Machnamh – Marta 2006

Déanaigi Aithrí agus Creidigí sa Dea-scéal – 5ú Márta, 2006

Tar éis a Bhaiste in Abhainn na Iordainne, bhí croí Íosa ar bís le tús a chur leis an misean a bhi fáighte aige óna Athair.  Sa bhfásach a chuir sé tús leis an obair sin.
De réir seanchais na ndaoine ag an am, ba sa bhfásach a bhí áit chónaithe ag spiorad an oilc.. Trí dul amach sa bhfásach dó, d’fhógair Íosa cogadh ar spiorad an oilc. Sátan a tugtar ar spiorad an oilc sna Scrioptúir. Sé príomh námhaid Dé é a bhíonn i gcónaí ag cur in aghaidh chuile mhaitheas.

D’fhan Íosa sa bhfásach ar feadh dathad lá agus i rith an ama sin chuir Sátan cathú air. Tugtar le fios dúinn i soiscéal Mharcais gur bhuaigh Íosa air. Deir Marcas, “Bhí sé in éineacht leis na beithigh allta agus bhí na
h-aingle ag freastal air.”  Comhartha iad na h-aingle go raibh Dia ag tabhairt cúnamh d’Íosa sa gcoimhlint.
Cuirtear in iúl freisin nach raibh na h-ainimhthe allta fíochmhar níos mó mar bhí siad i gcuideachta Íosa. Bhí síocháin i réim sa bhfásach mar bhí Dia i gceannas. Na céadta bliain roimhe sin, labhair Isáia, fáidh, faoi theacht an Rí chóir nuair a bheadh an mactíre ina chónaí leis an uan, an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair agus gasúr óg á bhfosaíocht.  Bhítheas ag súil go dtarlódh sé sin nuair a thiocfadh an Slánaitheoir.
Tar éis an bhua a fháil ar Shátan, d’fhógair Íosa an soiscéal ag rá,
”Tá an tréimhse ama caite agus tá ríocht Dé i ngar dúinn.
Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal”

Bhí céad bhabhta an chogaidh thart ach ní raibh Sátan sásta fanacht faoi chois. Tá sé fós ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ach sé ár gcreideamh é go bhfuil an bua fáighte air go brách ag Íosa. Tugann Íosa cuireadh dúinn a bheith páirteach leis sa mbua sin nuair a deir sé linn ag tús an Charghais, “Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”

Déanann muid aithrí nuair a gheallann muid go mbrisfidh muid go h-uile is go h-iomlán leis an olc agus go dtabharfaidh muid grá do Dhia agus dár gcomharsan.  Geallann muid go gcasfaidh muid arais i dtreo Dé.
Cuireadh muid ár muinín in Íosa Críost, an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Seo sean-phaidir a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt duinn le aithrí a dhéanamh.
‘A Íosa, céasadh ar an gcrois
is d’fhulaing tairní cos is lámh,
iompaigh liom is iompód leat, is nár iompaíod uait arís go brách.’

****************************************

An Dara Domhnach den Charghas 12ú Márta, 2006

Is é seo mo Mhac Muirneach. Éistigí leis

Ó aois go h-aois, chuir Dia é féin in iúl ar bhealaí éagsúla, dá phobal tofa, na hIosraelítigh. Rinne sé conradh grá leo nuair a thug sé na deich
n-aitheanta mar bhronntanas do Mhaois.  Ba mhinic dóibh dul ar strae ón gconradh sin, ach níor thréig Dia iad. Chuir sé na fáidheanna chucu le iad a ghlaoch ar ais chuige.  Nuair a taispeánadh Íosa dá dheisceabail ar Chnoc Tabor agus é ag caint le Maois agus Eilias, ba comhartha é go raibh Dia fós an-ghar don chine daonna.

