Machnamh – An Aidbhint

An Aidbhint

An Chéad Domhnach den Aidbhint

Inniu an chéad Domhnach den Aidbhint.  Ciallaíonn an focal “Aidbhint” teacht.  Tá an Nollaig ag teacht agus tá réiteach le déanamh.

Leis an bhfuadar a bhíonn orainn faoi bhronntanaisí, cártaí, bia, deoch  Daidí na Nollag agus soilse, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an gciall domhain atá leis an Aidbhint. I measc an rí rá, tá sé éasca a bheith faillíoch san réiteach spioradálta nach mór a dhéanamh le h-aghaidh na Nollag.

Tá séasúr na h-Aidbhinte ag breathnú sa dá threo. Tá sé ag breathnú siar ar theacht Íosa don chéad uair i mBeithil agus tá sé ag breathnú amach roimhe i dtreo theacht Íosa athuair ag uair ár mbáis agus ag deireadh an tsaoil. Ag an am céanna is cúis dóchais agus áthais dúinn é go bhfuil Dia linn i gcónaí.
Tá a fhios againn uilig an sólás agus an misneach a thugann tacaíocht carad dúinn agus muid faoi bhrón nó in ísle brí. Sa gcéad Nollaig, chuir Dia ár nAthair a aonghin Mhic ar talamh le bheith mar chompánach againn ar ár mbealach tríd an saol seo. Creideann muid go mbíonn sé gar do chuile dhuine againn le tacaíocht agus sólás a thabhairt dúinn.  San Aidbhint, tugtar deis dúinn buíochas a ghlachadh le Dia as an ngrá thar chuimse a thaispeáin sé dúinn trína Mhac a chur ar talamh.

Ó theacht Íosa i leith, tá conradh seasta déanta ag Dia leis an domhan agus a bhfuil ann. Ní amháin go bhfuil dlúth-cheangailt do-scaoilte déanta aige leis an gcine daonna ach tá an dlúth-cheangailt sin aige leis an gcruthaíocht uilig. Tré bheatha, bás agus aiséirí Íosa Críost, tá  an slánú in ann do chuile neach beo dá bhfuil ann.

Déanann muid dearmad go minic ar rúndiamhar lárnach seo ár gcreidimh.  B’fhiú dúinn tréimhse a chaitheamh chuile lá i rith na hAidbhinte ag guí Dé go bhfaigheadh muid tuiscint níos fearr ar an mbrí atá le teacht Mac Dé ar talamh.

Bhíodh sean-phaidir á rá ag cuid de na naoimh i rith na hAidbhinte ag iarraidh grásta na tuisceana sin. B’fhéidir go gcabhródh sé linne freisin. Seo é:
“Tar chugainn, a Thiarna, Íosa Críost.”

An Dara Domhnach den Aidbhint

Réitigí Bóthar an Tiarna

Roimh theacht an tSlánaitheora ar talamh, cuireadh teachtaire amach chun an bealach a réiteach. B’shin é Naomh Eoin Baiste.

“Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhFlaitheas in ngar dúinn.” B’shin an teachtaireacht a bhí aige. Is mór an difríocht atá idir theachtaireacht Eoin Baiste agus na fógraí a fheictear ar an teilifís, ar an raidió agua sna siopaí an t-am seo den bhliain. Shílfeá nach dteastaíonn ach tuilleadh le n-ithe, tuilleadh le nól, tuilleadh éadaí, tuilleadh cluiche agus bréagán le go mbeadh sonas agus suaimhneas againn faoi Nollaig.

A mhalairt ar fad de dhearcadh a bhí ag Eoin Baiste. Bhí cónaí air sa bhfásach. Bhí sé gléasta i gcraiceann ainmhí.  Ní raibh le n-ithe aige ach an bia a bhí ag fás timpeall air, sméara, fréamacha agus mil fhiáin. Duine neamhchoitianta é a thuig go han-mhaith céard a bhí mí-cheart le saol a linne féin. Ina theannta sin ba fhear cróga é, bhí sé de mhisneash aige labhairt amach go láidir in aghaidh an cur i gcéill agus na camiléireachta a bhí ar siúil in Israel ag an am.

Thuig roint de na daoine go raibh an ceart sa méid a bhí le rá aige. Tháinig na sluaite amach le éisteacht leis. Bhaist sé iad in Abhainn na Iordáine mar chomhartha go mba mhian leo aithrí a dhéanamh  agus go raibh siad ag iarraidh maiteanais ina gcuid peacaí. Thug Eoin le fios dóibh go raibh duine níos mó ná é féin ag teacht ina dhiaidh agus go mbaistfeadh seisean iad leis an Spiorad Naomh agus le tine.

Thug sé comhairle dá lucht éisteachta a bheith cóir lena gcomharsan agus cneasta ina gcuid oibre. Léirigh sé nach bhfuil aon mhaith a bheith ag cur i gcéill i láthair Dé.

Is iomaí athrú atá tagtha ar an saol ó aimsir Eoin Baiste. Ach tá an peaca fós ann . Is cinnte go gcuirfeadh sé ag smaoineamh muid faoi cén fáth go bhfuil an iomarca ag dream amháin agus gan dóthain ag an bhformhór. Chuirfeadh sé ag smaoineamh muid faoin saint, faoin drúis, faoin éad agus faoin mhí mhacántacht atá chomh foirleathan sa lá atá inniu ann.

“Réitigí sa bhfiántas cosán don Tiarna,” a deir sé.
Éistimís leis agus feicfidh muid slánú Ár nDé.

