Machnamh – Iuil 2006

An Triú Domhnach Déag Saor – 2ú Iúil, 2006

Tá Ríocht Dé in gar Dúinn

“Tá Ríocht Dé in gar dúinn.
Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”

B’iad sin focail Íosa agus é ag cur tús lena chuid oibre.
Ní tír, ná píosa talún, ná cnoc, ná oileán i bhfad i gcéin í Ríocht Dé.  Baineann sí le croí an duine, baineann sí le cé chomh dílis is a réitíonn croí agus intinn an duine le meoin agus toil Dé.

I soiscéal Aifreann an lae inniu, feiceann muid Íosa ag glaoch ar a chéad deisceabail.  Ba gnáth dhaoine iad; iascairí a b’ea Peadar, Aindriú, Séamus agus Eoin.  D’fhág siad a gcuid eangachaí, a gcuid bád agus fiú a muintir féin agus lean siad Íosa ar an toirt.
Bhí níos mó moille ná sin orthu ag foghlam faoin gcineál ríochta a bhí i gceist  ag Íosa.  Thóg sé tamall fada orthu a thuiscint nár chumhacht ar nós cumhacht ríthe an domhain seo a bhí i gceist aige ach cumhacht spioradálta. Chonaic siad é ag leigheas na n-easlán, ag tabhairt suaimhneas intinne agus misneach do pheacaithe.  Chuala siad é ag caint faoi ghrá a thabhairt don chomharsa agus don stráinséar, faoin maithiúnas a chaithfí a thabhairt fiú don duine a ghortós iad arís agus arís eile.
Ba fíor-dheacair dóibh a chreidiúint go gcaithfí fulaingt le fáil isteach i Ríocht Dé.  Mhínigh Íosa dóibh go minic go gcaithfeadh sé féin fulaingt, smaoineamh nár bhféidir leo glacadh leis in aon chor.

Ag ár mBaisteadh, ghlaoigh Íosa orainne é a leanacht.
Ní mór dúinn glacadh leis an gcuireadh seo lenár gcroí go h-iomlán mar a rinne na hAspail. Tar éis aiséirí Íosa, chaith siadsan a saol ag cur eolais ar Ríocht Dé agus á fógairt don saol.  Fuair beagnach chuile dhuine acu bás máirtírí ar son an tsoiscéil.
Ní iarrtar ar chuile dhuine againn taisteal ar fud an domhain mhóir ag fógairt an dea-scéil. Ach, iarrtar orainn maireachtáil dá réir agus an
dea-shampla a thabhairt inár gceantar féin, i measc ár gclann agus ár gcomharsan, san ionad oibre agus sa gcaitheamh aimsire.
Ní mór dúinn ár gcrois a thógáil chuile lá agus cur in aghaidh an oilc atá inár gcroí féin. Teastaíonn athrú meoine uainn lenár n-aghaidh a thabhairt ar bhealach Íosa Críost.  Má ghlacann muid le Íosa mar threoraí, ní chlisfidh sé orainn agus beidh a fhios againn go fírinneach go bhfuil Ríocht Dé in gar dúinn.

**************************

An Ceathrú Domhnach Déag Saor – 8ú Iúil, 2006

A Íosa, Stiúraigh Choíche mo Shaol

“Nach é sin mac an tsiúinéara, nach bhfuil aithne mhaith againn ar a mháthair agus a cholcheathracha?” a dúirt muintir Nasarait lena chéile nuair a chuala siad Íosa ag seanmóireacht sa tsionagóg.

