Machnamh – Feabhra 2007

An CĂșigiĂș Domhnach Saor

Lean Siad Ă©

Bhí Peadar tuirseach tar éis a bheith amuigh ag iascach i gcaitheamh na
h-oĂ­che agus gan tada aige dĂĄ bharr.  NĂ­ raibh fonn cainnte air le h-Ă©inne. Bricfeasta maith agus nĂ©al codhlata a bhĂ­ uaidh anois.  Ach bhĂ­ na h-eangacha le nĂ­ochĂĄn i dtosach. Ba ghearr gur chuala sĂ© gleo agus chonaic sĂ© an slua  ag dĂ©anamh air.
B’é Íosa, an mĂĄistir as Nasair a bhĂ­ ann, an fear a leigheas mĂĄthair a bhean chĂ©ile tamaillĂ­n roimhe sin.  D’imigh an t-olc agus an t-ocras de Pheadar lĂĄithreach. Shuigh Íosa isteach i mbĂĄd Pheadair  agus d’iarr sĂ© air an bĂĄd a tharraingt amach beagĂĄn Ăłn talamh.  Ansin thosaigh Íosa ag caint leis an slua agus h-Ă©isteadh go h-aireach leis.
Nuair a bhĂ­ Íósa crĂ­ochnaithe ag caint, dĂșirt sĂ© le Peadar,”Tarraing amach san uisce domhain agus cuir amach na h-eangacha.”  CĂ© go raibh a fhios ag Peadar nach raibh aon mharĂș ar an iasc, chuir sĂ© amach na h-eangacha.
Sar i fhad bhĂ­ siad lĂĄn le h-iasc.  Ghlaoigh Peadar ar ShĂ©amas agu Eoin agus lĂ­on siad an dĂĄ bhĂĄd le h-iasc.

NĂ­or bhuail an t-Ă­ontas Peadar i gceart go dtĂ­ go dtĂĄinig sĂ© i dtĂ­r.  Is ansin a thĂĄinig na ceisteanna chuige, “An ag brionglĂłidĂ­ a bhĂ­ mĂ©?  CĂ© h-Ă© an fear seo?  CĂ© h-Ă© mise?
B’fhacthas do Pheadar gur peacach lag suarach a bhĂ­ ann fĂ©in agus chaith sĂ© Ă© fĂ©in ar a ghlĂșine ag cosa Íosa.  Ansin d’airigh sĂ© lĂĄmh Íosa ar a ghualainn.  “NĂĄ bĂ­odh faitĂ­os ort,” a deir Íosa leis, “As seo amach is daoine a bheas ĂĄ ngabhĂĄil agat agus nĂ­ iasc.”

BhĂ­ Peadar, SĂ©amas agus Eoin athraithe go brĂĄch.  DĂ­reach ina dhiaidh sin, tharraing siad na bĂĄid anĂ­os ar an trĂĄ.  D’fhĂĄg siad chuile rud agus lean siad Íosa.
Ó shin i leith, tĂĄ daoine ag glacadh leis an ngairm sin Ăł Íosa ar bhealaigh Ă©agsĂșla.  Sa bparĂłiste, glactar leis an ngairm trĂ­ bheith crĂ­ostĂșil i chuile ghnĂ© dĂĄr saol sa mbaile, ag an obair agus trĂ­ bheith gnĂ­omhach i gcĂșrsaĂ­ na h-Eaglaise agus i bhforbairt an phobail. TĂĄ CrĂ­ostaithe a bhĂ­onn dĂĄirĂ­re faoi ghairm Íosa ag teastĂĄil inniu nĂ­os gĂ©ire nĂĄ riamh roimhe seo

Éistimís go h-aireach le Íosa agus
nĂĄ bĂ­odh faitĂ­os orainn Ă© a leanacht
fiĂș mĂĄ iarrann sĂ© orainn
tarraingt amach san uisce domhain.

