Machnamh – Nollaig 2006

An Chéad Domhnach den Aidbhint – 3ú Nollaig, 2006

AN AIDBHINT

Inniu an chéad Domhnach den Aidbhint agus tús bliain na hEaglaise. Ciallaíonn an focal ‘Aidbhint’ ‘teacht i ngar’. Leis na cianta, tugtar Aidbhint ar na ceithre seachtainí roimh an Nollaig. Is tréimhse faoi leith í do Chríostaithe le réiteach a dhéanamh do Fhéile na Nollag, nuair a chomórann muid  teacht Íosa ar talamh.

I soiscéal Aifreann an lae inniu, níl trácht ar bith ar theacht Íosa don chéad uair i mBeithil ach breathnaítear ar aghaidh go dtí teacht Íosa athuair le cumhacht agus glóir ag deireadh an domhain. Cuirtear béim ar réiteach. Moltar dúinn a bheith gach uile thráth ar an airdeal agus a bheith ag guí le go mbeidh muid in ann seasamh le lán dóchas os comhair Íosa Críost
nuair a thiocfaidh sé.
Bhí na Giúdaigh ag tnúth le fada leis an Messiah a shlánódh iad óna náimhde agus ó chuile olc. Nuair a tháinig sé ar bhealach nach raibh coinne acu leis, níor aithin a bhformhór é. Bhí siad ró-thógtha suas lena gcúramaí agus a dtuairimí féin. Cuireann Naomh Lúcás i gcuimhne dhúinn sa soiscéal inniu go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh arís. Mar Chríostaithe, ní mór dúinn a bheith i gcónaí ag faire le nach mbeidh ár gcroí ró-thógtha suas le rudaí saolta nó le nósanna peacúla a chuirfeadh an dalla mullóg orainn.
I saol an lae inniu, is fíor annamh a phléitear brí bunúsach na Nollag sna meáin chumarsáide. Ní minic a admhaítear go poiblí gurb é teacht Íosa cúis agus údar an cheiliúrtha. Tá an eaglais ag iarraidh orainn réiteach spioradálta a dhéanamh mar is cóir do theacht Íosa. Sa dara léacht in aifreann an lae inniu, deireann Naomh Pól gurb é an bealach is fearr le é sin a dhéanamh ná grá a bheith againn dá chéile.  Chuir Naomh Pól an- bhéim ar an ngrá sin i gcónaí ina chuid litreacha.

Tugann séasúr na hAidbhinte seans dúinn machtnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil muid ag caitheamh ár saoil agus tugann sé seans dúinn aithrí a dhéanamh má tá ár ngrá dár gcomharsan éirithe lag. Chabhródh sé linn dá bhféadfadh muid roinnt ama a chaitheamh chuile lá i rith na hAidbhinte ag machtnamh ar eachtra i mbheatha Íosa Críost. B’fhéidir go bhféadfadh muid sliocht as an soiscéal a léamh, nó rúndiamhar den phaidrín a rá.

Muna mbíonn sé de rún againn am faoi leith a chaitheamh i gcomhluadar Íosa i rith na hAidbhinte, ná bíodh muid ag súil go bhfáilteoidh muid roimhe mar is cóir faoi Nollaig, nó am ar bith eile. 

**********************

An Dara Domhnach den Aidbhint

10ú Nollaig 2006

Réitigí Bóthar an Tiarna

Bhí an t-impire Tiberius i réim ar impireacht na Róimhe. Bhí Pontius Píoláit ina ghobharnóir i Iúdéa. Bhí Héaród ina rí sa nGailíle agus bhí daoine eile mór le rá i gceannas in áiteacha eile gar d’Israél. Ach i ngan fhios dóibh go léir, bhí eachtra fíor-thábhachtach ag tarló sa bhfiántas ar an taobh thoir d’Abhainn na Iordáine.
Bhí Eoin Baiste ina chónaí sa bhíántas sin agus é ag guí agus ag troscadh. De réir a chéile, thuig sé go raibh gairm faoi leith fáighte ó Dhia aige.
Faoi threoir an Spioraid Naoimh, thosaigh sé ag fógairt ar na daoine éirí as a gcodhladh, a gcuid peacaí a admháil agus aithrí a dhéanamh mar go raibh an Slánaitheoir ar an mbealach.
Blianta roimhe sin, bhí sé geallta ag an bhfáidh Isáia, go gcloisfí glór sa bhfásach ag iarraidh an bealach a réiteach don Tiarna. B’é Eoin Baiste an glór sin. Iad siúd a thug aird air, thuig siad go raibh a theachtaireacht práinneach. Tháinig siad amach ina sluaite chuig Abhainn na Iordáinne lena bpeacaí a admháil agus le baiste na h-aithrí a fháil.

