Macnhnamh – Aibrean 2007

An Dara Domhnach den Charghas 4ú Márta, 2007

‘ Is e seo mo Mhac. Éistigí leis.’
An Domhnach seo caite, chonaic muid Íosa sa bhfásach ag fáil an ceann is fearr ar an diabhal. Ach bhí tuilleadh le déanamh aige chun an bua a fháil go h-iomlán ar an olc agus ar an mbás. Bhí air an bua a thabhairt chun chríche in Iarúsailéim lena pháis agus a bhás ar an gcrois
agus lena aiséirí Domhnach Cásca.
Díreach sular chuir Íosa tús lena aistear go Iarúsailéim, isea tharla an eachtra ar a bhfuil cur síos uirthi i soiscéal Aifreann an lae inniu. Thug Íosa  Peadar, Séamas agus Eoin in éineacht leis suas ar chnoc le guí a dhéanamh. Ag guí dhó, tháinig athrú cló ar éadan Íosa agus d’éirigh a chuid éadaigh glégeal lonrach. Chonaic na deisceabail a ghlóir agus chuala siad é ag caint leis an mbeirt fháidh, Maois agus Eilias faoin a imeacht as an saol seo.
Níor thuig na deisceabail i gceart céard ba bhrí leis an radharc seo.
Cheap siad go raibh a cheann scríbe bainte amach ag Íosa agus ba mhian leo trí bhoth a thógáil san áit ionas go mairfeadh an ghlóir a bhí feicthe acu go deo. Ansin tháinig scamall anuas orthu agus chuala siad glór ag rá, “Is é seo mo Mhac, an té is rogha liom; éistigí leis.”
Tugadh le fios dóibh go gcaithfeadh siad éisteacht go cúramach le comhairle Íósa agus í a chur i bhfeidhm. Bhí orthu teacht anuas den sliabh in éineacht le Íosa le tús a chur leis an aistear go Iarúsailéim, áit a mbeadh go leor le fulaingt ag Íosa agus acu féin. Bhí orthu é a leanacht go dtí a bhás ar an gcrois agus a aiséirí.  Tar éis tuirling an Spioraid Naoimh anuas orthu, lean siad é go dtí lá a mbás féin.

Mar Chríostaithe iarrtar orainne éisteacht go cúramach le Íosa Críost.
I rith an Charghais, tugtar spreagadh dúinn tréimhse a chaitheamh chuile lá ag éisteacht leis sa bpaidreoracht. Ach ní leor an phaidreoracht amháin. Ní mór dúinn teacht anuas den sliabh le seirbhís a thabhairt do dhaoine eile agus ár gcrois féin a iompar i ngnáth-ghnaithe an tsaoil. Tugann Íosa sompla dúinn ina shaol féin sa gcaoi inar thug sé cúram faoi leith do na boicht, do na h-easláin agus do dhaoine nach raibh mórán aird a tabhairt orthu ag an am.
Ár ndóchas go mbeidh muid páirteach le Íosa ina aiséirí sa deireadh,
a choinneoidh ag imeacht muid go dtí ceann scríbe ár n-aistir.

Deonaigh, a Íosa, go nglanfar súile agus cluasa spioradálta ár n-anama i rith an Charghais seo, ionas go n-osclófar ár gcluasa le h-éisteacht leat agus go gcuirfidh radharc do ghlóire lúcháir orainn.

********************

An Triú Domhnach den Charghas 11ú Márta, 2007

Breithiúnas Dé

In aimsir Íosa Críost, chreid na Giúdaigh da dtarlódh tinneas nó tubaist do dhuine, go mba comhartha é go raihh peaca trom déanta ag an duine sin nó ag a mhuintir.
Ba mhian le hÍosa a léiriú nach breithiúnas ó Dhia an tubaist nó an tinneas. Mheabhraigh sé dá lucht éisteachta gurb peacach chuile dhuine againn agus gur cheart do chuile dhuine againn aithrí a dhéanamh. Tá a raibh le rá ag Íosa faoin aithrí chomh fíor inniu agus a bhí riamh.