Bhí siad tar éis na míorúiltí a rinne Íosa sna bailte thart orthu a fheiceáil agus bhí a fhios acu go raibh cumhacht ósnádúrtha aige, ach ní raibh siad in ann a chreidiúint gur eisean an Slánaitheoir a bhí muintir Israel ag súil leis. Bhí siad den tuairim gur ceannaire míleata a theastódh le iad a shábháilt, ceannaire a chuirfeadh an ruaig ar a náimhde go brách agus a chuirfeadh síocháin ar fáil dóibh.  Níor fhéad siad smaoineamh ar a mhalairt. Níor thuig siad gur suaimhneas intinne agus síocháin ina gcroí fhéin a bhí i gceist agus nár fhéad siad an tsíocháin agus an saoirse sin a thabhairt dóibh fhéin. Níor cheap siad gur theastaigh Slánaitheoir ósnádúrtha uathu.
Sa lá atá inniu ann, tá go leor daoine nach gceapann go dteastaíonn Slánaitheoir uathu. Ceapann siad go bhfuil suaimhneas agus saoirse le fáil sa saibhreas agus sa rachmas. Ní chreideann siad go bhfuil aon bhaint ag Íosa lena ngnáth saol. An té a bhfuil creideamh aige, tuigeann sé gur sa laige is mó a bhíonn cumhacht Dé le feiceáil. B’shin an rud a chlis ar mhuintir Nasarait a aithneachtáil. Ní fhéadaidís glacadh leis go raibh Dia, an Slánaitheoir ina measc mar mhac siúinéara.

Tá pictiúir ann a tharraing ealantóir ag tús na haoise seo, ina léirítear Íosa in sheasamh taobh amuigh de dhoras. Má bhreathnaítear go géar ar an doras, feictear nach bhfuil lámh nó laiste ar bith air.
Is ón taobh istigh amháin a osclaítear é.

Is ón taobh istigh a osclaítear croí an duine
le fáilte a chur roimh Íosa mar Shlánaitheoir,
is cuma cén cruth ina dtagann sé chuige.
D’fhéadfadh sé teacht chugainn trénár
gcomharsa béal dorais nó trén stráinséar.
D’fhéadfadh sé teacht sa tinneas nó
sa ndea-shláinte. D’fhéadfadh sé teacht
chugainn inár bpeacaí le maiteanas.
Siad ár muinín agus ár gcreideamh ina thrócaire agus ina ghrá an eochair a scaoileann ár dTiarna agus ár Slánaitheoir isteach inár gcroí.
An gcreideann mé go dteastaíonn Íosa, an Slánaitheoir uaim?
An scaoilfidh mé isteach é?

******************************

An Cúigiú Domhnach Déag Saor – 16ú Iúil, 2006

Chreid na hAspail

Nuair a sheol Íosa na h-aspail amach leis an dea-scéal a fhógairt, mhol sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an aistir ach maide ina lámh acu, cuaráin ar a gcosa agus clóca ar
a mbráid. Ní chuirfidís a muinín san airgead ná sa léann.
Le cúnamh ó Dhia agus lena a ndea-thoil féin dhéanfaidís teachtaireacht Íosa a chur in iúl dóibh siúd a chasfaí leo.

Chuir daoine áirithe ina n-aghaidh mar go gcuirfeadh teagasc Íosa srian ar a ndroch-iompar.  Thug daoine eile an chluas bhodhar dóibh mar go raibh siad ró-thugtha suas le cúrsaí an tsaoil.  Níor chuir na deachrachtai sin lag-mhisneach ar na
h-aspail. Choinnigh siad orthu mar chreid siad gurbh é Íosa a ghlaoigh orthu agus gurbh é Dia a roghnaigh iad don obair.

Níor chríochnaíodh obair Íosa
le linn saol na n-Aspal;
caithfear an dea-scéal a fhógairt
i chuile aois. Is orainne, Críostaithe,
atá an dualgas sin leagtha anois.
Fáigheann chuile dhuine againne,
Críostaithe, an ghairm nuair a baistítear muid.

Tré bheith cóir, macánta le chuile dhuine a castar orainn, tré maithiúnas a thabhairt don té a ghortaíonn muid, tré ómós mar is ceart a thabhairt do Dhia, don duine agus don dúlra, beidh ár gcreideamh á chur i ngníomh againn. Tabharfaidh ár n-iompar an dea-shompla a chuirfeas daoine ag smaoineamh,’Ní bhíonn ag an duine ach mar a fheiceas sé.’ Tré bheith ag breathnú orainn, b’fhéidir go gcreidfeadh siadsan freisin go bhfuil Dia beo fós.

