Machnamh – Bealtaine 2006

An Ceathrú Domhnach den Cháisg – 7ú Bealtaine, 2006

An tAoire Maith

Dúirt Íosa: ‘Mise an t-aoire maith. Tugann an t-aoire maith a bheatha ar son a chaorach.’
Is annamh sa tír seo anois, a fheictear aoire ag fosaíocht caorach. Timpeall caoga bliain ó shoin, bhí sé coitianta go leor, sa samhradh, gasúir a fheiceáil sna garrantaí ag tabhairt aire do chaoirigh nó beithigh. Ba obair thábachtach í sin mar bhítheas ag braith ar na beithigh agus na caoirigh le  slí bheatha a bhaint amach.
I dtíortha áirithe sa domhan fós, déanann aoirí an obair thábhachtach seo. Fanann siad in éineacht leis na caoraigh lá agus oíche. Seolann siad isteach sa gcró iad le dul faoi na gréine.Tugann siad deoch agus greim dóibh má theastaíonn sé, níonn siad iad agus cuireann siad ola ar a gcréachta. Déanann siad na caoraigh a chosaint ó ainimhithe fiáine, go fiú  bás a fháil ar a son más gá.
Tá an teideal ‘An tAoire Maith’ tuillte go maith ag Íosa mar fuair sé bás le muid a shlánú ón olc agus fanann sé linn i gcónaí le muid a threorú. Sé an t-aon bhealach amháin le fáil isteach sa mbeatha shíoraí ná é a leanacht. Eiseann a tháinig ó Dhia agus a chuireann Dia, ár nAthair in aithne dúinn. Cloistear glór Dé sa teagasc a thug Íosa dhúinn, feictear grá Dé sa gcaoi a chaith Íosa a shaol agus sa gcaoi a bhásaigh sé. Feictear dílseacht agus cumhacht Dé in aiséirigh Íosa ó mhairbh.
Sa mBaisteadh, ghlaoigh Íosa ar chuile dhuine againn go pearsanta é a leanacht. Gráíonn sé muid go pearsanta mar a ghráíonn aoire maith a chaoraigh. Is féidir linn é a thrust go h-iomlán mar fuair sé bás ar an gcrois le go mbeadh an bheatha shíoraí againn. An n-éisteann muid lena ghlór? nó ar bhfearr linn ligean do dhaoine eile muid a threorú?
I chuile aois, glaonn Dia ar dhaoine áirithe a saol a chaitheamh go h-uile is go h-iomlán ag déanamh obair an Aoire Mhaith ar son Phobal Dé mar shagairt, mar mhná rialta nó mar bhráithre.
Faoi láthair sna tíortha saibhre, tá laghdú mór ar an méid daoine atá ag éisteacht leis an nglaoch sin. Níl sé éasca aird a thabhairt air nuair atá an méid sin rogha eile ann agus nuair nach bhfuil an meas céanna ar an Eaglais is a bhíodh.
Sé an Pobal a chothaíonn suim i ngairm na sagartachta agus na beatha rialta. Má chreideann muid go bhfuil sagairt riachtanach san Eaglais, tá sé in am againn dúiseacht agus a bheith gníomhach. Muna dtagann athrú ar an scéal, is gearr go mbeidh sagairt fíor-ghann agus nach mbeidh bean rialta ar bith fanta i nGaeltacht Chonamara.
Guímís go mbeidh sé de mhisneach ag aos óg na linne seo éisteacht leis an Tiarna, an tAoire Mhaith, nuair a ghlaonn sé orthu.

**********************************

An Cúigiú Domhnach den Cháisg – 14ú Bealtaine, 2006

Toradh Maith, Fíon Maith

Ní minic a fheictear crainn finiúna sa tír seo. Feictear corr uair iad i dtíthe gloine ach tá siad an-choitianta sna garrantaí sa Talamh Naofa. D’fheiceadh na h-aspail na féalmearaí ag réiteach na talún thart ar fhiniúna san Earrach, ag gearradh amach na ngéag lofa agus ag bearradh siar na ngéag folán le go dtabharfadh siad toradh níos fearr.