Tháinig crot diaga ar Íosa – d’athraigh a chuid éadaigh dealrach, gléigeal agus bhí a éadan ag lonnradh. Bhí a fhios ag na deisceabail go raibh Dia
i láthair. Tháinig faitíos orthu agus ní raibh a fhios acu céard ba chóir dóibh a dhéanamh. Ba mhian le Peadar fanacht ar an sliabh i gcónaí ag breathnú ar an bhfís a bhí le feiceáil acu.  Níor thuig sé fós céard ba ghairm dheisceabail ann.  Ansin, chualathas glór ón scamall ag rá, “Is é seo mo mhac, éistigí leis.”  Níorbh leor fanacht ag breathnú ar Íosa, bhí orthu éisteacht leis agus a threoir a leanacht.

Go tobann, d’athraigh an fís ach bhí Íosa fós in éineacht leo. Nuair a tugadh le fios dóibh go gcaithfeadh Íosa bás a fháil agus go n-aiséireodh sé, níor thuig siad brí an scéil a bheag nó a mhór. Ní raibh siad fós ag tabhairt dóthain airde ar an nglór ó neamh a dúirt leo, “Éistigí leis.” Níor chuimhnigh siad gur dhúirt Íosa leo níos luaithe, “Más áil le duine ar bith a bheith ar mo fhoireann, séanadh sé é féin, tógadh sé suas a chrois agus leanadh sé mé.”
Is minic muide, Críostaithe, ag déanamh neamhshuim de threoir Íosa freisin. Ní mór dúinn cuimhniú gur chuir Íosa a ghairm bheatha
i gcrích trína bhás agus a aiséirí. Ní féidir linne, a lucht leanúna, éaló ón gcrois ach an oiread. Níl duine ar bith ar an saol seo nach bhfuil pian éicint le fulaingt aige/aici ar an mbealach tríd an saol.

Is ábhar misnigh dúinn é gur thug Íosa cuireadh dúinn ár gcrois a iompar i bpáirt leis fhéin. Is trí iompar na croise amháin a shroisfimid glóir an aiséirithe. Tabharfaidh Íosa cúnamh dúinn má éisteann muid leis. Is aige atá briathra na beatha síoraí.  B’fhiú tréimhse a chaitheamh, chuile lá i rith an Charghais ag éisteacht leis agus ag guí in éineacht leis.

************************

An Tríú Domhnach den Charghas – 19 Márta, 2006

Is Mise an Tiarna do Dhia

Tógadh an Teampall i Iarúsaileim mar áit faoi leith le ómós a thabhairt do Dhia agus le íobairtí a ofráil ann. Istigh ann, bhí Airc an Chonartha, an siombal den ghaol a bhí idir Dhia agus na hIosraelítigh. Pé ar bith áit sa domhan ina raibh muintir Israel, d’ardaíodh siad a smaointe chuig Dia nuair a chuimhníodh siad ar an Teampall. B’áit bheannaithe faoi leith dóibh é.
De réir a chéile, tháinig díoltóirí taobh istigh de bhallaí an Teampaill le ainimhithe a dhíol le h-aghaidh na n-íobairtí. Bhíodh airgead speisialta an Teampaill ag teastáil chun na h-ainimhithe sin a cheannach. B’shin an gnó a bhí ar siúl ag lucht malartú an airgid. Níl sé deacair a shamhailt  an méid gleo agus rírá a bhí ag baint leis na h-imeachtai sin. Mar bharr ar an masla do Dhia, b’iad údaráisí an Teampaill a bhí ag déanamh airgid dóibh féin as an gclampar sin.

Chuir an gnó maslach seo déistean ar Íosa.
Insítear dúinn i soiscéal an lae inniu
go raibh olc air agus gur chuir sé
an ruaig ar an díoltóirí. Bhí Íosa
ag léiriú gur beag beann a bhí ag
údaráisí an Teampaill ar adhradh Dé
agus go raibh an iomarca béim acu
ar chúrsaí airgid. Bhí córas creideamh
an Teampaill titithe chomh mór sin as a chéile
gurbh bheag seans a bhí ann go bhféadfaí é a athnuachaint.
Ní raibh an Teampall ina shiombal éifeachtach níos mó den chonradh
dir Dhia agus an pobal.
B’é Íosa Críost a chuirfeadh brí agus fuinneamh nua ar ais sa gconradh sin. Trína bhás agus a aiséirí, rinne sé dlúthcheangailt do-scaoilte idir Dhia agus an pobal nach bhféadfaí a bhriseadh go brách.  Ní theastódh an Teampall níos mó le íobairtí a ofráil do Dhia.  D’ofráil Íosa an íobairt fhoirfe dá Athair trína bhás ar an gCrois. De bharr ár mBaiste, tá muide rannpháirteach san íobairt sin agus tá ar ár gcumas Dia a adhradh mar is cóir.
A Dhia cabhraigh linn, i rith an Charghais seo, an ruaig a chur ar an tsaint agus ar an gcur i gceill inár saol, le go mbeidh muid in ann tú a adhradh go fírinneach i gcomhpháirt le do Mhac Íosa Críost.

