Machamh – Deire Fomhair

An 26ú Domhnach Saor – 1ú Deireadh Fómhair, 2006

An Cupán Uisce

Bronnann Dia go leor buanna ar an bpobal le leas an phobail a chur chun cinn.  Is ar mhaithe linn go léir na buanna sin. Ní gá mar sin go n-aireodh aon duine faoi bhagairt ag buanna daoine eile. Fáigheann chuile dhuine againn ár mbuanna féin ó Dhia. Tugtar dúinn saor in aisce iad. Níl le déanamh againne ach glacadh leo le buíochas agus iad a úsáid. Muna ligeann muid dár mbuanna teacht chun foirfeachta, bíonn an pobal níos boichte dá n-uireasa.

Fuair na h-aspail bua an leighis ó Íosa.  Bhí an-mheas ag na daoine orthu mar bhí cumhacht fáighte acu le deamhain a chaitheamh amach agus le míorúiltí eile a dhéanamh.  Ní raibh siad sásta nuair a fuair siad amach go raibh an cumhacht céanna ag daoine eile nach raibh ar bhuíon Íosa.

Mhínigh Íosa dóibh gurb é an rud ba thábhachtaí ná go raibh an mhaith á déanamh. Is cuma cé dhéanann an mhaith is obair Dé í. Mhínigh sé go bhfuil maith san dea-ghníomh is lú a déantar ina ainm. Dúirt sé go mbeadh tuarastal le fáil ag an duine a thugann fiú cupán uisce ina ainm.

Is siombal é ‘an cupán uisce’ den gníomh carthannachta is lú. Ní mórán againn a fháigheann deis gníomhartha móra a dhéanamh i rith ár saoil.  Ach is iomaí deis a fháigheann muid ‘an cupán uisce’ a thabhairt  agus is mór an difríocht a dhéanann sé sin don té atá faoi bhrú. Ní hé méid an bhronntanais is mó a dhéanamh an difríocht, ach an croí fial lena mbronntar é.

Áit ar bith a mbíonn an mhaith á déanamh, tá Ríocht Dé á cothú. Tá an grá, an chóir agus an tsíocháin á gcothú agus tá an pobal go léir níos fearr as dá bharr.

I soiscéal Aifreann an lae inniu tá focla géara le rá ag Íosa faoi’n té a chuireann as don duine a bhíonn ag iarraidh an mhaith a dhéanamh.
Deir sé:
“B’fhearr dó go gceannglófaí bró mhuillinn faoi’n a mhuineál agus go gcaithfí isteach i ndoimhneacht na farraige é.”

Úsáideadh muid na buanna atá bronnta orainn féin agus bíodh muid ríméadach as na buanna a bhronn Dia ar dhaoine eile.

************************************

An 27ú Domhnach Saor – 8ú Deireadh Fómhair, 2006

Íosa agus na Leanaí

In aimsir Íosa, bhí sé de nós ag máithreacha Iúdacha na leanaí a thabhairt chuig Rabbi (máistir) cáiliúil ar a gcéad lá breithe le beannacht a fháil.  Bhí cáil ar Íosa mar Rabbi agus b’shin an fáth gur thug na máithreacha na leanaí chuige.
Bhí na h-aspail imníoch go raibh na gasúir ag cur isteach an iomarca ar Íosa agus rinne siad iarracht stop a chur leo.

Ligigi do na leanaí teacht chugam”, arsa Íosa, “Ná cuirigí stop leo, mar is lena leithéidí seo Ríocht Dé.”

Léiríonn an scéal seo cén cineál duine é Íosa.  Is cinnte gur duine cineálta  a bhí ann. Bhí grá aige do na gasúir agus bhí grá acusan dó. Caithfidh go raibh sé geal-gháireach, spraíúil agus foighdeach freisin.

Ba mhór an meas a bhí ag Íosa ar thréithe na ngasúr.  Thaithnigh a
n-úirísleacht leis. Ní bhíonn aon uabhar nó éirí in airde ag baint le gasúr.
Ní cheapann sé go bhfuil sé níos tábhachtaí ná duine ar bith eile.

Cuireann an leanbh a mhuinín go h-uile is go h-iomlán sa duine fásta. Ceapann sé go mbíonn chuile eolas ag a athair agus go mbíonn an ceart aige i gcónai.  Faraor, ‘sé a mhalairt de scéal a bhíonn aige nuair a théann sé in aois!

