Machnamh – Mean Fomhair 3

An Dara Domhnach Fichead Saor – 3ú Meán Fómhair

Aitheanta Dé

Thug Dia deich n-aitheanta do Mhaois lena phobal a threorú ar a mbealach go dti an tír a bhí geallta aige dóibh. B’iad an ‘road map’ a thug sé dóibh.

In aimsir Íosa Críost, bhí breis is 365 dlí le comhlíonadh ag na Giúdaigh. Séard a tharla ná gur choinnigh siad orthu ó aimsir Mhaois i leith ag cur leis na h-aitheanta a thug Dia dóibh. Bíodh a gceannairí, na Fairisínigh agus na Scríobhaithe, ag faire i gcónaí ag féacaint chuige go raibh na dlíthe sin go léir a gcomhlíonadh ag an bpobal. “Coinnigh na dlíthe agus beidh tú slán.” B’shin an dearcadh a bhí acu.  Dá mhéid an líon dlíthe a bhí coinnithe acu, is sea is fearr an seans a bhí acu fáil isteach i bhFlaithis Dé.
Sa gcéad léacht in Aifreann an lae inniu, geallann Maois go mbeidh eagna agus tuiscint ag an té a chomhlíonann aitheanta Dé.  Thuig Maois go mbeadh Dia gar dá phobal agus go dtabharfadh sé slán iad ó chuile olc dá bhfanfaidís dílis do na treoracha a thug sé dóibh.  Ní le ualach trom a leagan orthu a thug Dia na h-aitheanta dóibh, ach le teann grá dóibh.
Le teann grá dósan a chomhlíonfaidís iad.

Ba mhian le h-Íosa a léiriú nach fiú tada é dlíthe a choinneáil le go mbeadh meas ag daoine eile orainn, nó le go n-aireodh muid sásta linn féin.  Is cuma cé méid dli a chomhlíonann muid, muna mbíonn grá inár gcroí againn do Dhia agus dár gcomharsan, is saothar in aisce é.

Tá focla géara le rá ag Íosa le daoine nach bhfuil dáiríre faoi aitheanta Dé a chomhlíonadh lena gcroí go h-iomlán.  Meabhraíonn sé dúinn an tairngaireacht  a rinne Ísiáia, an fáidh, sa Sean Tiomna.

“Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola,”
a deir an Tiarna, “Ach is fada uaim a gcroí.
Is saothar in aisce dóibh
a bheith do m’adhradh.
Óir níl ina dteagasc
ach aitheanta daonna.”

Ná chaitheadh muid aitheanta Dé ar leataobh.  Bíodh ómós againn dóibh. Siad a thugann treoir dúinn le Dia a ghráú lenár gcroí go h-iomlán agus ár gcomharsan a ghráú mar muid féin.

*********************

An Triú Domhnach Fichead Saor – 10ú Meán Fómhair

Cluasa agus Teanga

Ar a bhealach trí cheantar Siodón, tugadh duine bodhar agus briotach chuig Íosa. Leigheas Íosa é, ach rinne sé i bhfad níos mó ná a éisteacht agus a chaint a thabhairt ar ais dó.

Thóg Íosa ar leataobh ón slua é le go bhféadfadh sé a aird go
h-iomlán a thabhairt dó. Chuir sé a mhéaracha isteach ina chluasa agus chuir sé seile ar a theanga. D’ardaigh Íosa a shúile chun na bhflaitheas ag iarraidh cúnaimh ar a Athair. 

Lig sé osna agus dúirt, “Eafata!” focal a úsáidtear ag chuile bhaisteadh agus a chiallaíonn “Osclaítear thú!” Uaidh sin amach, bhí gaol faoi leith idir Íosa agus an fear sin. Mar an gcéanna linne sna sacraimintí, bunaítear gaol faoi leith idir muide agus Íosa

Tá ceacht le foghlaim againn ón scéal seo faoi úsáid na teangan agus na gcluasa. D’fhéadfadh go leor againn dul tríd an saol seo le cluasa nach
n-éisteann agus le teanga nach labhraíonn in am trátha.

Is é an onóir is mó a d’fhéadfadh duine a bhronnadh ar dhuine eile ná cluas le h-éisteacht a thabhairt dhó.  Is é an t-ómós is mó a d’fhéadfaí a thabhairt do Dhia ná éisteacht lena bhriathar. Muna bhfuil muid in ann éisteacht lena chéile, is beag seans a bhéas ann go n-éistfidh muid le Dia.

Is cuid thábhachtach den phaidreoracht é a bheith ag éisteacht. 
In ionad a bheith ag rá paidreacha i gcónaí, teastaíonn tréimhse ama le bheith ar ár suaimhneas ionas go mbeidh muid in ann éisteacht le briathar Dé. Ní mór dúinn a bheith inár dtost freisin le éisteacht lenár gcomharsana.

“Oscail ár gcroí, a Thiarna,
Íosa Críost, le go mbeidh muid
in ann aird a thabhairt ar do
bhriathar.
Tabhair eagna agus tuiscint
dúinn le go mbeidh muid in ann 
éisteacht lena chéile agus
labhairt  in am trátha
Cuidigh linn tú a aithneachtáil i ngnáth-imeachtai ár saoil.

**********************

An Ceathrú Domhnach Fichead Saor – 17ú Meán Fómhair

Lucht Leanúna Íosa

“Mas áil le h-aon duine a bheith i mo chomhluadar, séanadh sé é fein, tógadh sé suas a chrois agus leanadh sé mé,” a deir Íosa i soiscéal Aifreann an lae inniu.