Dhírigh Íosa aird na n-aspal ar an mbeatha a ritheann tríd an bhfiniúin ó na rútaí go dtí barr na ngéag. Marach an bheatha sin, ní fhásfadh toradh ar bith ar an gcrann. D’úsáid Íosa an fhiniúin mar shamhlaoid den ghaol ba cheart a bheith idir e féin agus muide.

‘Mise an fhiniúin,’a deir sé, ‘Sibhse na géaga.
Is é an tAthair an té a thugann aire don fhiniúin’

Is mian le hÍosa go mbeadh toradh maith ar ár mbeatha.  Le go dtarlódh sé sin, ní mór dúinn cairdeas a bheith againn le h-Íosa. As ár stuaim féin, ní féidir linn tada a dhéanamh a mhairfeas ar feadh na síoraíochta. Cothaíonn muid ár gcairdeas le hÍosa sa bpaidreoracht, sna Sacraimintí agus trí éisteacht lena bhriathra sa Scrioptúir.  Dá ghiorra a thagann muid do Íosa sea is láidre a bhéas ár ngrá do Dhia agus don chomharsa. Bhí Íosa dáiríre i rith a shaoil faoin ráiteas sa Scrioptúir a deir:’

‘Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go h-iomlan,
ó d’ainm go h-iomlán agus le do neart go h-iomlán.
Gráigh do chomharsa mar tú féin.’

Iarrann sé orainne an aithne sin a chomhlíonadh mar a rinne seisean i rith a shaoil. Ní amháin inár mbriathra a chomhlíonann muid é ach inár ngníomhartha chomh maith.  Is mór an dúshlán é sin a dhéanamh ach geallann Íosa go bhfanfaidh sé dílis dúinn i gcónaí. Má fhanann muide dílis dósan ní bheidh teorainn leis an gcúnamh a thabharfaidh sé dúinn. Cuireann Íosa béim ar sin nuair a deir sé:

‘Má fhanann mo bhriathra ionaibh
iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh
agus déanfar daoibh é.’

************************************

An Séú Domhnach den Cháisg – 21ú Bealtaine, 2006.

Tugaigí Grá dá Chéile

“Tugaigí grá dá chéile mar a thugann mise grá daoibh.” a deir Íosa.

Díreach mar a ligeann Dia, ár nAthair ar neamh don ghrian soillsiú ar droch-dhaoine agus ar dhea-dhaoine le chéile, tugann Íosa grá do chuile dhuine idir maith agus olc. Is mór an dúshlán dúinne é, mar sin, nuair a chuireann sé mar idéal romhainn daoine eile a ghráú mar a gráíonn seisean iad. Tá grá chomh mór sin aige dúinn go gcreideann sé gur féidir linn a dhea-shampla leanacht.
Thug Íosa fhéin an treoir dúinn.  Nuair a tháinig an ceannaire céid, fear a bhí ag obair ag na Rómhánaigh, chuige ag rá go raibh a shearbhónta tinn, dúirt Íosa leis, “Tiocfaidh mé leat, anois díreach, le cóir leighis a chur air.” Nuair a bhí an bheirt fhear dall as Jericho ag glaoch ar Íosa agus an slua ag bagairt orthu, ghlac Íosa trua dóibh agus stad sé. Tá cur síos sa soiscéal ar go leor ócáidí inar ghlac Íosa trua don stráinséar nó don duine a bhí bocht nó faoi anshó. Cuimhnigh ar na lobhair nó ar an mbean Gréagach as críocha na Túire agus na Síodóine a raibh a h-iníon tinn; tháinig sé i gcabhair orthusan.
Lá an Bhreithiúnais, beidh Íosa ag breathnú ar cé chomh trócaireach agus a bhí muide i rith ár saoil. An ndéarfaidh sé linn, “Bhí ocras orm agus thug tú greim le n-ithe dhom?” nó an ndéarfaidh sé, “Bhí ocras orm agus ba chuma leat?”

