Archbishop’s address at Tionol 2006 – Diocesan Assembly (youth)

A dhaoine óga geanúla,

In Éirinn an lae inniu ní bhíonn fonn mór ar dhaoine a rá go poiblí gur Caitlilicí iad nó fiú amháin go gcreideann siad i nDia.  Ach, ar an taobh eile den scéal, théis castáil le go leor daoine óga braithimse go n-airíonn go leor agaibhse gar do Dhia agus go bhfuil sibh ag iarriadh ’bheith páirteach san Eaglais.

Is minic ráite gurb iad ár ndaoine óga todhchaí na hEaglaise.  Creidimse gur sibhse Eaglais an lae inniu.  D’fhéadfadh sé breathnú ó am go chéile go bhfuil an Eaglais ar nós “cuma liom” agus nach bhfuil tada le foghlaim uaibh.  Ní mar sin atá an scéal, i ndáiríre.  Tugann sibh dalladh buanna agus bronntanaisí do’n Eaglais fré chéile.  Tá an Spiorad Naomh ag obair go díograiseach ionaibh, (chomh maith le duine fásta ar bith) in imeachtaí bhur saoil óig.  Táimse, mar Ardeasbag, agus tá muidne mar Phobal Dé ag iarraidh éisteacht le bhur nglór.

Tá Pobal na hArd-deoise seo i láthair na huaire ag fáil faoi réir le haghaidh Tionól Tréadach (teacht le chéile mór, nó ollchruinniú) ag plé chúrsaí creidimh.  Ba mhaith linn a bheith níos éifeachtaí mar Eaglais, idir chléir agus pobal, ag scaipeadh shoiscéal Dé san am atá le theacht.  Teastaíonn pleanáil, comhoibriú agus comhairle.  Sin an fáth atá sibhse ag teastáil agus an fáth atá sibh fíor-riachtanach don Eaglais.

Is mian liom cuireadh a thabhairt daoibhse ’bheith páirteach sa bpróiséas seo.  Gan dabht is sibhse, na daoine óga, dóchas na hEaglaise.  Ach é sin ráite, tuigim chomh maith gur sibhse an dúshlán is mó dúinne freisin!

Céard iad na rudaí atá ag teastáil sa chaoi is go mbeidh liotúirgí taitneamhacha, bríomhara againn?  Cén chaoi ar féidir leis an Eaglais cabhrú leat aithne níos fearr a chur ar Dhia?  Cén chaoi ar féidir linn a chinntiú go gcloisfear bhur nglór?

D’iarr mé ar do scoil deis a thabhairt duit na ceisteanna tábhachtacha seo a phlé.  Moltar do chuile scoil beirt nó triúr scoláire sinsearacha a chur ar aghaidh chuig Tionól speisialta do dhaoine óga a bheas ar siúl ag deireadh Mhí Aibréain.  Aithneofar ag an gcruinniú sin na hábhair thráthúla, chomhaimseartha atá ar bhur n-intinn agus ansin, beidh  a fhios againn céard iad na topaicí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh agus muid ag pleanáil don todhchaí.

Mar fhocal scoir creidim go tréan gur sibhse Eaglais an lae inniu.  Tá sé riachtanach go gcloisfeadh d’Eaglais bhur nglór.  Bí páirteach sa bpróiséas spreagúil seo. Má chuireann muid chuige le chéile agus le cúnamh Dé is féidir linn todhchaí lán le dóchas a chinntiú daoibhse agus don Eaglais.  Tá cuimhní sona agam, mar Ardeasbag ar lé bhur gCómhneartaithe agus mar gheall air sin tá saghas nasc spioradálta eadrainn agus tá mé ag tnúth go mór le freagra fuinniúil, bríomhar, spreagúil uaibh.

Go mbeannaí Dia sibh ar fad,

+ Michéal
Ardeasbag Thuama.

Previous articleMachnamh – September 2006
Next articleMachnamh – October 2006