinn go deo.

A Íosagáin álainn, ár gcéad mile grá,
Bí linn i ngach gátar inniu a’s go brách.
Go raibh séan agus sólás i gcongar ‘s i gcéin
A’s go gcloítear go dílis le rialacha Dé.

Seán Ua Cearnaigh.

Cuireadh do Mhuire

Is eol duit , a Mhuire,
Cá rachair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Do do Leanbh Naofa,
Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta Ina éadan
Ag fuath is uabhar
An cine daonna?

Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar cianda;
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhainte.

Máirtín Ó Direáin

 

Coinnle ar Lasadh (Do mo mháthair)
Le Máirtín Ó Direáin

In oileán beag i gcéin san Iarthar
Beidh coinnle ar lasadh anocht,
I dtíthe ceann tuí, is i dtíthe ceann slinne,
Dhá cheann déag de choinnle geala a bhéas ar lasadh anocht

Mo chaoinbheannacht siar leis na coinnle geala
A bhéas ar lasadh anocht
Is céad beannacht faoi dhó
Le láimh amháin a lasfas coinnle anocht.

Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag, 1939.

 

An Páistín Soillseach Séimh

I gcliabhán cúng ‘na luí go h-umhal
Tá Páistín aoibhinn séimh,
Tá gile (a) shnua’na soillse bua,
‘Gus gáire grá ‘r a bhéal;
An Páistín soillseach séimh.

An Leanbh lách ‘na luí go tláth,
‘Sé Críost Ar dTiarna é;
Is é bheir síoth ’gus éirí croí.
Ó téimís faoi na dhéin;
Sé croí na féile é.

An té ar mhian leis Íosa caoin
Do bhogadh ‘na chliabhán,
Ní mór dó gabháil go stuama cóir,
Is bheith go h-umhal ‘na dháil;
Amhail Muire Óigh gan smál.

Carbhall aistrithe ón Ghearmánais ag Tadhg Ó Séaghdha
Príomhoide  S.N. Ros a’ Mhíl, Casla, Co. na Gaillimhe.
Féile na Giniúna gan Smál 1947.
Beannacht Dé len a anam.

Previous articleTransition Years in Knock Shrine
Next articleChurch Unity Week – January 2009