*****************************

An Ceathrú Domhnach den Charghas – 26ú Márta, 2006

Gach duine a chreideann in Íosa,
tá an Bheatha Shíoraí aige.

Tháinig Nicodémus chuig Íosa i ndorchadas na h-oíche. Cé gurb Fairisíneach é féin, bhí faitíos air roimh údaráisí na nIúdach. Ní raibh de mhisneach aige a thaispeáint go h-oscailte go raibh ómós aige do Íosa. Nuair a chonaic sé na míorúiltí a rinne Íosa, thuig sé go raibh Íosa gar do Dhia ach níor chreid sé fós gurb é Mac Dé é.
Labhair Íosa leis faoin athbhreith trí uisce agus an Spiorad a theastódh le go bhféadfadh duine a bheith páirteach i ríocht Dé. Níor thuig Nicodemus fós cén chiall a bhí le athbreith trí uisce agus an Spiorad. B’é a theacht chuig Íosa an chéad chéim dó san aistear fada a bhí le déanamh aige sula mbeadh creideamh iomlán aige in Íosa Críost, Mac Dé.

I soiscéal Aifreann an lae inniu, tá muide ansin sa bpictiúr in éineacht le Nicodémus. Tá Íosa ag meabhrú dúinn an t-aithbhreith trí uisce agus an Spiorad  a bronnadh orainn sa mBaisteadh. Tá sé ag tabhairt cuireadh dúinn glacadh go h-iomlán le grá Dé, ár nAthair, ar mhian leis muid a shlánú agus a thabhairt ar ais chuig an bheatha a bhí ceaptha aige dúinn ón tús agus a cailleadh i ngáirdín Pharthais.

Léirigh Íosa an grá sin sa gcaoi ar chaith sé a shaol ar talamh agus go mór mór tréna bhás ar an gcrois. D’ardaigh Dia suas é san aiséirí agus thóg sé chuige féin é idir corp agus anam sa deasghabháil.  Cuirtear ar ár gcumas a bheith rannpháirteach le h-Íosa san aiseirí sin. Níorbh fhéidir le Dia, ár nAthair níos mó a dhéanamh ar ár son.
Tá an solas in ionad an dorchadais ar fáil dúinn de bharr bás agus aiseirí Íosa. Sé Íosa solas na beatha. Iarrann sé orainn ár muinín a chur ann le go mbeidh muid páirteach leis sa mbeatha sin.

D’éirigh le Nicodémus an t-aistear a dhéanamh ón ndorchadas go dtí an solas.  Nuair ba mhian leis na Fairisínigh Íosa a ghabháil, rinne sé iarracht Íosa a chosaint agus rinne siadsan ceap magaidh de. Bhí sé i láthair arís tar éis bás Íosa. Eisean a chuir na spíosraí agus an tuama ar fáil le h-aghaidh adhacadh Íosa. Sa deireadh, bhí sé de mhisneach aige a admháil go poiblí gurb é Íosa, Mac Dé, Slánaitheoir an domhain.

A Dhia, ár nAthair, is mian linn do Mhac, Íosa Críost, Solas an tSaoil a leanacht. Creideann muid gur de bharr a bheatha, a bhás agus a aiséirí a shlánófar muid ó dhorchadas an pheaca agus a bhainfidh muid an bheatha shíoraí amach.

*************************

Previous articleMachnamh – Feabhra 2006
Next articleMachnamh – March 2006