Machnamh – Feabhra 2006

Smaointe – Machnamh – Mí Feabhra

An Cúigiú Domhnach Saor – 5ú Feabhra – 2006

Cumhacht Dé Thart Orainn

Nuair a thug Íosa faoi deara nach raibh ag teastáil ó chuid de na sluaite a bhí thart air ach míorúiltí agus íontaisí, chuaigh sé i bhfolach orthu. Fuarthas é amuigh ar an sliabh ag guí. Bhí air a mhíniú dá dheisceabail gur le h-aghaidh dea-scéal Dé a scaipeadh a tháinig sé ar talamh agus nach le clú agus cáil a bhaint amach dó féin.

I soiscéal Aifreann an lae inniu, cuireann Naomh Marcus síos ar lá a chaith Íosa i gCafarnaum ag cur cóir leighis ar go leor daoine. I measc na ndaoine a leigheas sé an lá sin, bhí máthair Pheadair. Chomh luath is a leigheasadh í, d’éirigh sí agus thosaigh sí ag freastal ar na cuairteoirí.  Chuir sí a buíochas in iúl trína gníomhartha. Thuig sí nach dí féin amháin  an tsláinte a bhí faighte ar ais aici ach go raibh sí lena úsáid ar mhaithe le daoine eile. An té a d’fheicfeadh í ag gabháil thart ag freastal ar chuile dhuine, bheadh a fhios aige/aici go raibh cumhacht Dé i ngar.

In am an ghátair is dúthrachtaí an urnaí ag a gcuid is mó againn.
Nuair a bhíonn an saol ag dul rite linn, iompaíonn muid chuig Dia ag achainí air agus ag súil le míorúiltí. B’fhéidir gur beag a smaoiníonn muid ar Dhia nuair a bhíonn ag éirí go maith linn. An í an aithrí thoirní againn é nuair a cuimhníonn muid ar Dhia?

Is corr uair a thaispeánann Dia a chumhacht trí mhíorúiltí. Ach, bíonn a chumhacht le feiceáil timpeall orainn chuile lá. Tóg mar shampla, an tráth seo den bhliain, dúiseacht an dúlra tar éis suan an gheimhridh – nach shin í obair mhíorúilteach Dé.  Breathnaigh ar íontaisí na spéire ó éirí go dul faoi na gréine agus go mór mór i nduibheagán na h-oíche. Nach minic a chuireann siad íontas agus alltacht orainn.
Le go mbeidh muid in ann cumhacht Dé a fheiceáil in íontaisí an dúlra  agus i gcomhair na gcomharsan, ní mór dúinn tréimhse a chaitheamh i gciúineas chuile lá. Tugann an spás deis dúinn machtnamh a dhéanamh  ar íontaisí Dé.  Is íontach an t-athrú a thagann ar mheoin agus ar dhearcadh an duine má thógann sí/sé an tréimhse sin go rialta.

Nuair a bhí Íosa ar talamh agus é sách cruógach ag freastal ar na h-easláin agus ar na bochta, théadh sé go dtí áit uaigneach le guí a dhéanamh, amanntaí roimh éirí na gréine agus amanntaí eile i gciúineas na h- oíche.
A Thiarna Íosa, cuidigh linn a bheith dílis don urnaí agus a bheith sách ciúin le aird a thabhairt ar na h-íontaisí a chuireann tú ar fáil thart orainn chuile lá.