************************

An SĂ©Ăș Domhnach Saor

Tå Críost Aiséirithe ó Mhairbh

Sa dara léacht in Aifreann an lae inniu, deir N. Pól:
“MĂĄs rud Ă© nach bhfuil CrĂ­ost aisĂ©irithe Ăł mhairbh, nĂ­ fiĂș tada bhur gcreideamh.”
Cén fåth go go gcuireann Pól an oiread sin béime ar an aiséirí?. Mar is é bunchloch år gcreidimh é.
CiallaĂ­onn an t-aisĂ©irĂ­ go bhfuair an fear neamh-ghnĂĄch seo ar a dtugtaĂ­ Íosa as Nasair, a chĂ©asadh agus a adhlacadh, an ceann is fearr ar an mbĂĄs. ThĂĄinig sĂ© trĂ­d slĂĄn sĂĄbhĂĄilte le beatha nua. Bhuaigh sĂ© glan ar an mbĂĄs.
NĂ­ eachtra stairiĂșil amhĂĄin, a tharla beagnach dhĂĄ mhĂ­le bliain Ăł shoin, atĂĄ san aisĂ©irĂ­..  TĂĄ sĂ© fĂłs ag tarlĂł.
De ghnĂĄth, nuair a bhĂ­onn muid ag caint faoin aisĂ©irĂ­, labhraĂ­onn muid san aimsir lĂĄithreach.  Deireann muid “TĂĄ CrĂ­ost aisĂ©irithe Ăł mhairbh.”,
“ TĂĄ Mac na hÓighe slĂĄn.”  Creideann muid go bhfuil CrĂ­ost, aisĂ©irithe Ăł mhairbh, i lĂĄthair ĂĄit ar bith a mbĂ­onn beirt nĂł triĂșr bailithe le chĂ©ile ina ainm. Creideann muid go bhfuil sĂ© i lĂĄthair ina Bhriathar sa ScrioptĂșr, san Aifreann, sa gComaoineach.  TĂĄ sĂ© inĂĄr measc mar ShlĂĄnaitheoir agus mar Thiarna.
Baineann an t-aisĂ©irĂ­ linn go lĂ©ir . MĂĄ chreideann muid in Íosa, is baill dĂĄ chomhlucht muid . Thug Íosa gheallĂșint dĂșinn gombeadh muid pĂĄirteach leis nuair a dĂșirt sĂ© le Marta:
“Mise an t-aisĂ©irĂ­ agus an bheatha.
An tĂ© a chreideann ionamsa, fiĂș mĂĄ fhĂĄigheann sĂ© bĂĄs, mairfidh sĂ©
agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa
nĂ­ bhfaighidh sĂ© bĂĄs choĂ­che.”

Rud rĂșndiamharach Ă© an bĂĄs nach dtuigeann muid. An t-aon rud amhĂĄin atĂĄ ar eolas againn go cinne faoi nĂĄ go gcaithfidh chuile dhuine againn bĂĄs a fhĂĄil, luath nĂł mall. BhĂ­ aithne againn go lĂ©ir ar dhaoine a bhĂĄsaigh Ăłg. NĂ­ dhĂ©anann an bĂĄs idirdhealĂș idir Ăłg agus sean. Tugann ĂĄr gcreideamh le fios dĂșinn go mbeidh muid i gcomhluadar DĂ© tar Ă©is ĂĄr mbĂĄs, nuair a “ghlanfaidh Dia gach deor ĂłnĂĄr sĂșile agus nĂ­ bheidh an bĂĄs ann feasta.”.
Idir  an da linn, tugann Íosa dĂșshlĂĄn dĂșinn. NĂ­ mĂłr dĂșinn ĂĄr ndĂ­cheall a dhĂ©anamh le go mbeidh ceart agus cĂłir ar fĂĄil do chuile dhuine ar an saol seo. NĂ­l sĂ© ceart go mbeadh muid inĂĄr dtost nĂĄ dĂ­omhaoin, fhad is atĂĄ bochtanas, Ă©agĂłir, na ocras i rĂ©im in ĂĄit ar bith sa domhan. Ba cheart go mbeadh muid ag fĂ©achaint chuig an t-ocras, an fhulaingt agus an t-anrĂł a laghdĂș le go mbeidh sĂ© soilĂ©ir go bhfuil rĂ© nua tagtha.

