Preasráiteas – Liotúirge Gaeilge

An Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí

Coiste Sapienti

Preasráiteas

Dáta 10 Bealtaine 2012

Eisiúint Láithreach

Reáchtáladh an cúigiú cruinniú de Choiste Sapienti de chuid na Cuallachta um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí sa Róimh idir 7-10 Bealtaine 2012. I láthair ag an gcruinniú bhí: Pilip Ó Buaidhe, Easpag Ráth Bhoth, Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire, an tOllamh Pádraig Ó Riain, an Dr. Caitríona Ó Dochartaigh, Brian Ó Donnchadha, an tAth. Micheál Ó Loingsigh, an tAth. Joseph Briody, an tAth. Anthony Ward, Fo-Rúnaí, agus Monsignor James O’Brien.

Bhí an Cairdinéal Antonio Canizares Llovera, Maor na Cuallachta um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí, sa chathaoir do sheisiún tosaigh an chruinnithe. Ghabh a Onóir buíochas le baill an Choiste as an gcúnamh atá tugtha acu don Chuallacht le dhá mhí dhéag anuas ag as a gcuid tiomantais don tionscadal d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar aistriúchán Gaeilge an Missale Romanum. Luaigh an Maor gur ábhar sásaimh dó an dul chun cinn a bhí déanta agus dúirt go raibh sé ag súil go dtabharfaí faomhadh iomlán don aistriúchán atá molta sna míonna atá romhainn.

Rinne an Cairdinéal trácht ar an suntas creidimh agus cultúrtha a bhi i gceist leis an aistriúchán Gaeilge seo den Missale Romanum agus chuir in iúl do bhaill an Choiste go raibh boinn chuimhneacháin deartha go speisialta dóibh. Bronnadh iad seo ar na baill.

Ghabh an Cairdinéal Canizares buíochas leis na heaspaig Éireannacha as a gcuid tiomantais d’fhonn an Leabhar Aifrinn Gaeilge a chur i gcrích agus as an sár-chomhoibriú eaglasta a chuir siad ar bun leis an gCuallacht, rud a bhí ríshoiléir in obair Choiste Sapienti.  Bhí a Onóir ag súil go mór leis na Leabhar Aifrinn Gaeilge nua a fheiceáil i bhfoirm chlóite agus é in úsáid ag lucht labhartha na teanga.

Lean an coiste ar aghaidh sa chúigiú cruinniú seo ag déanamh athbhreithnithe ar an aistriúchán atá molta agus rinne trácht ar Proprium de Sanctis ó Meitheamh go Nollaig chomh maith leis na Missale Defunctorum.  Ba léir an t-ardchaighdeán a bhí ar an aistriúchán.

Rinne an Coiste athbhreithniú ar an bhféilire náisiúnta d’Éirnn agus fuair tuairisc ón Ollamh Ó Riain ina thaobh.

Chuir an tEaspag Ó Buaidhe, Ráth Bhoth, tuairisc i láthair ar an aistirúchán ar an ábhar dlíthiúil atá mar réamhrá ag an Missale Romanum. Ghlac an Coiste leis an tuaisic chéanna.

Pléadh tuairisc eile a cuireadh i láthair maidir leis an bhFéilire Ginearálta agus Féilire Náisiúnta na hÉireann a nascadh le chéile.

Reáchtálfar an séú cruinniú den Choiste i gCnoc Mhuire i mí Mheán Fómhair 2012.

Ar an gCéadaoin, 9 Bealtaine 2012, bhuail an Pápa Rónaofa le baill an Choiste ag deireadh na hÉisteachta Ginearálta.<0}

CRÍOCH AN TÉACS

.

Previous articleGlenamaddy prepares for Eucharistic Congress
Next articleCluster Launch Dunmore/Glen/Kilkerrin/W’town