Am tOchtú Domhnach Déag Saor – 6ú Lúnasa, 2006

Arán  na Beatha

I soiscéal Aifreann an lae inniu, feiceann muid na daoine ar thóir Íosa mar gur mhéadaigh sé líon na mbuilín agus an éisc agus mar gur thug sé neart le n-ithe dhóibh saor in aisce. Ní raibh drugall ar bith ar Íosa a rá leo nach é féin a bhí siad ag tóiríocht ach an béile saor in aisce a thabharfadh sé dóibh.

Mheabhraigh Íosa dóibh go bhfuil bia ann atá níos tábhachtaí ná arán agus iasc.  Léirigh sé dóibh go bhfuil bia ann a mairfidh chun na beatha síoraí agus go bhfuil an bia sin le fáil mar an gcéanna saor in aisce.

“Céard tá le déanamh againn lena fháil?” a d’fhiafraigh siad de.
“Níl le déanamh agaibh ach creidiúint sa té a chuir an t-Athair chugaibh,” a dúirt sé leo.
B’é Íosa a chuir an t-Athair chugainn. Is é Briathar Dé é.  Eisean amháin a shásaíonn an t-ocras agus an tart atá go domhain i gcroí an duine.
Ceist, an mbíonn muide ar nós na daoine i soiscéal Aifreann an lae inniu ? An amhlaí nach ndéanann muid iarracht aithne mar is cóir a chur ar Íosa agus nach n-iompaíonn muid chuige ach amháin nuair a theastaíonn uainn rud éicint saolta a fháil uaidh.

Níl Íosa ag siúl thart mar a bhí sé dhá mhíle bliain ó shoin, ach ní h-ionann sin is a rá nach gcastar orainn é.  Is féidir linn castáil leis sna Scrioptúir.
Is fiú, dá bhrí sin, eolas níos fearr a chur ar na Scriptúir, iad a léamh agus roinnt ama a chaitheamh ag déanamh machtnaimh agus guí orthu.
Ag chuile Aifreann, tagann Íosa inár measc.  Sa gComaoineach Naofa, tugann sé é féin dúinn mar bhia a dhéanfaidh muid a láidriú do bhóthar an tsaoil seo agus a thabharfaidh cúnamh dúinn ár gceann scríbe a bhaint amach sna Flaithis.
Tugann Íosa é féin dúinn go h-uile is go h-iomlán.
Ní féidir leis níos mó a dhéanamh.

“Mise arán na beatha.” a deir sé,
“An té a thagann chugamsa,
ní bheidh ocras air choíche,
agus an té a chreideann ionamsa
ní bheidh tart air choíche.”

*****************

An Claochlú – 6ú Lúnasa

Éistigí Leis.

Bé misean Íosa ar an saol seo ná bua iomlán a fháil ar an olc agus ar an mbás. Thug sé an bua sin chun críche in Iarúsaileim lena pháis agus lena bhás ar an gcrois Aoine an Céasta agus lena a aiséirí Domhnach Cásca.

Sular chuir sé tús lena aistear go Iarúsaileim, thug sé triúr dá dheisceabail, Peadar, Séamas agus Eoin, in éineacht leis suas ar chnoc ag guí.  Tháinig athrú cló ar éadan Íosa agus d’éirigh a chuid éadaigh glégeal, lonrach. Chonaic na deisceabail a ghlóir agus chuala siad é ag caint leis an mbeirt fháidh, Maois agus Eilias faoin a imeacht as an saol seo.

Chuir an radharc sin íontas ar na deisceabail ach níor thuig siad i gceart céard ba bhrí leis.  Cheap siad go raibh ceann scríbe bainte amach ag Íosa. B’shin an fáth go mba mhian leo trí bhoth a thógáil san áit le go mairfeadh an ghlóir a bhí á feiceáil acu. Ansin, tháinig scamall anuas orthu agus chuala siad glór ag rá, “ Is é seo mo Mhac, an té lena bhfuil mé sásta. Éistigí leis.”  Tugadh le fios dóibh nár leor eolas a bheith acu cé hé Íosa,  ach go gcaithfeadh siad éisteacht go cúramach leis agus a chomhairle a ghlacadh.
Bhí ar na hAspail teacht anuas den chnoc
in éineacht le Íosa le tús a chur
leis an aistear go Iarúsailéim,
ait a mbeadh go leor le fulaingt
ag Íosa agus acusan. Bhí orthu
é a leanacht go dtí a bhás ar an
gcrois agus a aiséiri.