Cén fáth go mbeadh lag-mhisneach orainn, nár gheall Íosa go mbeadh sé in éineacht lena phobal go dtí deireadh an tsaoil?

****************************

An Seachtú Domhnach Déag Saor – 30ú Iúil, 2006

An tOcras
Sa lá atá inniu ann, is deacair a chreidiúint go bhfuil daoine ag fáil bháis leis an ocras in áiteacha áirithe ar fud an domhain. Cheapfá go mbeadh ceacht foghlamtha againn óna dearmaid a rinneadh san am atá thart agus nach bhfeicfá gorta i dtír ar bith sa lá atá inniu ann. Ach faraoir, ní mar
sin atá.
Is fíor go bhfuil gnáth-mhuintir na hÉireann chun tosaigh ag cur cúnaimh ar fáil do na tíortha atá faoi anró mar go bhfuil cuimhne fós i meoin na ndaoine ar an nGorta Mór. Bheifeá in amhras áfach, faoin scéim atá againn san Eoraip a charnaíonn sléibhte ime, feola agus bainne fhad is atá daoine ag fáil bháis leis an ocras i dtíortha eile.  An bhfuil muid ag cur dóthain brú ortha siúd, a thugann airgead ar iasacht ar ús ard do thíortha bochta, le nach ndéanfaidh siad aisíocaíocht iomlán a éileamh orthu?
Ní hé toil Dé é go mbeadh ocras ar dhuine ar bith.  Tá dóthain bia sa domhan lena sháith a thabhairt do chuile dhuine.  Ach faraoir, bíonn daoine áirithe ag tóiríocht an iomarca cumhachta agus saibhris dóibh féin.  Is de bharr a sainnte sin a bhíonn na bochtáin fágtha ar an ngannchuid.

B’fhéidir go gceapann muid go bhfuil an fhadhb chomh mór sin agus
go bhfuil na daoine cumhachta chomh láidir sin, nach féidir leis
an gnáth dhuine tada a dhéanamh faoi
fhadhb an ocrais agus na h-éagóra.
I soiscéal Aifreann an lae inniu,
tá cur síos ar bhuachaill óg nach
raibh aige ach cúig bhuilín agus dhá iasc.
Nuair a thug sé uaidh iad bhí dóthain
ann le 5,000 duine a bheathú agus é féin san áireamh.
Tré bheith flaithiúil as ár mbeagán, is féidir cosc a chur le sruth na sainnte.
D’fhéadfadh muid freisin, tuilleadh eolais a fháil amach faoi na bealaí inar féidir cúnamh a thabhairt leis na feilméaraí sna tíortha bochta le go bhfuighidís praghas cóir ar an mbia a chuireann siad ar fáil.  B’fhéidir go bhféadfadh muid earraí leis an lipéad ‘Fairtrade’ a cheannach.
Íoctar praghas cóir do na feilméaraí atá páirteach sa bhfachtas sin, rud a chuireann ar a gcumas slí bheatha ceart agus oideachas a sholáthair dá gclann. Is féidir na h-earraí sin a fháil i gcuid de na hollmhargaí anois.
Is féidir ceist a chur faoi ‘FairTrade’ i Super Value nó Tesco an chéad uair eile a théann tú ag siopadóireacht ionta.
De réir a chéile, tógfar Ríocht  ina mbeidh an Chóir, an Grá agus an tSíocháin i réim, ina mbeidh dóthain ar fáil do chuile dhuine againn.  Muna bhfuil muide,Críostaithe, ag déanamh ar ndícheall le sin a chur i gcrích, ní thuigeann muid céard is ciall le teacht Íosa Críost ar talamh.

****************************

Comments are closed.