************************

An SeachtĂș Domhnach Saor – An Riail Órga

I bhfad roimh theacht Íosa ar talamh, bhĂ­ an riail sin ag na GiĂșdaigh.
B’í ceann de na rialacha ba thĂĄbhachtaĂ­ a bhĂ­ acu.  An “Riail Órga” a thugaidĂ­s air. TĂĄ Íosa ag sĂșil le caighdeĂĄn i bhfad nĂ­os airde nĂĄ sin Ăłna lucht leanĂșna. Deir sĂ© linn:
“Bíodh grá agaibh do bhur náimhde.
An tĂ© a bhuaileann ar an leiceann thĂș,
tabhair an leiceann eile dĂł chomh maith.
DĂ©anaigĂ­ maith agus tugaigĂ­ gan sĂșil le tada arais.”

Nuair a smaoinĂ­tear air, nach bhfuil sĂ© i bhfad nĂ­os ciallmhaire glacadh le comhairle Íosa nĂĄ am agus fuinneamh a chur amĂș le sean namhaideachas agus pleanĂĄil dĂ­oltais.  Is minic a leantar den sean dĂ­oltas cĂ©anna Ăł ghlĂșin go glĂșin gan tada dĂĄ bharr sa deireadh ach tuilleadh brĂłin, clampair agus ‘droch-fhuil’.NĂ­ bhĂ­onn sonas nĂĄ suaimhneas le fĂĄil as.
Molann Íosa dĂșinn maiteanas a thabhairt agus tĂșs na breithe a fhĂĄgĂĄil ag Dia.
Níl sé sin éasca a dhéanamh. Cuireann sé caighdean an-ard romhainn.

TĂĄ Íosa ag sĂșil go mbeidh muid grĂĄmhar mar atĂĄ an tAthair ar neamh. Sin Ă© an aidhm atĂĄ curtha aige romhainn.  Ag an am cĂ©anna tuigeann sĂ© cĂ© chomh deacair is atĂĄ sĂ© orainn a chomhairle a ghlacadh agus tĂĄ sĂ© i gcĂłnaĂ­ rĂ©idh le tacaĂ­ocht a thabhairt dĂșinn. Thug sĂ© dea-shompla dĂșinn ina bheatha fhĂ©in. BhĂ­ grĂĄ faoi leith aige dĂłibh siĂșd a bhĂ­ lag, na h-easlĂĄin, na peacaĂ­, na stĂĄinsĂ©irĂ­ agus daoine eile nach raibh mĂłrĂĄn measa orthu lena linn.
FiĂș ar Chrann na Croise, mhaith sĂ© a gcoir do lucht a dhaortha.   DĂșirt sĂ©,
“A Athair maith dĂłibh Ă©, mar nĂ­ thuigeann siad cĂ©ard atĂĄ ĂĄ dhĂ©anamh acu”

Inniu, tá Íosa ag iarraidh orainn
Ă© a leanacht ar aistir an mhaiteanais.
Beidh sé in éineacht linn lena ghråsta
chuile choiscéim den bhealach.
Tabharfaidh sĂ© cĂșnamh dĂșinn
an grĂĄ a chur in ĂĄit an fhuatha,
an maiteanas in ĂĄit an dĂ­oltais agus
an fhlaithiĂșlacht in ĂĄit na sainnte.

**************************

An ChĂ©ad Domhnach den Charghas – 25Ăș Feabhra 2007

An Carghas

Ag tĂșs an Charghais, cuirtear i gcuimhne dhĂșinn breathnĂș ar ĂĄr saol, fĂ©achaint an bhfuil muid dĂĄirĂ­re faoi Íosa CrĂ­ost a leanacht.
Sa mBaisteadh, rinne ĂĄr gcaras CrĂ­ost geallĂșintĂ­ ar ĂĄr son go ndiĂșltĂłdh muid do chathĂș an diabhail, go gcreidfeadh muid in Íosa CrĂ­ost agus go leanfadh muid Ă©.  I rith an Charghais, nĂ­ mĂłr dĂșinn an cheist a chur orainn fĂ©in, “An bhfuil geallĂșintĂ­ ĂĄr mBaiste ĂĄ gcomhlĂ­onadh agam?”

