Comhdháil Eocairisteach

Ag Ullmhú don Chomhdháil Eocairisteach:
Is éard atá sa Chomhdháil Eocairisteach, ná teacht le chéile in Éirinn sa bhliain 2012, de
dhaoine ón tíre seo agus níos faide ó bhaile, chun cur leis an tuiscint ar an Eocairist agus leis an gcreideamh san Eocairist. Cé go mbeidh imeachtaí ar leith bainteach leis an gComhdháil ar siúl ón 10ú lá go dtí 17ú lá Iúil 2012, is deis í an Chomhdháil beart a dhéanamh san idirthréimhse chun machnamh ar áit na hEocairiste sa saol againn mar dhaoine aonair agus mar phobal creidimh, agus an chaoi a ndéanann ár gceiliúradh air dúshlán a thabhairt dúinn sa tslí a gcaithimid an saol mar Chríostaithe sa Domhan Mór.
Tá sé i gceist ag coiste na Comhdhála acmhainní tréadacha éagsúla a chur ar fáil, le linn na
tréimhse dhá bhliain atá le teacht, chun cabhrú le daoine dul ar an aistear ullmhúcháin seo don Chomhdháil.
Gníomh a shamhlaítear le Críostaithe ná an teacht le chéile, agus gníomh ar leith é an teacht le chéile mar gheall ar an Eocairist. Mar thús, d’fhéadfaimis na ceisteanna seo a chur orainn féin: “cén fáth a gcaithfinn dua leis seo? Cad chuige teacht le chéile?”
Fiosrú an Téama: Teacht le chéile le Pobal Paróiste Seo a leanas creat oibre d’fhiosrú caiticiosmach a d’fhéadfaí a thairiscint do ghrúpa paróiste, grúpa óige srl. Tabharfar an deis dóibh siúd a ghlacfaidh páirt ann machnamh ar na nithe seo a leanas:

a) A dtaithí phearsanta ar theacht le chéile i ngnáthchúinsí laethúla
b) An cur síos sna Soiscéil ar na deisceabail ar an mbóthar go hEamáús, agus a dtaithí
féin ar theacht le chéile agus scaipeadh.
c) An chaoi a mbraithimid inniu mar phobal creidimh agus muid ag teacht le chéile.
Tá cur i láthair powerpoint ar fáil chun tacú leis an bpróiseas.
a) Gnáth-theacht le chéile ar bhonn laethúil:
• Cá dtagaimid le chéile go minic / go nádúrtha? Cé leis/léi ar mian linn teacht le chéile
leo?
• Conas atá gach teacht le chéile comhchosúil? Conas atá siad éagsúil?
• Ceard a dhéanann teacht le chéile torthúil, fuinniúil, taitneamhach?
• An bhfuil saintréithe ar leith ag baint leis an teacht le chéile sin, agus má tá, cén fáth?
b) An bóthar go hEamáús (cleachtadh sa stíl lectio divina) ·
• Léigh Lúcás 24 nó éist leis, agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint as íomhá nó íocón oiriúnach
mar acmhainn. Cé hiad na pearsana sa scéal?
• Cad a deir an scéal linn faoi cén sórt daoine iad?
• Cad iad na híomhánna nó na focail a chuireann in iúl na mothúcháin seo: deisbhéalaí,
scaradh, teacht le chéile, comaoin?
• Cé hiad na daoine eile a bhaineann le cúlra an scéil seo, cé nach bhfuil siad i láthair?
• Cén torthúlacht a bhaineann leis an gcuntas; cén chaoi a dtugann sé beatha agus
dóchas?
c) Ár dteacht le chéile mar phobal creidimh.
• Cén chaoi a mbímid ag teacht le chéile don Eocairist?
• An mbíonn an teacht le chéile seo an-torthúil (cén fáth go mbíonn/nach mbíonn?)
• Cad a chuireann bac le muintearas?
• Cad a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán an teachta le chéile?
d) “An dóchas a bhíodh againn ….”
• “ Cad leis a mbíonn tusa ag súil do do phobal creidimh
• Cad is féidir leatsa a dhéanamh chun an fhís seo a fhíorú?