Tá dhá thaobh le teachtaireacht Íosa.  Ar thaobh amháin, cuireann sé ina luí orainn go dteastaíonn aithrí a dhéanamh láithreach agus ag an am céanna, is mian leis a léiriú go bhfuil Dia foighdeach agus go mbíonn sé ag fanacht i gcónaí le súil go bhfillfeadh an peacach.
Le foighid Dé a léiriú, d’inis Íosa scéal faoi chrann fige. Níor fhás toradh ar an gcrann seo le trí bliana anuas. Theastaigh ón tiarna talún, ar leis an garraí, an crann a ghearradh anuas agus ceann eile a chur ina áit.  Ach d’iarr an garradóir air seans eile a thabhairt don chrann.
“A mháistir,” a deir sé, “ná ghearr an crann i mbiana nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus leasú a chur leis.”  Agus thug an tiarna talún seans eile don chrann agus má thug, thug an crann toradh maith uaidh.

Deirtear go bhfuil dhá bhréag mhóra á ndéanamh ag an diabhal agus go bhfuil chaon cheann acu chomh dona lena chéile.  Sa gcéad bhréag, deir sé, “Tóg t’am, ná bíodh aon deifir ort.” Sa dara ceann, deir sé,  “Níl aon mhaith maiteanas a iarraidh ar Dhia anois, tá sé ró-dheireanach.” Ar mhaith le éinne a bheith faoi dhalla mullóg ag an diabhal?
Tá sé tábhachtach aithrí a dhéanamh go luath mar is am amú é chuile nóiméad a chaitear scartha ó Dhia. Ag an am céanna, cuimhnímís i gcónaí nach bhfuil teora le trócaire Dé agus nach ionann meon Dé agus meon an duine.  I rith an Charghais, beidh seans againn dul ag an bhfaoistean i Sacraimint na hAithrí.  Bainimís úsáid as an seans sin.

Cuimnímís ar na focla a
dúirt Naomh Peadar sa litir
a scríobh sé chuig na chéad Chríostaithe:
“Tá Dia foighdeach libh
mar nach mian leis go gcaillfí aon dream
ach go dtiocfadh chuile dhuine chun aithrí.”

***********************

An Cheathrú Domhnach den Charghas – 18ú Márta, 2007

Is Grámhar Trócaireach é an Tiarna

Thug an t-athair suim mhór airgid don mhac a b’óige agus d’imigh sé leis ó bhaile.  Ba ghearr go raibh an t-airgead go léir caite go fánach aige ag ól agus ag ragairne lena chairde. Sa deireadh, bhí air dul ag obair ag feilméar sprionlaithe.  Nuair nach raibh blas le n-ithe aige ach beatha na muc, smaoinigh sé ar fhilleadh abhaile ag súil go nglacfaí leis mar bhuachaill aimsire i dteach a athar.
I rith an ama seo, bhíodh an t-athair ag súil i gcónaí go bhfillfeadh a mhac. Nuair a chuala sé go raibh sé ar an mbealach, chuaigh sé amach le fáilte a chur roimhe. Bhí sé chomh ríméadach sin gur ordaigh sé culaith nua éadaigh a chur air. Chuir sé fáinne óir ar a mhéar agus d’ordaigh sé go marófaí an laoi ba raimhre le féasta ceiliúrtha a réiteach ina onóir. Tá grá an athar sa scéal seo do-chreidte. Ach ‘sé Íosa a d’inis é.

Ní raibh chuile dhuine ríméadach, áfach.  Bhí an mac ba shine tar éis fanacht sa mbaile lena athair ag sclábhaíocht ó mhaidin go faoithin.  Bhí seisean ar buile. Ní raibh fonn dá laighead air páirt a ghlacadh sa scléip.  Chuaigh an t-athair amach chuige. “Féach” ar sé lena athair, “Cé méid bliain atá mé ag déanamh seirbhíse duit agus níor thug tú dom fiú mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.”
Nach mbeadh dearcadh duine ar bith againne díreach mar a chéile le dearcadh an dearthára agus b’fhéidir níos measa.

Is maith an rud é nach ionann bealaí Dé agus na bealaí suaracha seo againne. Éistimís le freagra an athar.
“A mhic,” a deir sé, “gach a bhfuil agam, is leatsa é, ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh, mar, bhí an deartháir seo agat marbh
agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.”

Ní h-amháin go maitear don pheacach, ach,
go mbíonn níos mó áthais sna Flaithis
faoi go ndearna duine amháin aithrí ná faoi’n
gcuid eile nach dteastaíonn maiteanas uathu.

“Tús na breithe ag Dia orainn,” a deir an seanfhocal.
Déanadh muid aithrí as ár gcionta féin
agus bíodh muid ag súil go mbeidh Dia
ceansa flaithiúil linn mar is grámhar trócaireach é.

Comments are closed.