Sular chuir Íosa tĂșs lena shaol poiblĂ­, chaith sĂ© dhĂĄ fhichead lĂĄ san bhfiĂĄntas. Sa gciĂșnas , bhĂ­ deis aige Ă©isteacht le briathar DĂ© agus toil a Athar maidir lena shaol fhĂ©in a aimsiĂș.  NĂ­ raibh an diabhal dĂ­omhaoin i rith an ama sin ach an oiread. D’fhĂ©ach sĂ© le cathĂș a chur ar Íosa le nach gcomhlĂ­onfadh sĂ© toil a Athar.  NĂ­or Ă©irigh leis san seift sin.  Chuir Íosa a mhuinĂ­n i nDia amhĂĄin agus roghnaigh sĂ© bealach na h-ĂșirĂ­sleachta agus na fulaingthe chun an dea-scĂ©al a fhĂłgairt.

MĂĄ bhĂ­ sĂ© de dhĂĄnaĂ­ocht ag an diabhal cathĂș a chur ar Mhac DĂ©, bĂ­ cinnte nach mbĂ­onn sĂ© dĂ­omhaoin nuair a bhĂ­onn muide ag iarraidh diĂșltiĂș don olc agus aithrĂ­ a dhĂ©anamh.  Fuair Íosa an ceann is fearr ar an diabhal san bhfĂĄsach agus is fĂ©idir linn a bheith cinnte nach gclisfidh Íosa orainne in am an chathuithe, ach ĂĄr muinĂ­n a chur as.
Chuile lå, bíonn ar an gCríostaí rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an
t-olc. I rith an Charghais, dĂ©anann muid an rogha sin a dhaingniĂș trĂ­ dhea-oibreacha a chleachtadh agus trĂ­nĂĄr n-ainmhianta a smachtĂș. Moltar dĂșinn a bheith nĂ­os dĂ­lse don phaidreoracht, troscadh a dhĂ©anamh agus dĂ©irce a thabhairt.
LĂ©irĂ­onn an troscadh go bhfuil muid dĂĄirĂ­re faoi dhiĂșltĂș don diabhal agus gur mian linn CrĂ­ost a leanacht. Sa tsean-am, bhĂ­odh sĂ© de dhualgas ar Caitlicigh staonadh Ăłn fheoil chuile DĂ© hAoine. Nuair nach bhfuil an riail sin ann nĂ­os mĂł, tĂĄ contĂșirt ann go n-Ă©ireoidh muid faillĂ­och faoin ngĂĄ atĂĄ leis an fĂ©in-smacht a chleachtadh. Baineann fĂ©in-smacht leis an mĂ©id ama a chaitheann muid os chomhair na teilifĂ­se, nĂł sa bpub, leis an mĂ©id airgid a chaitheann muid ar an lotto, ar an Ăłl nĂł ar thoitĂ­nĂ­, leis an gcaoi a gcoinnĂ­onn muid rialacha an bhĂłthair.
CabhrĂłidh an phaidreoracht linn ĂĄr meoin a dhĂ­riĂș ar aitheanta DĂ© agus ar an ngĂĄ atĂĄ againn lena ghrĂĄsta. TrĂ­ bheith flaithiĂșil leis na bochta, dĂ©anann muid iarracht ĂĄr nĂłsann sanntacha a bhriseadh agus cĂșiteamh a dhĂ©anamh as an dochar atĂĄ dĂ©anta againn lenĂĄr bpeacaĂ­.
BainimĂ­s ĂșsĂĄid as an mbosca TrĂłcaire leis an fhlaithiĂșlacht sin a chleachtadh.

********************
Previous articleMachnamh – Eanair 2007
Next articleMacnhnamh – Aibrean 2007