Is áluinn an rud é muinín gasúir agus is mór an trua go gcaithfear a mhúineadh dhó go luath, sa lá atá inniu ann, nach féidir chuile dhuine a thrust. Ní bhíonn coinne ag an ngasúr go ndéanfadh duine ar bith dochar dó. Dúirt duine cáiliúil tráth gurb é an t-ionrachas (compliment) ba mhó a tugadh dó riamh nuair a tháinig páiste beag chuige sa tsráid ag iarraidh air ial a bhróige a cheangailt.
Má dhéantar éagóir ar ghasúr,de ghnáth, déanann sé dearmad ar an éagóir go scioptha.  Ní choinníonn sé olc istigh d’éinne ná ní smaoiníonn sé ar dhíoltas a bhaint amach.
Úirísleacht, muinín agus maithiúnas an linbh na tréithe a theastaíonn le dul isteach i Ríocht Dé. Ní mór dúinn na tréithe sin a bheith againn le aithne a chur ar Dhia.

**********************************

An 28ú Domhnach Saor – 15ú Diereadh Fómhair, 2006

Cé tá saibhir?

Lá amháin, tháinig  fear óg saibhir chuig Íosa. Bhí sé tar éis na h-aitheanta a choinneáil óna óige, ach mar sin féin, bhí sé mí-shásta lena shaol. D’airigh sé go raibh rud éicint ar iarraidh.  D’fhiafraigh sé de Íosa céard eile a bhí le déanamh aige le go mbeadh an bheatha shíoraí aige.

Bhreathnaigh Íosa air le grá mór agus dúirt, “Tá aon rud amháin in easpa ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair an t-airgead do na bochta agus beidh stór agat sna flaithis.  Tar ansin agus lean mise.”

Bhain an freagra sin leagan as an bhfear óg. Ní raibh sé sásta an méid sin a dhéanamh.  D’iompaigh sé thart agus d’imigh sé leis go brónach, mar bhí go leor de mhaoin an tsaoil aige. Bhreathnaigh Íosa ar a dheisceabail agus dúirt sé leo, “Nach deacair a bhéas sé ag lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!  Tá sé níos éasca ag camal dul tré cró snáthaide ná ag an té atá saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

Ná bíodh muid ag rá linn féin, ‘Ní bhaineann an scéal sin linne, mar níl mórán de mhaoin an tsaoil againne.’ D’fhéadfadh dearcadh an fhir óig shaibhir a bheith againn agus gan mhaoin ná airgead ar bith againn. D’fhéadfadh muid ár muinín a chur as ár gcuid tuairimí féin nó as ár
n-iarrachtaí féin.  D’fhéadfadh muid a cheapadh gur fiúntaí muid ná daoine eile de bharr na ndea-oibreacha atá déanta againn nó de bharr na bpaidreacha atá ráite againn.

Bhí Íosa ag iarraidh a chur ina luí orainn gur ag Dia amháin atá an cumas muid a shlánú. Deir sé, “Tá an slánú do-dhéanta ag daoine ach níl ag Dia; mar tá chuile shórt so-dhéanta ag Dia.” Ní mór dúinn ár muinín go h-uile is go h-iomlán a chur i nDia.  Ní féidir linn muid féin a shlánú as ár stuaim féin, is cuma cé méid saibhreas maoine nó intinne atá againn.

Chuile bhua atá againn is ó Dhia a thagann sé.  Ní mór dúinn na buanna sin a úsáid, chomh maith agus is féidir linn, ar mhaithe lenár gcomharsan.  Ansin braithimís ar an ngrá atá ag Dhia na Glóire dúinn. Eisean a thabharfas chun na beatha síoráí muid i ndeireadh an lae.

***************************

Domhnach na Misean – 23ú Deireadh Fómhair 2006

Domhnach na Misean

Tá teachtaireacht faoi leith scríofa ag an bPápa Benedict XVI do Dhomhnach na Misean i mbliana. Meabhraíonn sé dúinn go dtugann Domhnach na Misean deis dúinn machtnamh a dhéanamh ar an ngrá atá mar bhunús ag misean Íosa Críost agus ag misean na h-Eaglaise. ‘Mura b’é an grá foinse an mhisin,’ deir sé, ‘tá contúirt ann nach mbeidh in imeachtaí na misinéirí ach oibreacha sóisialta’.

Sé an grá atá ag Dia do chuile dhuine croí lár an tsoiscéil.  Tar éis a aiséirithe, chuir Íosa mar dhualgas ar na h-aspail teachtaireacht an ghrá sin a scaipeadh ar fud an domhain. Tar éis Túirling an Spioraid Naoimh orthu, chrom siad go díograsach ar an obair sin   Ó shin i leith, leanann an Eaglais den misean sin agus tá sé de dhualgas ar chuile dhuine a chreideann i nDia páirt a ghlacadh ann.