I soiscéal Aifreann an lae inniu, tá Naomh Lúcás ag cur ina luí orainn
nach ar na Giúdaigh amháin a bhí teachtaireacht Naomh Eoin Baiste dírithe. Tá a theachtaireacht comh tábhachtach céanna inniu is a bhí sé dhá mhíle bliain ó shoin. Is cinnte dá mbeadh sé thart sa lá atá inniu ann, go gcuirfeadh sé ag smaoineamh muid ar na fáthanna go bhfuil an iomarca ag dream amháin agus ocras ar an bhfórmhór eile ar fud an domhain. Chuirfeadh sé ceisteanna faoin bhfáth a bhfuil na mílte ag fáil bháis ceall leighis ar HIV nó AIDS, fhad is atá togha gach bia agus rogha gach dí agus cóir leighis ag daoine eile. Chuirfeadh sé ag smaoineamh muid faoin saint, faoin éad agus faoin mhímhacántacht atá go foirleathan ar fud na cruinne.
Ag an am céanna, tá teachtaireacht an dóchais aige dúinn.
Mheabhraíonn sé dúinn go bhfuil ríocht Dé i ngar dúinn i gcónaí.
Tá slánú Dé ar fáil anois díreach ag an té a dhéanann aithrí agus a ghlacann go h-uile is go h-iomlán le teachtaireacht Íosa Críost, Mac Dé. Déanadh muid réiteach ceart spioradálta do theacht Íosa Críost agus beidh an suaimhneas intinne a ghabann le slánú Dé ag chuile dhuine againn
faoi Nollaig.

“Ullmhaíodh muid bóthar an Tiarna,
Déanadh muid díreach a chosáin.
agus feicfidh chuile dhuine slánú Dé.”

*****************************

An Triú Domhnach den Aidbhint – 17ú Nollaig 2006

CÉARD TÁ LE DÉANAMH ?

Domhnach Gaudete

Céard tá le déanamh againn? B’shin í an cheist a bhí i mbéal na ndaoine a tháinig chuig Eoin Baiste ag iarraidh baisteadh na haithrí. Bhí a fhios acu go raibh rud éicint in easnamh ina saol. Bhí siad ag súil go bhfaighidís treoir agus an suaimhneas intinne a theastaigh uathu.

Níor mhol Eoin Baiste dóibh éirí as an obair a bhí acu. Mhol sé dóibh athrú a dhéanamh sa gcaoi ina raibh siad ag comhlíonadh na ndualgaisí a bhain leis an obair sin. Mhol sé do na bailitheoirí cánach gan níos mó a éileamh ná mar a bhí ordaithe dóibh. Mhol sé do na saighdiúirí a bheith sásta lena gcuid pá, gan foiréigean a dhéanamh ar dhuine ar bith agus gan mionn breige a thabhairt. Mhol sé do chuile dhuine a mhaoin a roinnt ar na bochta agus a bheith cóir cneasta leis na comharsana. Ghlac siad le baisteadh na h-aithrí mar chomhartha go raibh ar intinn acu na moltaí sin
a chomhlíonadh.
Níorbh mhian le Eoin Baiste aird a tharraingt air féin.
D’fhógair sé dá lucht leanta go raibh duine níos mó le rá
ná é féin ag teacht ina dhiaidh agus go mbaistfeadh an duine sin
 iad leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Sé Íosa Críost an té a bhí i gceist aige.
Nuair a baistear muide le baisteadh Íosa Críost,
bronntar cumhacht an Spioraid Naoimh orainn.
Tugtar cuireadh dúinn a bheith páirteach le h-Íosa i mbeatha Dé fhéin.