**************************************************************

An Seú Domhnach Saor – 12ú Feabhra

Glac Íosa Trua Dhó

Bhí dlí na nGiúdach an-dian ar an duine a raibh galar na lobhra air.
De réir an dlí sin, bhí ar an lobhar a bhaile agus a mhuintir a fhágáil agus dul ar an iargúltacht ó chuile dhuine eile. Ní raibh sé ceadaithe dhó aon bhaint a bheith aige lena mhuintir, a chairde na a chomharsana. Ní amháin gur ceapadh go raibh an galar sin an-tógálach, ach ceapadh freisin go raibh an duine féin neamh-ghlan os comhair Dé.
Ní mar sin a cheap Íosa é. Bhí eolas an dlí ag Íosa ach bhí a thrua don duine níos láidre. Lig sé don lobhar teacht i ngar dó agus leag sé lámh air. Thug sé sin scannall do na daoine a bhí thart orthu ach ba mhór an sólás a thug sé don lobhar bocht. Trína lámh a leagan go h-ómósach air, thug Íosa le fios don lobhar gurb duine fiúntach é, cé go raibh galar uafásach air.

Bhí muinín láidir ag an lobhar as Íosa.
“Más áil leat,” ar sé, “Is féidir leat mé a ghlanadh.”
“Is áil liom,” arsa Íosa, “Glantar thú.”
D’fhág an galar an lobhar láithreach agus glanadh é.

Tugann an creideamh daingin a bhí ag an bhfear bocht seo dubhshlán dúinne. An gcreideann muid gur féidir le Íosa muid a shábháilt ón olc agus ón mbás? Nó an bhfáigheann an t-éadóchas an ceann is fearr orainn nuair a chloiseann muid na droch scéalta sa nuaíocht?nó má tharlaíonn tubaist sa gceantar?
Thug Íosa dubhshlán dúinn freisin nuair a shín sé a lámh amach le cúnamh a thabhairt don duine nach raibh meas air. An dtugann muide an t-ómós agus an cineáltas céanna do dhaoine atá ar an imeall? Céard faoi na daoine atá thíos, príosúnaí, lucht siúil, imircí, daoine le AIDS, daoine atá tugtha don ól nó do dhrugaí? Cén dearcadh atá againn orthu? An mbíonn trua againn dóibh?

B’fhéidir go bhfuil daoine tinn nó uaigneach in ár gcomharsanacht. Go minic ní theastaíonn ach focal misnigh nó lámh cúnta le dóchas agus
féin-mheas a mhúscailt san té atá thíos.

A Íosa, roinn orainn do ghrá agus do thrua don duine atá thíos. Cuidigh linn ár gcreideamh a chur i ngníomh trí a bheith trócaireach, tuisceanach leis an té nach bhfuil meas an tsaoil seo air.

****************************************************

An Seachtú Domhnach Saor – 19ú Feabhra

An gCreideann Muid?

Léiríonn Naomh  Marcus dúinn go raibh na sluaite ag déanamh iontais ó thús den cumhacht a bhí ag Íosa i n-aghaidh chuile chineál oilc agus tinnis. Ba bhreá leo na míorúiltí a fheiceáil. Chuireadh cumhacht Íosa ríméad orthu agus bhídís ag moladh Dé dá mbarr. Bhíodh ríméad ar na deisceabail freisin, mar go raibh fear déanta na míorúiltí mar cheannaire orthu.

Níorbh fhada, áfach, gur tháinig casadh sa scéal.
Nuair a tháinig Íosa go Capernaum don dara h-uair, chuir na sluaite fáilte roimhe mar gheall ar na deaghníomhartha a bhí déanta aige san áit sin cheana féin. Bhí an teach ina raibh sé ag fanacht lán go doras.  Taobh amuigh, bhí cláiríneach á iompar ar shráideog. Nuair nach raibh aon bhealach isteach ag a chairde dó, rinne siad poll sa díon agus lig siad anuas an cláiríneach ag cosa Íosa.

Thug Íosa faoi deara a gcreideamh agus dúirt sé leis an gcláiríneach,
“A mhic, tá do pheacaí maite.”
I láthair ag faire ar Íosa, bhí na Scríobhaithe, daoine mór le rá i measc na nGiúdach.  Thosaigh siad ag gearán os íseal, “Is diamhasla é seo. Ní féidir le duine ar bith peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin.”  Níorbh féidir leo  glacaint leis go raibh údarás Dé i láthair i bpearsa Íosa.  Ní raibh an creideamh a bhí ag an gcláiríneach agus a chairde acu.