Tá grá Dé fite fuaite trí chuile shórt dá bhfuil ann, tríd an dúlra agus trí stair an chine daonna. Is de bharr a ghrá a chruthaigh Dia Ádhamh agus Éabha, fear agus bean. Níor tharraing sé siar a ghrá fiú nuair a pheachaigh siad. Gheall sé go dtiocfadh slánaitheoir a shlanódh iad féin agus a sliocht ina ndiaidh.
Sí Crois Naofa Íosa is mó a fhoillsíonn grá Dé dúinn. Nuair a dhéanann an Críostaí machtnamh ar bhás Íosa ar an gCrois, léirítear dó/dí an treo inar chóir a bheatha a chaitheamh.
Ag an Suipéar Deireannach, d’fhág Íosa aithne nua ag a lucht leanta, ‘Bíodh grá agaibh dá céile.’ Le go mbeidh an grá sin againn, ní mór dúinn maireachtáil i nDia. Thug Íosa an crann finnúna agus na géaga dúinn mar léiriú ar an ndlúth bhaint sin atá againn le Dia. Is trí mhaireachtáil i nDia amháin a bhíonn an duine páirteach i ngrá Dé a chuirfidh an domhan trí lasadh le grá. Chuile dhuine atá ag déanamh iarracht grá Dé a chothú ina chroí agus maireachtáil dá réir, tá sé/sí ag cuidiú le misean Íosa.

Spreagann grá Dé an misinéir le cabhair a thabhairt do na bochta agus dóibh siúd atá ar an imeall.  Fuair go leor sagart, siúracha, bráithre agus tuataí bás máirtírigh i mbun na h-oibre sin ag scaipeadh dea-scéil Íosa in áiteacha contúirteacha i dtíortha i bhfad ó bhaile.
Na misineirí atá ag obair sa ‘line tosaigh’ sa lá atá inniu ann, tá siadsan ag brath go mór ar an dtacaíocht a thugann na daoine sa mbaile dóibh trína bpaidreacha agus a n-íobairtí. Is féidir le óg agus aosta, saibhir agus daibhir, folláin agus mí-fholláin a bheith páirteach, ar an mbealach seo, i scaipeadh soiscéil Dé ar fud an domhain uile.

*****************************

An 30ú Domhnach Saor – 30ú Deireadh Fómhair, 2006

Lean sé Íosa

Chuile lá, chaitheadh Mac Timéas, an fear dall, roinnt ama ina shuí ar thaobh an bhóthair, gar do bhaile Jericho, ag iarraidh déirce. Shúileadh go leor daoine an bóthar sin ar a mbealach go Iarúsaileim le féilte móra na nIúdach a cheiliúradh sa Teampall. Bhíodh Mac Timéas ag braith ar a gcineáltas.

An lá seo, d’airigh sé gleo agus torann ag teacht ina threo.  Bhí a fhios aige go raibh rud as an gnách ag tarló. Nuair a chuala sé go raibh Íosa i measc an tslua, scread sé in ard a chinn is a ghutha, “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm.” Chreid sé gurbh é Íosa an Messiah a bhí geallta teacht leis na céadta bliain.  Bhí súil aige go mbeadh trua ag Íosa dhó, go n-éistfeadh sé lena chás agus go ndéanfadh sé éachtaí dhó.

Bhí náire ar dheisceabail Íosa go raibh duine chomh bocht suarach sin ag cur as d’Íosa. Bhagair siad ar Mhac Timéas a bheith ina  thost.  Ach ní raibh an dall sásta an deis a scaoileadh tharais agus choinnigh sé air ag screadaíl,
“A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.” Stad Íosa agus dúirt sé, “Glaoigí anseo air.” Chaith an fear bocht a chlóca de ar an bpoinnte, d’éirigh sé de léim agus tháinig chuig Íosa. Ní raibh tada de mhaoin an tsaoil seo aige ach bhí rud níos luachmhaire ná ór ná airgead aige. Bhí creideamh láidir aige agus dóchas ina chroí. “Céard a b’áil leat mé a dhéanamh duit?” arsa Íosa leis.
“Rabuni,” a deir sé, “M’amharc a bheith agam.” Thug Íosa amharc na súl dó agus go leor eile le cois.
”Imigh leat,” arsa Íosa leis, “Shlánaigh do chreideamh thú”. Lean Mac Timéas Íosa ar an mbóthar suas go Iarúsailéim, áit a raibh Íosa le go leor a fhulaingt agus bás a fháil ar an gcrois. Bhí sé de mhisneach ag Mac Timéas fanacht dílis d’Íosa in am an chruatain.

A Íosa, a Mhic Dháiví, déan trócaire orainne freisin.
Creideann muid gur tusa solas an tsaoil. Neartaigh an creideamh ionainn le go leanfaidh muid go dílis thú trí shonas agus trí chruatan an tsaoil seo.

**********************

 

 

 

Comments are closed.