Machnamh – Eanair 2007

An Cheathrú Domhnach Saor – Eanair 2007

Misneach
“Le go bhfaigheadh an t-olc an ceann is fearr ar an maith, níl bealach is fearr chuige ach go bhfanfadh daoine maithe ina dtost, gan tada a rá ná a dhéanamh.”
Sa gcéad léacht  in Aifreann an lae inniu, tá cur síos ar Iarmiá, fáidh.
Níor fhan seisean ina thost. D’iarr Dia air labhairt amach in aghaidh an oilc a bhí ann ag an am agus gheall Dia tacaíocht dó.

“Troidfidh siad i d’aghaidh, ach ní bhfaighidh siad bua ort

mar táimse leat agus tusa faoi mo choimirce,” a dúirt an Tiarna leis.

Ba mhinic a bhí fonn ar Iarmiá éirí as. Ach mar gheall ar gur chreid sé
i ngeallúint Dé, d’fhan sé dílis don ghairm a bhí tugtha ag Dia dhó.
Cuireadh in aghaidh Íosa freisin, nuair a labhair sé an fhírinne. Níor chreid muintir Nasair é. Bhí aithne ró-mhaith acu air agus chaith siad droch-mheas air á rá, ”Nach é mac Íosaef é seo?”. Rinne siad iarracht é a mharú ach, d’éirigh leis éaló uathu agus choinnigh sé air ag fógairt teachtaireacht Dé, go dtí sa deireadh gur chuir a náimhde chun báis é ar Chnoc Calvaire.

Tá géar-ghá i gcónaí, le daoine cróga a leanfaidh Iarmiá agus Íosa.
Sa lá atá inniu ann, tá Dia ag braith ar dhaoine mar muide chun labhairt amach  agus dul in aghaidh an tsrutha, mar a déarfá. An bhfuil meas sách mór againn ar an dea-scéal le go mbeadh sé de mhisneach againn fanacht dílis do theachtaireacht Íosa d’ainneoin na ndeachrachtaí?
B’fhiú smaoineamh ar dhaoine a d’fhan dílis don chreideamh nuair nach raibh sé éasca é sin a dhéanamh sa tír seo. Roinnt blianta ó shoin, tharraing an Pápa ár n-aird ar chuid acu sin. Ina measc, bhí beirt as Bhaile Átha Cliath, Mairéad Birmingham agus Francis Taylor. Caitheadh Mairéad isteach i bpríosún i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar gur thug sí dídeán do shagairt agus thug sí deis dóibh Aifreann a léamh ina teach.  Ghoill an cruatan sa bpríosún chomh mór sin ar a sláinte gur bhásaigh sí ann sa mbliain 1584.
Bhí Francis Taylor ina mhéara ar Bhaile Átha Cliath sa mbliain 1595. Cuireadh i bpríosún é nuair a fritheadh amach go raibh sé ina Chaitliceach.  Chaith sé seacht mbliain i bpríosún.  Bhásaigh sé ann sa mbliain 1621 de bharr na droch íde a fuair sé. Bhí sé 70 bliain d’aois.
Nuair a ainmneofar an bheirt seo ina naoimh amach anseo, beidh muid ag cuimhniú ar mhisneach na gcéadta eile nach iad a fuair bás ar son an chreidimh le linn na bPéin Dlíthe in Éireann agus i dtíortha eile.
Idir an dá linn céard fúinn fhéin? An mbeadh sé de mhisneach againne
an fód a sheasamh in aghaidh an oilc?

Previous articleMachnamh – Nollaig 2006
Next articleMachnamh – Feabhra 2007