Ina a dhiaidh sin, lean siad é ar bhealach na carthannachta ag fógairt an
dea-scéil go dtí deireadh a ré ar an saol seo. B’é an t-údar dóchais a bhí acu go mbeadh páirt acu le Íosa ina aiséirí glórmhar. B’shin a choinnigh ag imeacht iad.

Sé an gairm céanna atá fáighte againne, cé nach raibh de phribléid againne fós Íosa a fheiceáil ina ghlóir ar an gcnoc.  Sén creideamh a choinníonn ag imeacht muid le grá agus seirbhís a thabhairt do dhaoine eile agus ár gcrois féin a iompar mar a rinne Íosa
Go neartaítar ár gcreideamh mar a neartaíodh creideamh na ndeisceabal. Go n-osclaítear ár gcluasa le h-éisteacht le comhairle Íosa Críost, ár gceannródaí ar an mbealach go dtí glóir na beatha síoraí.

****************************

An Naoú Domhnach Déag Saor – 13ú Lúnasa, 2006

Aingle Dé

Duine de na fáidheanna ba mhó sa Sean Tiomna a b’ea Eilias. Bhí sé tar éis an bua a fháil ar fháidheanna bréige Baal ag Cnoc Carmel.  Dá bharr sin, bhí an dearg ghráin ag an mbainríon Iasabel air agus bhí ar intinn aici é a mharú. Theith Eilias go dtí an fíántas, luigh sé siar agus d’iarr sé ar Dhia ligean dó bás a fháil.  Ansin thit sé ina chodhladh.

Chuala Dia a phaidir agus d’fhreagair sé é, ach ní ar an mbealach a bhí ceaptha ag Eilias é.  Sé an chaoi a insítear dúinn é sa Scrioptúr gur chuir Dia aingeal chuige le arán agus uisce.  Thug an bia agus an t- uisce an oiread sin fuinnimh dó gur éirigh sé díreach agus shúil sé an t-aistear fada go dtí Horeb, sliabh naofa Dé.

Is cosúil gurb é a shearbhónta féin
a thug an bia agus an t-uisce do Eilias.
Sé an gnáth-bhealach ina dtaispeánann
Dia a chúram agus a ghrá dúinn go
dtagann a chúnamh chugainn tré dhaoine
eile. Ní i gcónaí a aithníonn muid
cabhair Dé nuair a thagann sé ar an
mbealach sin. Bheadh muid go brách
ag fanacht ar aingeal ó neamh, ach tagann
aingle chugainn beagnach chuile lá i gcolainn daonna.
Tá aithne mhaith againn ar aingle den tsórt sin.

Faigheann muid féin, freisin, an deis le bheith inár n-aingle cúnta do dhaoine eile. Thabharfadh cupan té nó béile te compóird don té atá faoi bhrón nó díoma. Thabharfadh focal molta misneach don té atá thíos.
Tré tamall a chaitheamh in éineacht leis/léi, d’fhéadfaí sólas agus tacaíocht a thabhairt don té atá ag fulaingt. Is aingle iad siúd a dhéanann a leithéid de gníomh carthannach.

Sé Íosa Críost  an t-aingeal is mó a chuir Dia, Ár nAthair, ó neamh chugainn.  Fanann Íosa linn agus tugann sé é féin mar Arán na Beatha dúinn. Tré beathú an aráin sin, beidh muid in ndán don aistear fada go dtí an bheatha shíoraí ar Shliabh Naofa Dé.  Bíodh muinín againn.

***********************

An Fichiú Domhnach Déag Saor – 20ú Lúnasa, 2006

An t-Arán Beo
Ba mhór an scannal dá lucht éisteachta é nuair a chuala siad Íosa ag rá:

“ An t-arán a thabharfaidh mé uaim
is é mo fheoil é a thabharfar ar son beatha an domhain.”