Is cuma cé chomh suarach is atá muid, ní theastaíonn uaidh ach go ligfeadh muid dó a bheith páirteach inár saol. Bhí Íosa sásta le máinséar bocht, an chéad uair a tháinig sé ar an saol seo. Ní gá dúinn, mar sin, moill a dhéanamh sula nglacann muid lena chuireadh a bheith páirteach leis. Le tine an ghrá is féidir leis ár gcionta a mhaitheamh agus ár meoin a athrú, má bhíonn muid sásta aithrí a dhéanamh.

A Dhia an Ghrá, is peacaigh muid. Cuireann muid cosc le do ghrá le éad, saint, mí-fhoighid, fearg agus droch-intinn. Tar chugainn, a Thiarna, agus slánaigh muid ónár gcionta le tine do ghrá.
A Dhia na Beatha, tá muid lag agus bíonn drugall orainn do thoil a dhéanamh mar gheall ar fhaitíos, lag-mhisneach nó éadóchas. Tar chugainn, a Thiarna, agus tabhair dúinn misneach do Spioraid Naoimh.
A Dhia na Glóire, nuair a bhéas ár ré ar an saol seo thart, tar chugainn le muid a fháiltiú isteach i bParrthas na nGrást.

***********************

An Ceathrú Domhnach den Aidbhint – 24ú Nollaig 2006

Muire, Máthair Dé
Chomh luath is a d’fhógair an t-aingeal do Mhuire go raibh a colcheathar
ag iompar clainne, d’éirigh sí agus chuir sí chun bóthar le cuairt a thabhairt ar Éilís.
Ní h-aon ghnáth aistear a bhí le déanamh aici. Bhí Éilís ina cónaí i measc na gcnoc, in Iúdéa. De shiúl na gcos a rinne Muire an chuid is mó den turas, ceithre lá ag dul ann agus ceithre lá ag teach ar ais.
Bhí iontas an domhain ar Éilís nuair a chonaic sí Muire agus dúirt sí,
“Is beannaithe thú idir mná agus is beannaithe toradh do bhroinne.  Agus cén chaoi ar tharla seo dhomsa, máthair mo Thiarna ag teacht chugam?”

Bhí Dia tar éis pribhléid mhór a bhronnadh ar Mhuire tré cuireadh a thabhairt dí bheith ina máthair ag a Mhac, Íosa.  Níorbh é an gradam mór sin ba giorra dá croí, áfach, ach cúnamh a thabhairt do dhaoine eile. Feiceann muid an tréith seo go minic i saol Muire.  Bhí sé le feiceáil ag bainis Cána nuair a thug sí faoi deara nach raibh dóthain fíona ag an lánnúin nua-phósta. Tar éis bás Íosa d’fhan sí dílis do na haspail – bhí sí in éineacht leo sa seomra uachtair go dtí teacht an Spioraid Naoimh.
Nuair a smaoinigh Muire ar na h-éachtaí a rinne Dia dí, mhol sí Dia
agus smaoinigh sí ar na boicht. Thuig sí go maith go mbíonn Dia
i gcónaí ar thaobh na mbocht.  Dúirt sí san amhrán molta sin an Magnificat:

“Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d’ardaigh sé daoine isle.
Líon sé lucht an ocrais le neithe maithe,
agus chuir sé lucht an tsaibhris uaidh folamh.”

Sa lá atá inniu ann, tá Muire ag díriú ár n-aird ar na boicht; orthu siúd atá gan díon gan dídean, gan dóthain le n-ithe, gan chóir leighis ceart.  Tá sí ag súil go mbeidh Críostaithe ar fud an domhain ag déanamh a ndíchill le go mbeidh ceart agus cóir ag chuile dhuine.
Tugann an Nollaig deis dúinn ár mbuíochas a ghabháil le Dia as an méid atá bronnta orainn féin agus machtnamh a dhéanamh ar ár ndualgaisí i leith daoine eile nach bhfuil chomh maith sin as.

Má dhéanann muid ár ndícheall faoi Nollaig cúnamh a thabhairt do dhaoine eile, beidh muid in ann a rá go ríméadach in éineacht le Muire,
“Déanann mo chroí lúcháir sa Tiarna mar rinne sé éachtaí móra dhom.”

**************************

Comments are closed.