Machnamh – Tread Litir 2009

Dúshláin atá Romhainn Anois
Litir Thréadach ón  ArdEaspag Néaraí
Earrach 2009

Le gairid

Trí bliana ó shin tugadh Tionól Deoise le chéile.  Mar ullmhú don Tionól sin chuathas i gcomhairle go forleathan sna paróistí agus sna ceantair  Eaglaise sa deoise.   Páirteach san obair sin bhí na tuataí, na hoird agus na sagairt agus rinne siad sin go díograiseach dúthrachtach.  Tá mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt ar bhealach speisialta  don obair iontach  a rinne an Grúpa Feidhmithe Deoise nuair a thug siad go fial faoi fhreagracht a ghlacadh as cur le chéile agus feidhmhiú mholtaí an Tionóil.

Ag cruinnithe le sagairt na deoise ag Comhdhálacha Déanachta d’iarr mé moltaí faoin mbealach ab fhearr a d’fhreagródh do na dúshláin atá amach romhainn anois agus gan an oiread sin sagart ar fáil. Chuir mé na moltaí sin  os comhair Chomhairle na Sagart, áit ar pléadh go hiomlán iad. Mhol an Chomhairle go mbunóinn grúpa oibre a dhéanfadh moltaí faoin mbealach a ndéanfaí freastal ar pharóiste na Deoise amach anseo.  Chuir an grúpa oibre, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na sagairt ar fad sa deoise tuarascáil eatramhach faoi mo bhráid, agus chuir mise an tuarascáil sin os comhair shagairt na Deoise, Chomhairle na dTuataí agus Ghrúpa Feidhmithe na Deoise agus d’iarr orthu tuairim a thabhairt.  Cuireadh dara dréacht na moltaí sin ina dhiaidh sin os comhair na sagart agus os comhair Chomhairlí Tréadacha an Pharóiste lena machnamh a dhéanamh orthu.  Is mór agam an chaoi ar ghlac a raibh baint acu leis páirt chomh dearfach san obair sin.

Is é an toradh a bhí air sin ar fad go bhfuil mé ag cur Plean Deoise os bhur gcomhair anois.  Iarracht mhisniúil atá anseo tabhairt faoi na dúshláin atá os comhair na Deoise.  Níl anseo ach an chéad chéim agus muid ag admháil nach leor na bealaí a bhíodh againn agus a d’oibrigh agus muid anois ag tabhairt aghaidh ar an am amach romhainn.  Iarraimid oraibh é a thabhairt libh abhaile agus féachaint go cúramach air in éineacht le bhur muintir.  Beidh tionchar ag na moltaí atá ann ar chuile pharóiste i nDeoise Thuama.

An Eocairist sa Lár

Tá ceiliúradh na sacraimintí agus go háirithe Eocairist an Domhnaigh ag cróilár shaol paróiste. Is é bonnchloch  a bheith san Eaglais an caidreamh beo a bhíonn againn le Críost  agus cothaítear an caidreamh sin le paidreacha, go háirithe Eocairist an Domhnaigh. Deir an Teagasc Críostaí Caitiliceach linn go bhfuil “ceiliúradh an Domhnaigh de lá ár dTiarna agus na hEocairiste ag croí-lár saoil na hEaglaise”.  Dhá uireasa ní bhímid in ann na nithe a bhíonn ón saol ó cheart a chur ar fáil, saol a bhíonn ag lorg Dé. Is í an Eocairist a mhúnlaíonn  saol an pharóiste  agus is chuici a fhilleann sé.   Agus an Deoise á aithint sin tá daoine réitithe aici  atá oilte sa liotúirge, sna comhairlí tréadacha agus i múnlú an chreidimh a oibreoidh agus a bheidh mar acmhainn leis na daoine ar fad atá páirteach sna réimsí sin. Agus muid ag aithint na tábhachta a bhaineann le ministreacht ar dhaoine óga tá Comhairle Óige Deoise ceaptha le deis a thabhairt don óige agus do dhaoine fásta óga a gcreideamh a chothú agus a cheiliúradh ar bhealaí a mbeidh brí agus ciall leo. Tá roinnt imeachtaí tarlaithe, tá tuilleadh pleanáilte trína bhfuil an óige agus daoine fásta óga in ann an Eaglais a bheith ina saol ar bhealaí nua.

Tá fáilte mhaith curtha roimhe sin ar fad agus tá dúthracht agus díograis nua ann  agus an oiread páirteach  agus ag obair sna paróistí éagsúla agus sna réimsí éagsúla. Tá go leor  tionscadal tréadach agus tionscnamh nua ag teacht chun cinn leis an nguí agus gníomh Críostaí ag teacht le chéile. Tá daoine ag obair leis na sagairt agus ag tacú leo, mar le chéile faighimid níos mó amach faoinár gcreideamh, bíonn caidreamh níos fearr againn le Dia  agus tuigimid níos fearr buanna agus freagrachtaí gach duine.