Thosaigh siad láithreach ag aighneas lena chéile faoi cén chaoi a bhféadfadh duine a fheoil féin a thabhairt le n-ithe.

Níor athraigh Íosa na focla a bhí ráite aige, ná ní dhearna sé iarracht iad a mhíniú a thuilleadh.  Ach dheimhnigh sé go láidir nach feidir a bheith páirteach leis ina bheatha mura n-itear a chuid feola agus mura n-óltar a chuid fola.

“Amen. Ámen, a deirim libh, mura a n-itheann sibh feoil Mhac an Duine agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireannach.”

Ba mhian le Íosa a léiriú dúinn gurb é seo an bealach chun an bheatha a fháigheann sé óna Athair a roinnt orainne.

De bharr a bháis agus a aiséirí, ghluais beatha corportha Íosa taobh amuigh d’am agus spás.  Uaidh sin amach, tá a chorp, a ghlac sé chuige i dtosach i mbroinn na Maighdine Muire, páirteach i mbeatha shíoraí Dé.  Séard a gheallann sé a thabhairt dúinn, ná a chorp a tugadh ar ár son agus a fhuil a dóirteadh ar Chnoc Chalvaire agus atá anois faoi ghlóir in éineacht leis an Athair agus an Spiorad Naomh.

Sa gComaoineach Naofa,
sé Íosa an t-arán atá beo anois
le beatha síoraí Dé agus a
chuireann ar ár gcumas a bheith
páirteach leis sa mbeatha shíoraí céanna.

“An té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé/sí go deo.”

************************

An tAonú Domhnach Fichead Saor – 27ú Lúnasa, 2006

Cén Rogha a Dhéanfas Mé?

Bhí cuid de lucht leanúna Íosa nach raibh sásta faoi gur dhúirt sé go gcaithfidís a chuid feola a ithe agus a chuid fola a ól chun go mbeadh an bheatha shíoraí acu.  Chuaigh sé dian orthu a chreidiúint gurb’ shin é an bealach leis an ocras agus an tart spioradálta a bhí ina gcroí a shású.

Is le creideamh amháin is féidir linn glacadh le briathra Íosa agus is grásta ó Dhia an creideamh sin.  Dúirt Íosa fein nach féidir le duine ar bith é a leanacht gan an cumas sin a bheith tugtha dó ag an Athair. Cuirtear an cumas sin ar fáil do chuile dhuine againne, Críostaithe, i Sacraimint an Bhaiste, ach ní mór don duine féin rogha a dhéanamh go nglacfaidh sí/sé leis an ngrásta sin.

Ní bheadh aon mhaith a rá, “Glacfaidh mé leis an gcuid de theagasc Íosa a fheileann dom féin ach ní bhacfaidh mé leis an gcuid atá ró-dheacair dom,” nó “Maithfidh mé a gcoir do chuid de mo náimhde ach beidh mé ag faire díoltais ar an gcuid eile.”

Níor gheall Íosa riamh go mbeadh an bealach a thaispeáin sé dúinn éasca, ach gheall sé go mbeadh an t-ualach éatrom.  Is mian leis go gcuirfeadh muid eolas níos doimhne ar a theagasc agus go ndéanfadh muid iarracht an bhaint atá aige lenár saol  a thuiscint níos fearr.

Ní chuireann Íosa brú ar dhuine ar bith.  Tugann sé cuireadh do go leor.
Nuair a fuair cuid dá lucht leanúna amach go raibh teagasc Íosa ró-dhian dóibh, roghnaigh siad gan é a leanacht níos mó. Níor chuir Íosa d’iachall orthu fanacht.  Thug sé cead a gcos dóibh.

Ansin, d’fhiafraigh sé den dáréag aspail:
“Céard mar gheall oraibhse, an mian libhse imeacht freisin?”

D’ fhreagair Peadar,
“A Thiarna, cé chuige a rachaimid?
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
Creideann muid agus tá a fhios againn gur tusa Aon Naofa Dé.”

Cuireann Íosa an cheist chéanna ar chuile dhuine againne inniu.
“Céard mar gheall ortsa? Cén rogha a dhéanfaidh tusa?

****************************

Comments are closed.