Smaointe i leith an Teachta le Chéile (cúlra)
Bunriachtanas don duine daonna ná an teacht le chéile, chun cainte agus éisteachta, chun
bheith ag ithe agus ag ceol. Tagaimid le chéile nuair a bhímid ag ceiliúradh, nó chun comhbhrón a dhéanamh nó nuair a bhímid leochaileach. Tagann an neart ó bheith le chéile le daoine a bhfuil rud éigin i gcoitinn againn leo. Cuireann Leabhar Gheineasas síos air go beacht “ní maith an duine a bheith leis féin” (Gein. 2:18). Tá an teacht le chéile chomh lárnach dár ndaonnacht nach dtugaimid faoi deara é go minic. Is minic nach dtugaimid faoi deara é ach i gcás go bhfuil sé in easnamh. Bíonn a spás féin ag teastáil ó gach duine ach bíonn spás comónta uainn chomh maith céanna. Ní héasca dúinn a tuiscint nuair a tharraingíonn duine siar ón saol nó ón bpobal, agus ní mó ná compordach a bhímid nuair atá meon éigin ag grúpa ar leith a fhágann daoine ar lár. Ó thús an chine dhaonna tháinig gach cultúr le chéile chun Dia a adhradh. Cheana féin, i bhfad sular rugadh Íosa, bhí daoine ar an eolas go raibh Dia na nIosraelach tar éis iad a thabhairt le chéile agus pobal dá chuid féin a chruthú. Thug sé iad le chéile san Éigipt, threoraigh iad trí uiscí na mara rua agus chuir é féin in aithne dóibh ar bhealach speisialta i bhfásach Síonáí (Eacs. 35: 1ff). Thug sé iad le chéile ar thalamh Iosrael agus lonnaigh siad ann. Tharla sé cúpla uair i stair fhada na nIosraelach go raibh siad ar deoraíocht, agus mheas siad gur tharla an deoraíocht seo mar chomhartha – nach raibh siad ag maireachtáil de réir mar a theastaigh ó Dhia. Arís agus arís eile, thug Dia ar ais le chéile iad agus threoraigh ar ais iad chuig a dtalamh féin agus bhí ina bpobal naofa arís.
Ina mhinistreacht poiblí thug Íosa a dheisceabail le chéile. Ghairm sé na deisceabail ina naonair, ach thug le chéile iad ina bpobal. Ní raibh an tasc seo éasca agus tá léargas sna
soiscéil ar na dúshláin agus an dóchas, na deacrachtaí agus na cúiseanna áthais i saol na
ndeisceabal agus iad ag iarraidh tuiscint a fháil ar cad ba bhrí le pobal. Bhí roinnt díobh a chuir an cheist – cé acu is fearr, roinnt eile a raibh an ghráin dhearg acu ar bhailitheoirí cánach, ach bhí duine díobh ina bhailitheoir cánach. Bhí glóir ag teastáil ó roinnt eile, ach labhair Íosa faoin mbás roimh an aiséirí. Gheall siad a ndílseacht, ach ar deireadh thiar, fuair roinnt mhaith díobh nach raibh siad láidir go leor. Fiú nuair a bhí nuacht faoina Aiséirí ag scaipeadh, bhí roinnt tar éis Iarúsailéim a fhágáil cheana féin, “….agus iad go gruama.” (cf. Lúcás. 24).
I nGníomhartha na nAspal cuireadh síos ar na chéad Chríostaithe mar leantóirí na “Slí”
(Gníomhartha 9:2; 19:9, 23; 22:4; 24:14, 22). Bhí an saol acu athraithe anois toisc Íosa a bheith ina saol, tar éis bás a fháil os a gcomhair amach agus tar éis filleadh orthu chun a Shíocháin a thabhairt dóibh i ndiaidh an Aiséirithe. Theastaigh uathu leanúint ag maireachtáil de réir na Slí sin agus a n-eispéireas agus a ndóchas a roinnt le daoine eile. Deirtear linn gur thángadar le chéile gach lá sa Teampall chun urnaí agus ina dtithe chun arán a bhriseadh (cf. Acts 2:47). “ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.” Trí Bhaiste rinneadh baill de Chorp Críost de na deisceabail nua. Cuireann Naomh Pól síos ar Bhaiste mar shiombail an bháis agus an aiséirithe. Agus iad ag dul síos san uisce, fuair sean-mhodh maireachtála na ndeisceabal nua bás, agus d’éirigh siad arís le saol nua i gCríost.
Tugann an Eocairist daoine le chéile fiú sa lá atá inniu ann, bíodh sé á cheiliúradh in Ardeaglais nó i séipéal beag ar thaobh sléibhe – agus ar an gcaoi seo tá Íosa fós ag tabhairt daoine le chéile don chomaoineach leis agus lena chéile chun páirt a ghlacadh i gCorp Chríost. Chuir Naomh Pól síos ar an gcéannacht Chríostaí nuair a scríobh sé: “agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam” (Gal 2:20). Nuair a thagaimid le chéile aithnímid Íosa Críost ina chéile. Cothaíonn an Eocairist ár dturas creidimh pearsanta agus pobalda sa chreideamh, dócha agus carthanas go dtí go “go mbeimid go léir tagtha chun aontacht eolais ar Mhac Dé, nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide” (Eif 4:13).An chéad ghníomh i ngach liotúirge ná gníomh an teachta le chéile. Bíonn sé chomh nádúrtha nach minic a smaoinítear air mar rud a ‘dhéanaimid’. Ní miste machnamh níos doimhne ar a thábhachtaí is atá an teacht le chéile. Cuidíonn ár dteacht le chéile linn go pearsanta agus go sóisialta trí dhaingniú agus athnuachan a dhéanamh ar ár gcéannacht. Is féidir leis an teacht le chéile ár
gcomaoin a chothú – idir chairde agus chomharsana, dhaoine a bhí as láthair le fada agus
chuairteoirí agus bhaill nua – agus muid go léir aontaithe i gCríost. Cuirtear i gcuimhne dúinn
freisin na daoine nach mbeidh ag teacht le chéile linn ar chúiseanna éagsúla – tinneas,
seanaois, eisimirce nó aonrú. Is cuid leantach dár dteacht le chéile mar dhaoine daonna ár
dteacht le chéile mar Chríostaithe. An difríocht ná go dtagaimid le chéile “in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh” Is é Íosa a thugann muid le chéile agus tá sé linn sa teacht le chéile.