An Misneach a bheith  i do Chríostaí

San lá atá inniu ann ní fhéadfaimid a bheith inár gCríostaithe a bhíonn faoi chuing na ceartpholaitíochta agus muid ag maireachtáil agus ag fógairt an tsoiscéil. Tá daoine atá ag iarraidh dul i ngleic le gealltanais fholamha agus contrárachtaí an lae inniu, tá siad ag iarraidh briathair Dé.  San am atá ann  teastaíonn daoine uainn a bhfuil dóthain dílseachta agus suáilcis iontu leis an bpobal atá againn anois  a choinneáil le chéile  le linn clár oibre níos leithleasaí a bheith á chur chun cinn an t-am ar fad. Agus é ag labhairt le sagairt, ach d’fhéadfadh sé a bheith ag labhairt le duine ar bith, is éard a dúirt an Pápa Eoin Pól II ‘teastaíonn daoine uainn ar saineolaithe ó thaobh na daonnachta iad, daoine a thuigeann chomh domhain is atá an croí, atá in ann áthas is dóchas, brón is buairt daoine sa lá atá inniu ann a roinnt, ach atá ag an am céanna in ann machnamh a dhéanamh agus a bhfuil gean mór acu ar Dhia’.

Dóchas an tSoiscéil – Treoir amach romhainn

Riamh sa saol bhain creideamh, dóchas agus carthanacht le misean na hEaglaise. B’fhéidir gur mó a theastaíonn dóchas sa lá atá inniu uainn. Cuimhnigh tar éis an Aiséirí ar an mbeirt deisceabal ar an mbealach go hEamáus agus an misneach caillte acu agus iad ag caint le Críost agus é aiséirithe ach nár aithnigh siad é  “agus sinne ag súil gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt”. (Lucás 24:21).  Bhí an bheirt deisceabal sin ar  a mbealach go hEamáus ag dul an treo mhícheart.  Ach shiúil Íosa in éineacht leo, d’oscail sé na scrioptúir dóibh; d’éist siad agus tháinig an misneach agus an fhís chucu iompú ar ais. Sa mBíobla is sa bhfásach i gcónaí a bhíonn duine  nó daoine sula n-iompaíonn siad chuig Dia. B’fhéidir gur sa bhfásach seo ina bhfuil Éire faoi láthair  a gheobhaidh muid Dia uilechumhachtach. Deir Naomh Pól linn  “bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh”. (Romhánaigh 12:12). Cuimhnigh freisin ar chaint an scríbhneora as Sasana  G. K. Chesterton nuair a dúirt sé gur gné de stair na hEaglaise go leanann bláthanna ag fás sa bhfásach!

Tátal :  LánDóchas amach Romhainn

Is é an patrún a bhí sa Deoise seo roimhe seo údar dóchais na todhchaí. Tá a gcuid amanna, a gcuid buanna agus a gcuid dúthrachta tugtha ag níos mó agus níos mó daoine, fir, mná agus daoine óga  le ríocht Dé an chirt, an ghrá agus na síochána a thógáil. Tá grúpaí tuata ag obair go dlúth lena gcuid sagart agus ag aimsiú  fuinneamh nua ó thaobh freastal ar an Soiscéal.  Le chéile tá siad á gcur féin in oiriúint  do na hathruithe a chaithfear a dhéanamh mar gur lú sagairt a bheidh ar fáíl. Éilíonn an ghníomhaíocht nua orainn ag an am céanna staidéar agus machnamh a dhéanamh  agus toil Dé a aimsiú inár gcuid oibre.

Tugaimis aghaidh ar an am amach romhainn le dóchas agus creideamh.  Le chéile, tuataí, oird, sagairt agus an tArdEaspag déanfaimid iomaire nua.  Beidh fómhar ag na glúinte nár rugadh fós as an bpian agus an obair a bhaineann le hathruithe a dhéanamh.  Tá an bóthar go Emmaus ar chuile shráidbhaile agus baile sa Deoise. Cá bhfuil muid, cá bhfuil  mise ar an mbóthar sin? An bhfuil mé fós ag caitheamh súil siar, ag caoineadh an ama a bhí, ag diúltú freagrachta a ghlacadh faoin am i láthair, ag tarraingt na gcos, faitíos againn faoin am amach romhainn nó an aithním an t-aiséirí i mbriseadh an aráin agus i mbriseadh  na gcroíthe a chastar orm?

Sa Deoise anseo tá go leor inár bhfabhar,  na réimsí éagsúla ar labhair mé orthu, tuataí, oird agus sagairt lena mbaineann dúthracht agus geallúint agus atá in ann an oiread a dhéanamh. Mar dheoise tá an t-ádh linn agus áiteanna oilithreachta againn mar Chnoc Mhuire, Bhaile an Tobair, Cruach Phádraig agus Máiméan.

Iarraim oraibh freagracht a ghlacadh trí eolas a chur ar na moltaí le freastal a dhéanamh  amach anseo ar pharóistí  na Deoise.  Tá an t-achoimre clóite ar fáil sa Séipéal.

Ag tráth criticiúil i stair phobal Dé ba í comhairle Iósua, agus is í fós;  “ná bíodh eagla ort ná beaguchtach mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú”. (Iósua 1:9).

***************

Previous articleAddress by Sean Staunton at In-service 2007
Next articleAddress given at the Diocesan Youth Council on 21st February, 2008.