Dublin Report response – as Gaeilge

Ráiteas ón Ardeaspag Micheál Ó Néaraí, Ardeaspag Thuama, mar fhreagra ar Thuarascáil Choimisiún Imscrúdaithe Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, Samhain 2009

Tá tuarascáil Choimisiún Imscrúdaithe Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath foilsithe.  Aontaím le tuairim an Ardeaspag Uí Mháirtín sa mhéid go bhfuil sé seo ina ábhar léitheoireachta atá brónach agus scanrúil.  Is maith is eol dúinne a raibh orainn déileáil le fadhbanna den chineál seo inár ndeoisí féin, an brón agus an scanradh seo. Tá saol go leor daoine millte, tá go leor daoine neamhurchóideacha ag fulaingt, tá go leor díobháil déanta.

Tá déistin agus díomá ollmhór ar chuile dhuine mar gheall ar an mí-úsáid uafásach seo, ar leochaileacht na n-íospartach agus as an gcaoi ar thug na daoine a rinne an mhí-úsáid seo droim láimhe don mhuinín mhór a cuireadh iontu.  Táim ar aon intinn lenár gcuid sagart ina gcuid tuairimí láidre faoi seo ar fad.

Tugann an tuairisc deis do na daoine ar dearnadh mí-úsáid orthu a scéal a insint.  Tá sé de dhualgas orainn gan dearmad a dhéanamh go deo ar na scéalta uafáis seo.  Tá a cuid féin den mhilleán ag dul don eaglais toisc nár ghníomhaigh sí i gcoinne na líomhaintí maidir le mí-úsáid na n-íospartach, faoi mar atá luaite sa tuarascáil, agus chuir sé seo go mór leis an méid a d’fhulaing na híospartaigh.

Is féidir linn glacadh lena bhfuil tugtha chun solais ag an tuarascáil seo ar dhá bhealach.  Le teann oilc, is féidir linn cead a thabhairt don éadóchas an cheann is fearr a fháil orainn.  Is féidir linn glacadh leis an gcineál saoil a thugann tús áite don pheaca agus don leithleachas, saol nach bhfuil aon áit ann don chreideamh, don athmhuintearas ná don dóchas.   Ar an lámh eile, is féidir linn oibriú agus guí le chéile lena chinntiú go gcuideoidh na struchtúir chosanta atá curtha ar fáil ar fud na tire le nach dtarlóidh na drochghníomhartha seo go deo arís san eaglais.

Tá a fhios agam gur beag is fiú a bheith ag gabháil leithscéalta arís agus arís eile.  Mar sin féin, ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar na tionchair ollmhóra agus fadsaoil a bheidh ag mí-úsáid na heaglaise ar ghasúir.  Mar Easpag, arbh éigin dom féin aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid gasúr i measc roinnt de na sagairt i mo dheoise, ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil arís eile go humhal agus gan chuntair leis na híospartaigh ar fad agus lena dteaghlaigh a d’fhulaing sa chás seo.

Tá dóchas agam go dtabharfaidh an tuarascáil seo le tuiscint do na híospartaigh go gcreidtear gach ar tharla dóibh agus go gcuideoidh sé leo a saol a chur i dtoll a chéile arís le go mbeidh ar a gcumas bogadh chun cinn.

Tá Ard-deoise Thuama diongbháilte go huile agus go hiomlán i gcur i bhfeidhm na gcleachtais is fearr chun sábháilteacht na ngasúr a chinntiú sa pharóiste agus sa deoise.  Má tá imní ar aon duine faoi shláinte nó faoi shábháilteacht aon ghasúr atá faoina gcúram, iarraim orthu teagmháil a dhéanamh láithreach leis na húdaráis chuí.
Críoch.

Previous articlePeople of Year award Grandparents Association founder
Next articleDublin Report – Response