Beatha agus sláinte!
I Meitheamh 2008 d’fhógair an Pápa Beinidict XVI go mbéadh an Caogadú Comhdháil Idirnáisiúnta Eocairisteach ar siúl in Éirinn i 2012. Is i mBaile Átha Cliath a bheidh na príomhimeachtaí ag tarlú, idir Meitheamh 10 agus 17, ach tá súil againn anseo in Ard-deoise Thuama an deis a thapú i ngach paróiste tairbhe a bhaint as an ócáid chun athnuachana a chur chun cinn.
‘Sé téama na Comhdhála Comhpháirtíocht le Críost agus Lena Chéile.
I rith an dá bhlian atá amach romhainn (2010-2012) déanfar staidéar agus scagadh ar an téama i gceithre céim ullmhucháin, staidéar a déanfar de réir séasúr.
Céim a hAon: Fómhar/Geimhreadh 2010
An pobal ina Mheitheal Eocairisteach.
Céim a Dó: Earrach/Samhradh 2011
Cruinnithe le chéile ag Críost chun sinn a bheathú agus a mhúnlú mar phobal trí Bhriathar Dé.
Céim a Trí: Fómhar/Geimhreadh 2011
Cruinnithe le chéile ag Críost chun sinn a chothú le Arán na Beatha.
Céim a Ceathair: Earrach/Samhradh 2012
Trína Bhriathar agus trí Arán na Beatha neartaíonn Críost sinn don mhisean atá rómhainn.
(Tuilleadh eolas ag www.iec2012.ie/E-Congress)
Chun tabhairt faoi Chéim a hAon a scrúdú le chéile mar dheoise agus mar Phobal Eocairisteach tugann muid cuireadh do chuile pharóiste in Ard-Deoise Thuama idir Meán Fómhair agus Samhain 2010
1.Teacht le chéile in ionad áirithe chun ceiliúradh liotúirgeach (eocairist, seirbhís urnaithe, srl) a dhéanamh chun a mbaineann go speisialta le do dhuthaigh féin –carraig aifrinn, tobar beannaithe, láthair oilithreachta, naomh áitiúil, ionad stairiúil- a chomóradh. Chuige seo ní mór úsáid a bhaint as cibe bua no cumas cruthaitheach atá ar fáil i measc an phobail, ins na scoileanna nó eile sa bparóiste.
2. Cuntas a sholáthar ar an teacht le chéile seo, ag úsáid pictiúirí, postaeraí srl, agus é a chur chuig oifig eolais agus acmhainne na deoise i dTuaim ar nó roimh an 21ú Samhain, 2010 chuig an tSr, Nancy Clarke.
3. A bheith linn, tú féin is ionadaithe ó do pharóiste, san Ardeaglais i dTuaim ar an gcéad Domhnach de Aidbheint, Samhain 28, ag aifreann ag 3.00 i.n. agus in a dhiaidh sin ag taispeánadh i gColáiste Iarfhlatha de do chuntas féin agus cuntais ó na paróistí eile ar an teacht le chéile. Cuirfear cupán tae agus sóláistí ar fáil do chuile dhuine.
Míle buíochas as an gcomhoibriú chun an deis athnuachana creidimh seo inár ndeoise agus inár dtír a thapú. Tá súil againn sibh a fheiceáil i dTuaim ar an 28ú Samhain.

Comments are closed.