De ghnáth, nuair a chloiseann muid an focal ‘séanadh’, smaoiníonn muid ar throscadh. I rith an Charghais, éiríonn daoine as ól, as milseáin nó b’fhéidir as toitíní. Tá an troscadh sin go maith más comhartha é go bhfuil muid dáiríre faoi Íosa a leanacht, ach, tá i bhfad níos mó i gceist ag Íosa sa bhfocal ‘séanadh’.  Séard tá i gceist aige ná grá do Dhia agus grá don chomharsa agus go minic bíonn sé sin i bhfad níos deacra ná troscadh ó  bhia nó deoch.

Deir Eizicéil, fáidh sa Sean-Tiomna, “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim agus cuir comhartha na croise ar éadan na ndaoine go léir atá buartha mar gheall ar na h-imeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl sa gcathair sin.”

Thaispeáin comhartha na croise ar a n-éadan gur mhian leo aithrí a dhéanamh agus gur mian leo éirí as a mbealaigh peacúla, as éad, saint, drúis, caimiléireacht, cúlchaint, aighneas agus goid. Thaispeáin sé freisin go raibh siad ag tabhairt faoi deara na deacrachtaí a bhí ag brú anuas ar chuid dá gcomharsana  An bhfuil muide sásta ár gcrois a thógáil suas ar an gcuma sin tré éirí as ár mbealaigh peacúla agus rud éicint a dhéanamh faoi  anó na ndaoine nach bhfuil go maith as?

Nuair a bhíonn muid ag streacailt leis an saol, faoi thinneas, faoi bhrón,
faoi anó, nó faoi chathú, luíonn an crois go trom orainn.
Samhlaítear dúinn go minic
ar ócáidí den tsórt sin
go mbíonn Dia i bhfad uainn,
nó nach bhfuil sé ann in aon chor. 
Sin é an t-am is mó a bhíonn sé
gar dúinn. Sin é an t-am is mó
a bhíonn muid páirteach leis ina bheatha, a bhás agus a aiséirí. 
Má bhíonn crois á iompar againn, bíonn Íosa ag iompar na croise sin
in éineacht linn.

**************************

An Cúigiú Domhnach Fichead Saor – 24ú Meán Fómhair 2006

Freastal

Bhí na hAspail ag éisteacht le Íosa ag caint faoin ríocht a bhí á bunú aige agus bhí fonn orthu a bheith chun tosaigh sa ríocht sin.  Ba mhinic iad ag argóint eatarthu féin faoi. Lá dar chuala Íosa iad, dúirt sé leo, ‘An té gur mian leis a bheith chun tosaigh i mo ríocht-sa, ní mór dó freastal ar chuile dhuine.’ Ní ina máistrí ag tromaíocht ar dhaoine a bheadh siad sa ríocht sin ach ag freastal.

Thug Íosa sompla do na h-Aspail ar céard a bhí i gceist aige nuair a chaith sé a shaol ag tabhairt maithiúnas do pheacaithe agus faoiseamh do na
h-easláin.  Chonaic siad é ag níochán a gcosa ag an Suipéar Deireannach.  Chuir sé barr ar sin lena bhás ar an gcrois chéasta.
Sa lá atá inniu ann, tá go leor daoine ag freastal go consiasach agus go grádiamhar ar dhaoine eile ina mbailte fhéin agus ina gcomharsanacht fhéin agus i dtíortha thar lear. Tá aithne againn ar go leor gnáthdhaoine atá ag déanamh na h-oibreacha sin chuile lá. Tá a fhios againn faoi dhaoine ar nós Siúracha an Mháthair Treasa agus Jean Vanier agus daoine eile nach iad.
Sa mbliain 1965, bhí Jean Vanier ag múineadh  feallsúnachta in Ollscoil Toronto i gCanada.  Le linn a shaoire, thug sé cuairt ar chara leis a bhí ina shagart sa bhFrainc. Bhí an sagart sin ina shéiplíneach in institút do fhir mhí-chumasacha.  Ghoill an droch-chuma a bhí ar na fir bhochta sin go mór ar Jean.  Cheannaigh sé teach agus thug sé cuireadh do bheirt fhear mhí-chumasach teacht chun cónaí in éineacht leis. Ba mhian leis áit a chur ar fáil dóibh ina mbeadh cairdeas agus dignit acu.. L’Arche an t-ainm a thug sé ar an teach sin. Ba ghearr go raibh ceithre chéad duine mí-chumasach i dtíthe mar sin aige.  I láthair na h-uaire, tá títhe l’Arche le fáil ar fud an domhain.
Seo mar a deir Jean Vanier: “I gcultúir an lae inniu, breathnaítear ar an saol mar dhréimire.  Tá bun agus barr ar an dréimire sin.  Spreagtar muid chun dreapadh suas, éirí saibhir agus cumhachtach.  Ach, nuair a bhíonn muid inár gcónaí i gomhluadar daoine mí-chumasacha, idir fir agus mná, fáigheann muid amach nach é an dréimire a fheileann mar shamhail (model) don saol ach corp an duine. Sa gcorp tá go leor páirteanna éagsúla agus tá chuile pháirt an-tábhachtach, go fiú an pháirt is lua agus is laige.  Tá a fhios ag an bpáirt is lua agus is laige go bhfuil sé riachtanach agus tábhachtach. Freastal ar dhaoine eile an ghairm atá ag daoine a oibríonn i dtíthe l’Arche. Sí an suáilce is áille i gcroí an duine í.”
Ag cur béime ar an suáilce sin atá Íosa i soiscéal Aifreann an lae inniu.

*************************

Comments are closed.