Sa scéal faoin Mac Dramhlasach, léirigh Íosa nach gcoinníonn Dia.
ár nAthair, ár ndroch-ghníomhartha i gcuimhne ach go mbíonn se réidh
i gcónaí le maithiúnas a thabhairt.  Ag fáil bhais ar an gcrois dó, bhí Íosa in ann a rá, “A Athair, maith dóibh mar níl a fhios acu céard tá á dhéanamh acu,” Má ghortaítear muid nó mar dheantar éagóir orainn, bíonn sé deacair orainn maithiúnas a thabhairt. Meabhraítear dúinn gur bronntanas ó neamh an maithiunas.  Ní feidir linn é a thabhairt as ár stuaim féin.
Nuair a iarrann Íosa orainn ár gcomharsa
a ghráú mar a ghráíonn sé féin é,
ní fhágann sé muid gan an cúnamh
a theastaíonn uainn. Ní mór dúinn, mar sin,
cabhair a iarraidh air le go mbeidh ár
smaointe agus ár ngníomhartha lán
le grá ar nós a smaointe agus a gníomhartha féin.
Bíodh muid cinnte go n-éisteoidh sé linn.

******************************************

Deascabháil ár dTiarna – Domhnach 28ú Bealtaine, 2006

Deascabháil Ár dTiarna

Inniu Féile Dheascabhail ár dTiarna. Is lá dóchais agus ceiliúrtha dúinn go léir é. Déanann muid comhghairdeas le h-Íosa mar go bhfuil an bua fáighte aige ar an mbás agus go bhfuil sé imithe romhainn go dtí na Flaithis.  Creideann muid go mbeidh muide in éineacht leis ansin lá éicint, i gcomhluadar an Athar, an Spioraid Naoimh, na Maighdine Muire agus na naomh uilig.
Idir an dá linn, ní mór dúinn ár gcosa a choinneáil go daingean ar an talamh.  Tar éis do Íosa imeacht as amharc uathu, d’fhan na h-aspail ar feadh tamaill ag stánadh in airde ar an spéir. Níorbh fhada gur cuireadh in iúl dóibh go gcaithfidís aird a thabhairt ar na cúramaí a bhí tugtha ag Íosa dóibh ar talamh.
Má theastaíonn uainn a bheith gar do Íosa, ní mór dúinn Íosa a fheiceáil sna daoine atá thart orainn.  “Má thugann muid grá dá chéile, maireann Dia ionainn”, a deir Naomh Naomh Eoin.  Deir Íosa féin, “Sa méid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lua de na cairde seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.”

Tá misean Íosa le críochnú fós. Tá go leor le déanamh chun an tsíocháin, an ceart agus an chóir a chur chun cinn ar an saol seo.  Tá Íosa ag brath orainne, a lucht leanúna, chun an obair sin a dhéanamh. Is é grá Dé a choinneos ag imeacht muid.

Tá a leithéid de ghrá le tabhairt faoi deara i nghnáth dhaoine –
i dtuismitheoirí ag tabhairt aire dá ngasúir, iontu siúd atá ag freastal
ar na h-easláin agus ar dhaoine lag intinneacha.  Tá sé le feiceáil
freisin áit ar bith a bhfuil iarracht macánta á dhéanamh le síocháin
agus aontas a chothú ar fud an domhain.

Tugann Féile Dheascabháil ár dTiarna dúshlán dúinn ár bpáirt a ghlacadh le Ríocht an Ghrá, na Síochana agus an Chirt a scaipeadh ar talamh.
Is cuma más uasal nó íseal muid, is féidir linn an dea-scéal a fhógairt lenár bhfocla agus lenár ngníomhartha. Is féidir leis an ngníomh fónta is lua Ríocht Dé a chur chun cinn.

Tá sé geallta ag Íosa go mbeidh sé linn i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil. Bíodh ríméad agus áthas orainn go mbeidh muide mar fhinnéithe dhó go críocha na cruinne go dtí go mbeidh muid aontaithe go h-uile is go
h-iomlán leis sna Flaithis.

Previous articlePentecost Sunday – 6th May, 2006
Next articleHomily for Confirmations 2006