Ard-deoise Thuama, Cruinnithe Éisteachta

Comhairle Thréadach Deoise Thuama

9ú Marta 2011

Chuig Sagairt Pobail agus Baill na gComhairlí Tréadacha:

I mí na Márta 2010 bheartaigh an tArdeaspag Mícheál ó Nearaí Comhairle Thréadach Deoiseach a bhunú.

Fiche ball atá le bheith sa gComhairle, as chuile cheard den deoise; a bpríomh-dhualgas cabhair agus taca a thabhairt don Ardeaspag i gcúram tréadach an deoise. Déanann Comhairle Thréadach Deoiseach iarracht an rud céanna a dhéanamh don deoise a dheineann Comhairle Thréadach Paróiste don pharóiste.

Tagann muid le chéile gach mí, agus le cúpla mí anuas is ag pleanáil feachtas éisteachta don deoise atá muid. Isé ár dtuairm go gcabhródh a leithéid de phróiséas go mór in athbheochan na hEaglaise ar fud an deoise. Ag réiteach do Mheitheal an Deoise i 2006 glacadh comhairle ó phobal an deoise ar bhun leathan. Tá cuid mhaith de mholtaí an chomhthionóil sin á gcur i gcrích cheana féin. Is iomaí toradh a lean an modh imeachta sin, agus is mian linn go mbéadh an toradh céanna ar an bhfeachtas éisteachta seo.

Bhain deacrachtaí móra le saol na hEaglaise le blianta beaga anuas. Bíonn gá i gcónaí le athnuachan san Eaglaise, agus tá páirt le tógáil ag gach duine againn san obair seo. Tá daoine go leor ann nach bhfuil fhios acu cá seasann siad, gur chlis an Eaglais orthu. Tá a gcreideamh corraithe ar go leor eile. Ach tá go leor ann nach dtréigfidh an Eaglais go deo in ainneoin mí-shástachta leis an Eaglais.

Do chuile dhream is mian linn fórum a chur ar fáil chun cead cainte a thabhairt dóibh. Chuige seo tá seisiúin éagsúla eagraithe againn in áiteanna ar leith ar fud an deoise chun éisteacht le aon rud is mian le daoine a rá. Tá ionaid agus dátaí chuige seo curtha ar fáil leis an litir seo.  Tá na hionaid pioctha chun bheith feiliúnach do ghrúpaí paróistí áitiúla.  Is ócáidí iad chun deis a thabhairt to dhaoine a n-intinn a nochtú faoi gach rud a bhaineann le gnó agus imeachtaí na hEaglaise.  Tá súil againn go mothóidh gach duine a thagann gur féidir labhairt amach gan scáth gan eagla faoina ábhair imní nó faoin dócha atá acu.

Le bheith oscailte faoi gach rud is mian linn go mbéadh na sagairt áitiúla agus baill comhlairlí tréadacha na bparóistí eolach faoi ionaid agus dátaí na naoi gcruinnithe ar fud an deoise.

Sé ár ndóchas go mbeidh bhur gcomhoibriú sa bhfeachtas éisteachta fial, gníomhach, tharla gur ar son leas pleanáil thréadach atá muid, agus aghaidh á thabhairt againn ar aidhmeanna Chomhairle an Deoise agus na gComhairle Paróiste, i bhfianaise an dúshláin atá rómpu sa todhchaí.

Creideann muid go láidir gur fiú an feachtas éisteachta seo, go gcabhróidh sé go mór le athbheochan na héaglaise agus le neartú agus deimhniú an chreidimh i measc pobail Dé in ár nDeoise.

Le gach deá-ghuí

Seán Staunton                                                      Rosaleen Crowe-O’Neill

Cathaoirleach                                                       Cathaoirleach

Comhairle Thréadach Deoise Thuama          Fo-ghrúpa don Feachtas Éisteachta

Fógra don Nuachtlitir

Éist: Cad é do thuairm faoin Eaglais anois? Tá deis ar fáil chun cúrsaí uile na hEaglaise in Éirinn i láthair na huaire a phlé ag crinniú eisteachta in Acadamh na hOllscollaíochta Gaeilge, an Ceathrú Rua ar an 11ú Aibrean ag 8.00 pm.  Fáilte roimh cách.  Tá na cruinnithe seo da n-eagrú ag Comhairle Thréadach Deoise Thuama.  Tuilleadh eolas ag tuamarchdiocese.org

Previous articleTuam Archdiocese – Listening Process
Next articleKnock Vigil – Youth 2000 Pentecost