Ansin, dúirt Íosa, “Cé acu is éasca a rá leis an gcláiríneach, ‘Tá do pheacaí maite’, nó a rá ‘Éirigh, tóg do shráideog agus siúil?’ D’fhan na Scríobhaithe ina dtost. D’éirigh an cláiríneach, thóg sé leis an tsráideog agus thosaigh na sluaite ag moladh Dé.

Nach minic muide ar nós na Scríobhaithe. Bíonn ár ndearcadh agus ár bpleananna féin againn faoin gcaoi inar cheart an domhan agus ár saol féin a eagrú.  Ní bhíonn muid ró-shásta nuair nach réitíonn plean Dé lenár bpleananna féin. An mbíonn muid inár suí ar an sconsa ag fáil locht ar an maith atá á dhéanamh ag daoine eile in ionad cabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh? Ar bhfearr linn a bheith ag cleamhsán faoin méid, dar linne, nach bhfuil á dhéanamh?
An gcreideann muid go bhfuil cumhacht Dé le feiceáil áit ar bith a bhfuil daoine ag oibriú ar son a chéile? An gcreideann muid go bhfuil cumhacht Dé, trí phearsa Íosa Críost, i láthair, san Aifreann agus sna Sacraimintí?

*************************************************************

An tOcutú Domhnach Saor – 26ú Feabhra

Ur, Nua

I soiscéal Aifreann an lae inniu, leagann Íosa béim ar an bhfocal ‘nua’. Labhraíonn sé faoi fhear nua-phósta, faoi phaiste nua agus faoi fhíon nua. Is cosúil gur mian leis a chur ina luí ar a lucht éisteachta go bhfuil ré nua tagtha, go bhfuil teagasc nua ar fáil, go bhfuil tús a chur le gluaiseacht nua, go bhfuil spiorad nua ag borradh.

Meabhraíonn sé dúinn nach féidir fion nua a chur isteach i sean sheithí mar scaoilfeadh sé na sean sheithí, nach féidir paiste nua a chur ar shean bhall éadaí mar stróicfeadh sé an sean-éadach.  Mar an gcéanna, ní féidir an gluaiseacht nua nó an spiorad nua a choinneáil teoranta ag rialacha agus nósanna a cheapann an duine.  Ní tré chomhlíonadh rialacha amháin a shásaítear Dia.  Le go dtuigfeadh muid briathar Dé, ní mór dúinn i gcónaí dearcadh leathan a bheith againn ar rúndiamhar na beatha.  In imeachta ár saoil chuile lá is ea a léiríonn Dia é féin dúinn agus bíonn chuile lá úr nua.

De réir mar a théann muid in aois, sea is lú d’fhonn a bhíonn orainn ár mbealai a athrú. Sé an baol is mó atá ann go n-éireodh muid searbhúsach, éadóchasach. Ba mhór an feall é dá ligfeadh muid dó seo tarlú. Sé an dúshlán atá romhainn i gcónaí mar Chríostaithe, ár muinín a chur i nDia agus aghaidh a thabhairt ar an saol go cróga.

Is mian le Dia go bhfanfadh muid i gcónaí óg ó chroí.
Nár dhúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach, cibé duine nach nglacann ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

Ni mór duinn iarracht a dhéanamh i gcónaí ár n-aigne agus ár gcroí a choinneáil oscailte le tuilleadh a fheiceáil agus a thuiscint faoi rúndiamhara an tsaoil seo agus a bhfuil ann. Ar an mbealach sin, ní amháin go mbainfidh muid níos mó taithnimh as an saol seo ach beidh muid ag réiteach le taithneamh a bhaint as an mbeatha shíoraí i gcomhluadar Dé, ár gCruthaitheoir agus Cruthaitheoir Neimhe agus Talún.

***********************************

Next articleMachnamh – Marta 2006