An Triú Domhnach den Aidbhint

Tá Lúcháir ar m’Anam

Cé nach bhfuil an Nollaig fós ann, tá áthas agus lúcháir le h-aireachtáil cheanna féin in Aifreann an lae inniu.  Domhnach na Lúcháire a tugtar ar an Domhnach seo, an tríú Domhnach den Aidbhint.
Sa gcéad léacht, tá Ísiáia, fáidh, ag iarraidh dóchas agus muinín a mhúscailt ina lucht éisteachta.  Creideann sé go bhfuil sé féin coisricthe le fógairt go bhfuil dea-scéal ar fáil do na bochta, go bhfuil cóir leighis le fáil ag lucht an chroí-bhrúite agus go bhfuil príosúnaigh le scaoileadh saor.

Sa mBaisteadh, déanadh muide freisin a choisreacan.  Tugadh mar ghairm dúinn a fhógairt go bhfuil slánú Dé tagtha ar an saol seo.  Ní mór dúinn a bheith ag breathnú amach do na bochta, do lucht an chroí-bhrúite agus dóibh siúd atá faoi ualach fiacha, galair nó cruatain. Tá a fhios againn go bhfuil neart cur síos á dhéanamh, na laetheannta seo, sna páipéirí, ar an raidio agus ar an teilifís ar na daoine atá ag fulaingt de bharr bochtanais agus tubaistí. Ní leor trua a bheith againn dá leithéidí.  Ní mór ár ndea-thoil a thaispeáint trínár ngníomhartha.  Ansin beidh sé le feiceáil go soiléir go bhfuil Dia fós gníomhach sa domhan seo.
Labhraíonn Ísiáia faoi bhliain logha nó Jubilee Year.  Bhí sé de nós ag na Giúdaigh bliain logha a bheith acu chuile 50 bliain. Le linn na bliana sin, mhaithidís fiacha agus thugaidís saoirse do sclábhaithe.  Thug an bhliain logha seans do chuile dhuine a bheith cairdiúil lena chéile agus tosú arís as an nua. Ba chúis lúcháire an cairdeas sin.
Caithfear maithiúnas a iarraidh agus maithiúnas a thabhairt le go mbeidh síocháin agus athmhuintearas ann. Má chuireann muid spiorad an mhaithiúnais chun cinn i rith na hAidbhinte, beidh réiteach maith á dhéanamh againn don Nollaig.  Cabhróidh Sacraimint na hAithrí linn.
De réir mar a éiríonn linn é sin a dhéanamh sea is fearr a bhéas muid in ann moladh agus buíochas a thabhairt do Dhia ag rá in éineacht leis an bhfáidh, Ísiáia:
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.”

Is iomai cúis lúcháire atá againn. Glacaimís buíochas le Dia mar gheall orthu siúd a oibríonn go dúthrachtach chun síocháin a chothú ina dtíortha féin agus ar fud an domhain. Móraimís an Tiarna mar gheall orthu siúd atá ag iarraidh a gcearta a fháil do na bochta, leigheas a fháil do na h-easláin agus faoiseamh dóibh siúd atá faoi ualach bróin nó cruatain.
Is comharthaí iad sin uilig go bhfuil slánú Dé i ngar dúinn.
Moladh agus Glóire go deo leis!

Muire, Máthair Dé

Sa gcéad léacht in Aifreann an lae inniu, tá trácht ar áit chónaithe a réiteach do Dhia i measc a phobail. Tá cur síos ar an Rí Dáiví a thóg teampall álainn i Iarúsailéim ina mbeadh Airc an Chonartha lonnaithe. Gheall Dia go mbeadh sé féin in éineacht lena phobal i gcónaí á gcosaint.

Na céadta bliain tar éis aimsir Dháiví, ba mhian le Dia áit a réiteach dá Mhac ar talamh. Ba í broinn na Maighdine Muire an chéad áit chónaithe ar talamh do Íosa, Mac Dé.
Nuair a chuala Muire an tAingeal Gabriel ag rá go raibh sí’ lán le grásta’, tháinig íontas agus imní uirthi.  “ Ná bíodh eagla ort, a Mhuire,” arsa
an t-aingeal, “Mar fuair tú gean ó Dhia.” Ansin mhínigh sé dí go nginfeadh sí páiste tré chumacht an Spioraid Naoimh, go mbeadh an leanbh naofa agus go nglaofaí Mac Dé air.

“ Níl rud ar bith dodhéanta ag Dia”. B’iad sin na focla a réitigh chuile fhadhb a bhí ar intinn na Maighdine Muire. D’fhreagair sí láithreach, “Mise searbhónta an Tiarna; déantar liom de réir d’focail.” Bhí gairm fáighte aici ó Dhia. Creideamh daingean agus dóchas iomlán a choinnigh dílis í don ghairm sin sna blianta a bhí le teacht.  B’iomaí corr agus casadh a bhí ar an mbóthar amach roimpi i rith a saoil ach níor chlis a
muinín as Dia.

A Mhaighdin Bheannaithe, a Mhuire Máthair Dé, cuidigh linn fáilte mar is cóir a chur roimh Íosa do Mhac. Cabhraigh linn ár gcluasa a oscailt le go gcloisfidh muid a Bhriathar sa Scrioptúir. Cabhraigh linn le go n-osclóidh muid ár gcroíthe chun casadh leis sna Sacraimintí.
Go mbedh sé le feiceáil inár mbriathra agus inár ngníomhartha go bhfuil Dia linn.

Comments are closed.